Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tír Chonaill
Title
Tír Chonaill
Author(s)
Rosanach,
Pen Name
Rosanach
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tír Chonaill Is iomdha sin Gaedheal ann a bhfuil dúil aige cuairt a thabhairt ar shean- Tír Chonaill. Badh chóir gur mhó go mór a dhúil ó thárla go bhfosglóchar Coláiste Uladh i gCloich Chionn Fhaoiligh i mbliadhna. Is beag an t-eolas badh chóir do léightheoiríbh an CHLAIDHIMH bheith aca ar an tír seo na nDálach. Ní go hannamh a chualas cuid aca ag rádh gur mhaith leobhtha dá bhféadfadh siad tamall, dá laighead, a chaitheamh fríd ghleann- taibh fiadhaine agus ar shléibhtibh maiseacha Thíre Conaill. Is é atá ag cur buaidheartha orm de'n uair seo, nach bhfuil ionnam cur síos duit, a léightheoir dhílis, ar sheanchus, ar mhaise ná ar aoibhneas na tíre údaigh. Acht badh mhaith liom beagán a rádh ar dhóigh go mbeadh a fhios agat caide an seort áite í. Ar tús cuirim síos nach ionann Tír Chonaill agus Dún na nGall ar chor ar bith. Dún na nGall atá ag Gallaibh mar ainm ar an dúthaigh seo Chonaill Ghulbain agus ar bheagán eile le n-a chois. Is mó mar sin, Dún na nGall 'ná Tír Chonaill. Amharc ar léarsgáil na hÉireann, agus 'tchífidh tú Loch Suilighe agus Loch Feabhail sa tuaisceart. Is beag atá eatortha. Anois, dá ndéanfá claidhe anuas díreach eadar an dá loch bheadh Tír Chonaill ar an taobh thiar dhíot agus Tír Éanda nó Inis Eoghain ar an taobh thoir dhíot. 'Tchífir anois cá bhfuil an áit seo a bhfuil mé ag trácht uirthi. Ba mhór le rádh í nuair bhí an Gaedheal aige fhéin. Ba mhinic a ruagadh Danair bhradacha aisti. Cé nár chualaidh trácht ar Ghearóid Ó Domhnaill agus mar chuir sé an teicheadh ar an arm mhilltineach údaigh na nGall ar mhalaidhibh Chuain tSuilighe? Cionn- eochar cuimhne air an fhad is bhéas an cuan annsin. Is maith is cuimhne liom lá, tá cúpla bliadhain ó shoin, a raibh mé i nDoire Choluim Chille, agus bhí agam le gabhail go Leitir Ceanainn. Bhí sean-rothar agam agus rinne mé amach gurbh' fhearr damh a ghbhail ar an rothar 'ná ar an traen. Mar sin de fá thuairim leath- uair i ndiaidh a naoi thug mé léim ar an traen-rothar agus ar shiubhal liom. Lá te samhraidh a bhí ann, agus bhíodh a fhios agat go rabh allus go leor ag tuitim díom sul a rabhas míle amach as an bhaile. Bhí tart orm fosta, acht casadh tobar ar thaobh an bhealaigh mhóir dhamh agus bhain mé deoch bhreagh as. Bhí gaoth láidir in m'aghaidh ó d'fhágas Doire go rabhas i Leitir Ceanainn. Connaiceas damh fosta go rabh an cnoc in m'éadán. Ar dhóigh ar bith ba bheag an tsuim a chuir mé sa tír a bhí thart fá dtaoibh díom. Thugas cuairt ar Thobar an Dúin. Cá bhfuil duine i dTír Chonaill indiu nach rabh ag Tobar an Dúin? Is iomdha duine tháinig ann bacach breoidhte a d'imthigh slán folláin. Is minic a chualas iad ag trácht ar a rabh de chroisíníbh le feiceáil ann. Thiocfadh daoine ann nach mbeadh ábalta cos a chur fútha a chuirfeadh a ndóchas i nDia, i gColm Cille agus i n-uisge Thobair an Dúin agus bhaineadh siad an baile amach slán agus lúth na gcnámh aca. Ba mhór na miorbhailte do rinneadh ann. Agus an áit a bhfuil an Tobar, déarfá gur neamh-shuimeamhail ar fad amach é. Níl le feiceáil ann acht carraigeacha loma, agus b'fhéidir corr-ghas fraoich annso is annsúd. Ní fada uaidh an áit ar rugadh Colm Cille. Ó, nach minic thug sé cuairt ar an tobar so! Bhí a chroidhe ag réabadh i n-a chliabh agus é ar oileán mara i bhfad uaidh. Cá bhfuightheá Conallach nach mbeadh ar an dóigh chéadna? Ó, a Charraig an Dúin, cha dtig liom glanadh thart gan taoisigh Thíre Conaill d'fheiceáil ar do mhullach agus na Clanna thart ortha. A Aoidh Ruaidh, ba mhór an gleo bhí annso an lá údaigh a chuir an t-airchinneach Ó Firghil an choróin ar do chionn ríoghdha! Réab an mac- alla na sléibhte fá mhílte dhó. Ba mhór iad Clanna Dálaigh asat, agus ba ort b'aire é. A Aoidh Ruaidh Uí Dhomhnaill, ba tusa nár chlaon ariamh do Ghallaibh. Ba tusa bhí go dúr leo, agus go caomh cneasta le do mhuinntir féin. Ó, faraor go dteachaidh tú ariamh ar bórd luinge uainn! Nuair a tháinig an sgéal go rabh tú marbh san Spáinn, chaill Clanna Gaedheal a misneach. Acht, gheobhaidh an Gaedheal a bhéarfas cuairt ar do dhúthaigh misneach go fóil uait. Spreagfaidh tú 'un oibre ar son na tíre boichte cráidhte seo é. Labhairfidh tú an teanga bhlasta bhí dá labhairt le do linn ag aosta agus ag óg. Buidheachas do Dhia nár chaill Tír Chonaill an teanga Gheadhilge ariamh. Tá sí ag na sean-daoinibh comh blasta 's bhí sí i n-aimsir Aoidh Ruaidh. Acht, faraor! cha dtig liom a rádh go bhfuil sí mar sin ag an aos óg. Acht, nach mithid damh bogadh liom siar giota eile? Casfar Cill Mhic nÉanáin orainn, an áit ar tógadh agus ar hoileadh Colm Cille. Ní hiongan- tas dá mbeadh an áit seo beannuighthe is a rádh gurab ann do chaith Colm Cille tús a shaoghail. Tiománaimís linn siar fríd Chloich Chionn Fhaoiligh. Nach deas an tír í? Nach breágh folláin an áit í do mhacaibh léighinn? Ní fada an fhairrge uait. Badh bhreagh an rud cuairt a thabhairt ar Oileán Thoraighe. Tá go leor daoine ann nach rachadh anonn i mbád bheag go dtí é, ar ór ná ar airgead. I dtaca liom fhéin do 'tchítear damh gur dheas a bheith ag gabhail trasna Bhéal Thoraighe lá ciúin foghmhair. Níl sé acht aon nó dó-dhéag de mhíltibh amach ó'n tír mhóir. Níorbh' fhada le Bríghdeoig an tSléibhe Béal Thoraighe nuair bhí inghean Bhaloir druidte suas aige sa tor ar an Oileán. Bíodh eagla ort ghabhail trasna 'un Oileáin nó ná bíodh, b'fhiú duit cuairt a thabhairt air. Nár thóg Colm Cille seacht n-eaglaisí ann? Is beannuighthe ar fad amach an t-oileán é. Ní fios go rabh aicíd na bpréataí ann ariamh. Ní mhaireann luchóga ar an oileán. B'aoibhinn bheith air lá bréagh samhraidh nó foghmhair. Acht níor mhaith liom bheith air lá stoirmeamhail doineannta i meadhon-gheimhridh. Mar sin féin ba dheacair le fear as Toraigh é 'fhágáil. Agus cé bheadh i n-a dhiaidh air? Ní fada Gaoth Dobhair ó Chloich Chionn Fhaoiligh. Is beag duine nach gcualaidh trácht ar Ghaoth Dobhair. Ba chuid de dhúthaigh Mhic Suibhne na dTuagh é. Caithfidh sé gur chaith Aodh Ruadh Ó Domhnaill tamall dá shaoghal faoi seo. Tá locha deasa le feiceáil ann. Seadh, agus deirtear gur faoi seo atá an loch is doimhne ar domhan. Féadfaidhe sin a bheith fíor agus féadfaidhe gan a bheith. Amharc ar an Eargal. Nach breagh árd an cnoc é? Tá loch ar a mhullach. Gheobhthá amharc breagh ar an tír thart fá dtaoibh díot dá mbeitheá ar a mhullach lá nach mbeadh ceo air. Acht is annamh sin lá nach mbíonn ceo air. Tá sé comh maith againn na Rosa a bhaint amach. Gheobhair carraigeacha loma go leor annso. Tá oileáin beaga go fairsing ann fosta. Is ann atá Árainn Mhór. Ba chomhgarach d'Árainn Mhóir a chuir Napper Tandi i dtír an bhliadhain údaigh tháinig sé ó'n Fhrainnc. Is iomdha sin athrughadh a tháinig ar an tsaoghal ó'n am sin fhéin. Agus an t-athrughadh is measa linn an Ghaedhilg ag fágháil bháis gach lá. I n-áit nach bhfuil ann acht go gcluinfeá focal Gaedhilge anois, níl ann acht go gcluinfeá focal Béarla an lá údaigh a chuir Napper Tandi i dtír ann. Dá mbeadh Gaedhilg ag Napper Tandi an lá sin a bhuail sé tír na hÉireann ar chladach Inis Mhic a' Duirn bheadh ath- rughadh sgéil againn thaire mar tá. Thug sé iarraidh muinntir na háite a bhroslughadh 'un buille a bhualadh ar son a dtíre. Níor éirigh leis. Ba i dteangaidh choimhighthigh thug sé iarraidh seo a' dhéanamh. Dá mbeadh an Ghaedhilg aige ní bheadh moill air. Acht tá sé chomh maith againn é 'fhágáil annsin. Siar chois na fairrge bhí ár dtriall ó d'fhág sinn Leitir Ceanainn. Dá mbadh luighe gréine bheadh ann bhéarfá fá deara báid go leor sa bháighe, báid a bheadh ag iasgaireacht bradán, nó sgadán, nó b'fhéidir gur ag iasgair- eacht gliomach a bheadh siad. 'Tchífeá cuid aca faoi sheol, agus cuid eile aca ag cur eangach, nó ag iomramh. Is fada amach 'un na fairrge a théid siad sa tsamhradh nuair bhíonn iasgaireacht na mbradán ar siubhal. Acht fanann siad cois baile fá dheireadh foghmhair agus sa gheimhreadh. Is contabhairteach an rud a bheith ar bhárr fairrge lá geimhridh agus an ghaoth ó thuaidh. Ní fhóirfeadh sé dhuit bheith i bhfad amach lá fá Nodlaig nuair d'athróchadh an ghaoth. Ná bíodh ceist ort nach b'é an fear ba chríonna d'fhanfadh cois cuain. Tá Oileán Uaighe 'sna Rosaibh. Nach ádhamhail gur chuimhnigh mé air? Tá sean-fhocal ag Gaedhealaibh Uladh: “An treas lá de ghaoith tuaidh béidh bealach mór go hUaigh.” Agus ní bréag é. Dá mbeadh an ghaoth ó thuaidh ar feadh trí lá, níorbh' eagal dhuit nach bhfuightheá ghabhail go hUaigh ar an treas lá. Acht chan é an sean-fhocal ba chionntaighe le hOileán Uaighe a thabhairt 'mo chionn. Ó, ní raibh a shaothar air. Acht seo é. Fá thuairim trí mhíle taobh amuigh de'n Oileán tá trí carraigeacha ann. Agus tá ainm na gcarraigeacha sin ag óg agus ag aosta 'sna Rosaibh — b'fhéidir nach rachainn ró-fhada dá n-abrochainn i dTír Chonaill. Tá eagla orm, a léightheoir, nach bhfuil an sgéal atá ag na daoinibh annsúd fá dtaoibh na dtrí gcarraig- eac so i gceart agam. Acht nach mithid damh a n-ainm a thabhairt duit “Na Stags” atá ortha. Triúr deirbhshreach a bhí ann agus cibé tubaiste bhain daobhtha rinneadh trí carraigeacha daobhtha, amuigh annsúd. An lá is ciúine tháinig ariamh badh dheacair dhuit ghabhail amach ar chionn aca, bíonn an fhairrge comh garbh sin fá dtaoibh daobhtha. Deirtear, uair 'sna seacht mbliadhnaibh, go dtabhair- eann siad iarraidh ar Thoraigh a chur le teinidh nó a bháthadh. Má thig leo an t-oileán a bhaint amach gan a'n dhuine á bhfeiceáil tá leo, acht má fheictear iad tá ortha pilleadh go cionn seacht mbliadhna eile. 'Tchítear damh nach ceart agus nach cóir ó thárla go bhfuil mé ar amharc na “dTonna Ceanann” gan an bheag nó an mhór a rádh fa dtaoibh daobhtha. Fá thuairim leath-bhealaigh eadar na Stags agus Toraigh atá na Tonna so. An lá is ciúine tháinig ariamh bhéarfá fa deara iad ag briseadh i n-a gcubhar gheal i bhfad amach 'un na fairrge. Nach hiongantach sin? Agus, mar dubhairt mé thuas, go bhfeicthear an cubhar ortha an lá is ciúine dár shéid gaoth as aer, bíodh sé i n-a bhárrlámh nó i n-a lag trágha! Acht nach mithid dhuit a leightheoir, bheith corrtha díom?
Tá súil agam nach dtóigfear orm é má d'fhan mé ró-fhada 'sna Rosaibh. Is beag duine ann nach maith leis níos mó ama a chaitheadh san áit ar rugadh agus ar tógadh é 'ná i n-áit eile, is cuma liom dá bhreághthacht. Tá eagla orm gur beag a thig liom a rádh fá'n Mhachaire, na Gleannta, Gleann Chuilm Cille nó ó sin go mbeidh tú istigh ar na Ceallaibh Beaga. B'fhéidir go bhfuighim faill am éighinteacht cuairt a thabhairt ar na háiteachaibh seo. Má thugaim, le cuid- eadh Dé, cuirfear síos dhaoibh ar áiln- eacht na taoibhe thiar-dtuaidh de Thír- Chonaill. A Thír Chonaill, cá huair a gheobhair an chliú bhí ort i n-allód ar ais? Má leigeann tú de'n Gheadhilg bás 'fhágháil ní chluinfear iomrádh ort taobh amuigh de'n oileán so. Is minic ghní do chlann mórtas mar gheall ar gurab ar do sléibhtibh garbha agus in do ghleann- taibh glasa agus ar do mhághaibh réidhe tógadh laochra agus fir a rinne mórán ar son a dtíre, agus nár chlaon ariamh i n-aimsir gliadh. Amharc ar Cholm Cille, ar Lughaidh Ó Cléirigh, ar Mhícheál Ó Cléirigh, agus ar an Easbog Ó Gallchobhair. Féach ar a dtearn siad- san ar son a dteangadh. Féach ar a rabh de laochraibh láidre agus d'fhearaibh calma cródha do shíolruigh ó Chonall Gulbain ar do shléibhtibh árda. Le críoch a chur leis seo iarraim ar Chlainn Chonaill spreagadh a ghlacadh agus cuideadh a thabhairt 'un Gaedhealtachta a leathnughadh ó chionn ceann na tíre. Béidh Coláiste Ghaedhilge i n-a measg i mbliadhna. Tabhradh siad lámh cuididh di. Rosanach
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services