Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ag gabhail go Cnoc Fola

Teideal
Ag gabhail go Cnoc Fola
Údar
Cionn Fhaolaigh,
Ainm Cleite
Cionn Fhaolaigh
Dáta cumtha
1906
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ag gabhail go Cnoc Fola.



Lá de na laethibh dá rabh sinn ar an
Choláiste i gCloich Chinn Fhaolaigh rinne
triúr againn suas eadrainn fhéin go
rachamuis go mullach Chnoc Fola an
tráthnóna sin.



Cé gur tógadh mise fá thuairim sé
nó seacht de mhíltibh ó Chnoc Fola cha
rabh mé riamh ar a mhullach; acht ba
mhinic mé ag amharc air agus mé 'mo
ghasúr, agus ba liom-sa badh mhaith a bheith
'mo shuidhe thuas air dá bhféadfainn.



Tugadh cead do na macaibh léighinn
ar a trí a chlog. Thug gach aon aghaidh
ar an bhaile fá choinne an mheadhon lae.
Chan dálta nuair bhíodhmuis as sgoil a
bhí orainn. Char fhan sgaifte annsúd
agus sgaifte annso ag léimnigh agus ag
ciapáil. Leoga, char fhan. An chéad
rud anois an meadhon lae. In' dhiaidh
sin caitheadh aimsire.



I dtráthaibh a ceathair a chlog cé
'tchím ag gabháil thart ag an doras
acht an bheirt eile ar a gcuid rothar.
B'ádhamhail damh-sa go rabh mo mheadhon
lae caithte agam. Marab é go rabh
chan ag fanacht leis anois a bhéinn agus
an bheirt eile ar shiubhal. Léimim ar
mo rothar agus leanaim iad.



Char bh'fhada damh gur dhruid mé i
n-a n-aice.



“Cia aca bealach a bhfuil sibh ag
gabhail?” an chéad rud a tháinig as
mo bhéal.



“Is cuma linn. B'fhéidir go bhfuil
sé comh maith againn ghabhail síos
bealach Mhachaire an Rabhartaigh agus
b'fhéidir go bhféadfamuis ghabhail a
shnámh annsin. Nárb' fhearr dhúinn
sinn fhéin a nighe annsin má tá ciúin-
eas fairrge ar bith ann?”



Ceart go leor, síos linn bealach
Mhachaire an Rabhartaigh agus síos linn go
rabhamar ar an tráigh. Bhí bád as Toraigh
annsin ag deanadh réidh le gabhail
isteach. Ní rabh a'n deor san fhairrge.
Chan fhuil ann acht go mbéadh a fhios
agat cé'n áird a rabh an ghaoth as.



“Béidh tráthnóna breagh agaibh ag
gabhail go Toraigh,” arsa duine againn.



“Níl coir ar bith ar an tráthnóna
dá mbéadh cóir ann,” arsa duine de'n
fhuirinn.



Chaith sinn fhéin dínn ar gcuid éad-
aigh agus amach a shnámh linn. Fuar go
leor a bhí sé go dtí bhfuair sinn sinn
fhéin sínte. Ó sin amach ba dheas é.



“Gabh faoi,” arsa buachaill óg i
dtoiseach an bháid le duine againn
fhéin.



Acht dheamhan a rabh a fhios ag an té
ar labhair sé leis caidé bhí sé a rádh.



“Gabh faoi,” arsa seisean ath-uair.



Tugadh súil ar fhear an bháid acht
ní theachas faoi.



“Is cosamhail nach bhfuil Gaedhilg
ar bith agaibh,” arsa fear an bháid.



“Támuid fada go leor amuigh,”
arsa mise. “Isteach linn.”



Tháinig sinn isteach agus chuir orainn
comh tapaidh is bhí ionainn. Go
díreach leis sin cé 'tchímíd ag noch-
tughadh chugainn acht Séamus Mac an
Bháird. Hinnseadh dó-san caidé
dubhairt duine de lucht an bháid linn.



“Ó,” arsa seisean, “bhí sé ag iarr-
aidh oraibh ghabháil síos faoi'n uisge.”



“Seo,” arsa mise, “má's maith libh
Cnoc Fola 'fheiceáil, is mithid dúinn
bheith ag bogadh.”



Ar shiubhal linn agus fuair na rothair.
Thug aghaidh siar. I gcionn deich
mbuimite bhí an Cnoc le feiceál.
Ar dhá thaoibh an bhealaigh mhóir bhí
daoine ag cur isteach arbhair. Agus
ba bhreagh an tráthnóna aige é. Siar
linn giota eile agus casadh sruthán
orainn ag imtheacht 'un na fairrge.
B'éigin dúinn tuirlingeadh agus na rothair
a iomchar anonn trasna an tsrútháin.
Bhí cuma air go rabh seort éighinteacht
droichid ann am éighineacht. Acht níl
ann acht go bhfuil a rian ann anois.



“Seo an seort drochead atá agaibh i
dTír Chonaill,” arsa duine aca-san
liom-sa. Char leig mé orm go gcuala
mé caidé dubhairt sé.



Siúd de léim gach a'n duine againn
'n-a shuidhe ar a rothar ar ais agus thoisigh
cur thart na gcos. Bhí malaidh ghearr-
rithte romhainn.



Ar dhóigh ar bith, bhain sinn barr na
malach amach. Bhí fánaidh linn ní ba
mhó go rabhamar ag bun Cnoc Fola.



(Chan deireadh).



Cionn Fhaolaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services