Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-Phaidreacha ó Chúige Chonnacht

Title
Sean-Phaidreacha ó Chúige Chonnacht
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Uachtar Árd (Bailitheoir)
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sean-Phaidreacha ó Chúige
Chonnacht.



Molamuid thú, a Mhuire, agus mol-
amauid thú aríst, agus molamuid thú, a
Bhainríoghain na Glóire atá i mbóithrín
na bhFlaitheas ag éisteacht an Phaidrín
pháirtigh.



D'éirigh Muire bheannuighthe dhá uair
roimh an lá,
Agus chuaidh chun na tuamba ag caoin-
eadh a grádh;
Tháinig aingeal ó na Flaithis is
coinneall 'n-a dheas-láimh;
“'Sé do bheatha, a Mhuire bheannuighthe,”
adubhairt Rí geal na nGrást!



Sínim ar an leabaidh seo, agus níl 'fhios
agam nach í leabaidh mo bháis í;
Déanaim faoistin chruaidh leat, a Rí
na nGrást
Ar a ndearna mé de pheacaidhibh ó
oidhche mo bheirthe go hoidhche mo
bháis;
M'fhiadhnuise ort, a Mhaighdean Mhuire,
go bhfuilim ag cur m'anama ar do
lámh,
A Mhaighdean Mhuire, ná déan dear-
mad orm go bráth.



Seacht lón reilg Phádraic agus umba
Chríosta agus oileán na naomh le hanam
'ch uile chréatúir a baisteadh ariamh le
trócaire agus grásta, maitheamhnas agus pár-
dún thabhairt do na hanamnachaibh
bochta d'fhág an saoghal so agus le n-ár
n-anam féin an lá deireannach, le
méadughadh ar a nglóiribh, le lagh-
dughadh ar a bpiantaibh, le Mac Dé
'gus an Mhaighdean Muire gan fuacht
ná fán leigint ar na hanamnachaibh
bochta d'fhág an saoghal so, agus Ámen.



Go mbeannuighidh Dia dhuit, a Pheadair
ghil!
Go mbeannuighidh Dia 's Mhuire dhuit!
Cár chodail tú aréir?
Mar a chodail Mac Dé.
Cá gcodlóchaidh tú i mbárach?
Mar chodlóchas Naomh Pádraic
Céard sin romhat?
Tá na haingle.
Céard tá i do láimh dheis?
Tá naoi ndeor d'uisge an Domhnaigh
a chuir Muire liom ag déanamh
eolais do dhoras Phárrthais.
Céard tá san teach-san geal annsin?
Tá Muire 's a Mhac, Bríghid 's a
brat, Mícheál Árd-Aingeal agus a dhá
láimh gleigeala thorainn anall.



Uachtar Árd do bhailigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services