Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ag gabhail go Cnoc Fola
Title
Ag gabhail go Cnoc Fola
Author(s)
Cionn Fhaolaigh,
Pen Name
Cionn Fhaolaigh
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ag gabhail go Cnoc Fola. Lá de na laethibh dá rabh sinn ar an Choláiste i gCloich Chinn Fhaolaigh rinne triúr againn suas eadrainn fhéin go rachamuis go mullach Chnoc Fola an tráthnóna sin. Cé gur tógadh mise fá thuairim sé nó seacht de mhíltibh ó Chnoc Fola cha rabh mé riamh ar a mhullach; acht ba mhinic mé ag amharc air agus mé 'mo ghasúr, agus ba liom-sa badh mhaith a bheith 'mo shuidhe thuas air dá bhféadfainn. Tugadh cead do na macaibh léighinn ar a trí a chlog. Thug gach aon aghaidh ar an bhaile fá choinne an mheadhon lae. Chan dálta nuair bhíodhmuis as sgoil a bhí orainn. Char fhan sgaifte annsúd agus sgaifte annso ag léimnigh agus ag ciapáil. Leoga, char fhan. An chéad rud anois an meadhon lae. In' dhiaidh sin caitheadh aimsire. I dtráthaibh a ceathair a chlog cé 'tchím ag gabháil thart ag an doras acht an bheirt eile ar a gcuid rothar. B'ádhamhail damh-sa go rabh mo mheadhon lae caithte agam. Marab é go rabh chan ag fanacht leis anois a bhéinn agus an bheirt eile ar shiubhal. Léimim ar mo rothar agus leanaim iad. Char bh'fhada damh gur dhruid mé i n-a n-aice. “Cia aca bealach a bhfuil sibh ag gabhail?” an chéad rud a tháinig as mo bhéal. “Is cuma linn. B'fhéidir go bhfuil sé comh maith againn ghabhail síos bealach Mhachaire an Rabhartaigh agus b'fhéidir go bhféadfamuis ghabhail a shnámh annsin. Nárb' fhearr dhúinn sinn fhéin a nighe annsin má tá ciúin- eas fairrge ar bith ann?” Ceart go leor, síos linn bealach Mhachaire an Rabhartaigh agus síos linn go rabhamar ar an tráigh. Bhí bád as Toraigh annsin ag deanadh réidh le gabhail isteach. Ní rabh a'n deor san fhairrge. Chan fhuil ann acht go mbéadh a fhios agat cé'n áird a rabh an ghaoth as. “Béidh tráthnóna breagh agaibh ag gabhail go Toraigh,” arsa duine againn. “Níl coir ar bith ar an tráthnóna dá mbéadh cóir ann,” arsa duine de'n fhuirinn. Chaith sinn fhéin dínn ar gcuid éad- aigh agus amach a shnámh linn. Fuar go leor a bhí sé go dtí bhfuair sinn sinn fhéin sínte. Ó sin amach ba dheas é. “Gabh faoi,” arsa buachaill óg i dtoiseach an bháid le duine againn fhéin. Acht dheamhan a rabh a fhios ag an té ar labhair sé leis caidé bhí sé a rádh. “Gabh faoi,” arsa seisean ath-uair. Tugadh súil ar fhear an bháid acht ní theachas faoi. “Is cosamhail nach bhfuil Gaedhilg ar bith agaibh,” arsa fear an bháid. “Támuid fada go leor amuigh,” arsa mise. “Isteach linn.” Tháinig sinn isteach agus chuir orainn comh tapaidh is bhí ionainn. Go díreach leis sin cé 'tchímíd ag noch- tughadh chugainn acht Séamus Mac an Bháird. Hinnseadh dó-san caidé dubhairt duine de lucht an bháid linn. “Ó,” arsa seisean, “bhí sé ag iarr- aidh oraibh ghabháil síos faoi'n uisge.” “Seo,” arsa mise, “má's maith libh Cnoc Fola 'fheiceáil, is mithid dúinn bheith ag bogadh.” Ar shiubhal linn agus fuair na rothair. Thug aghaidh siar. I gcionn deich mbuimite bhí an Cnoc le feiceál. Ar dhá thaoibh an bhealaigh mhóir bhí daoine ag cur isteach arbhair. Agus ba bhreagh an tráthnóna aige é. Siar linn giota eile agus casadh sruthán orainn ag imtheacht 'un na fairrge. B'éigin dúinn tuirlingeadh agus na rothair a iomchar anonn trasna an tsrútháin. Bhí cuma air go rabh seort éighinteacht droichid ann am éighineacht. Acht níl ann acht go bhfuil a rian ann anois. “Seo an seort drochead atá agaibh i dTír Chonaill,” arsa duine aca-san liom-sa. Char leig mé orm go gcuala mé caidé dubhairt sé. Siúd de léim gach a'n duine againn 'n-a shuidhe ar a rothar ar ais agus thoisigh cur thart na gcos. Bhí malaidh ghearr- rithte romhainn. Ar dhóigh ar bith, bhain sinn barr na malach amach. Bhí fánaidh linn ní ba mhó go rabhamar ag bun Cnoc Fola. (Chan deireadh). Cionn Fhaolaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services