Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-Phaidreacha ó Chúige Chonnacht
Title
Sean-Phaidreacha ó Chúige Chonnacht
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Uachtar Árd (Bailitheoir)
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sean-Phaidreacha ó Chúige Chonnacht. Molamuid thú, a Mhuire, agus mol- amauid thú aríst, agus molamuid thú, a Bhainríoghain na Glóire atá i mbóithrín na bhFlaitheas ag éisteacht an Phaidrín pháirtigh. D'éirigh Muire bheannuighthe dhá uair roimh an lá, Agus chuaidh chun na tuamba ag caoin- eadh a grádh; Tháinig aingeal ó na Flaithis is coinneall 'n-a dheas-láimh; “'Sé do bheatha, a Mhuire bheannuighthe,” adubhairt Rí geal na nGrást! Sínim ar an leabaidh seo, agus níl 'fhios agam nach í leabaidh mo bháis í; Déanaim faoistin chruaidh leat, a Rí na nGrást Ar a ndearna mé de pheacaidhibh ó oidhche mo bheirthe go hoidhche mo bháis; M'fhiadhnuise ort, a Mhaighdean Mhuire, go bhfuilim ag cur m'anama ar do lámh, A Mhaighdean Mhuire, ná déan dear- mad orm go bráth. Seacht lón reilg Phádraic agus umba Chríosta agus oileán na naomh le hanam 'ch uile chréatúir a baisteadh ariamh le trócaire agus grásta, maitheamhnas agus pár- dún thabhairt do na hanamnachaibh bochta d'fhág an saoghal so agus le n-ár n-anam féin an lá deireannach, le méadughadh ar a nglóiribh, le lagh- dughadh ar a bpiantaibh, le Mac Dé 'gus an Mhaighdean Muire gan fuacht ná fán leigint ar na hanamnachaibh bochta d'fhág an saoghal so, agus Ámen. Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Pheadair ghil! Go mbeannuighidh Dia 's Mhuire dhuit! Cár chodail tú aréir? Mar a chodail Mac Dé. Cá gcodlóchaidh tú i mbárach? Mar chodlóchas Naomh Pádraic Céard sin romhat? Tá na haingle. Céard tá i do láimh dheis? Tá naoi ndeor d'uisge an Domhnaigh a chuir Muire liom ag déanamh eolais do dhoras Phárrthais. Céard tá san teach-san geal annsin? Tá Muire 's a Mhac, Bríghid 's a brat, Mícheál Árd-Aingeal agus a dhá láimh gleigeala thorainn anall. Uachtar Árd do bhailigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services