Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tír Chonaill

Title
Tír Chonaill
Author(s)
Rosanach,
Pen Name
Rosanach
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tír Chonaill



Is iomdha sin Gaedheal ann a bhfuil
dúil aige cuairt a thabhairt ar shean-
Tír Chonaill. Badh chóir gur mhó go
mór a dhúil ó thárla go bhfosglóchar
Coláiste Uladh i gCloich Chionn Fhaoiligh
i mbliadhna.



Is beag an t-eolas badh chóir do
léightheoiríbh an CHLAIDHIMH bheith aca ar
an tír seo na nDálach. Ní go hannamh
a chualas cuid aca ag rádh gur mhaith
leobhtha dá bhféadfadh siad tamall,
dá laighead, a chaitheamh fríd ghleann-
taibh fiadhaine agus ar shléibhtibh maiseacha
Thíre Conaill.



Is é atá ag cur buaidheartha orm
de'n uair seo, nach bhfuil ionnam cur
síos duit, a léightheoir dhílis, ar
sheanchus, ar mhaise ná ar aoibhneas na
tíre údaigh. Acht badh mhaith liom
beagán a rádh ar dhóigh go mbeadh a
fhios agat caide an seort áite í.



Ar tús cuirim síos nach ionann Tír
Chonaill agus Dún na nGall ar chor ar
bith. Dún na nGall atá ag Gallaibh
mar ainm ar an dúthaigh seo Chonaill
Ghulbain agus ar bheagán eile le n-a chois.
Is mó mar sin, Dún na nGall 'ná Tír
Chonaill. Amharc ar léarsgáil na
hÉireann, agus 'tchífidh tú Loch Suilighe agus
Loch Feabhail sa tuaisceart. Is beag
atá eatortha. Anois, dá ndéanfá
claidhe anuas díreach eadar an dá loch
bheadh Tír Chonaill ar an taobh thiar
dhíot agus Tír Éanda nó Inis Eoghain ar
an taobh thoir dhíot. 'Tchífir anois cá
bhfuil an áit seo a bhfuil mé ag trácht
uirthi. Ba mhór le rádh í nuair bhí an
Gaedheal aige fhéin. Ba mhinic a
ruagadh Danair bhradacha aisti. Cé
nár chualaidh trácht ar Ghearóid
Ó Domhnaill agus mar chuir sé an teicheadh
ar an arm mhilltineach údaigh na nGall
ar mhalaidhibh Chuain tSuilighe? Cionn-
eochar cuimhne air an fhad is bhéas an
cuan annsin.



Is maith is cuimhne liom lá, tá cúpla
bliadhain ó shoin, a raibh mé i nDoire
Choluim Chille, agus bhí agam le gabhail go
Leitir Ceanainn. Bhí sean-rothar
agam agus rinne mé amach gurbh' fhearr
damh a ghbhail ar an rothar 'ná ar an
traen. Mar sin de fá thuairim leath-
uair i ndiaidh a naoi thug mé léim ar
an traen-rothar agus ar shiubhal liom. Lá
te samhraidh a bhí ann, agus bhíodh a fhios
agat go rabh allus go leor ag tuitim
díom sul a rabhas míle amach as an
bhaile. Bhí tart orm fosta, acht
casadh tobar ar thaobh an bhealaigh mhóir
dhamh agus bhain mé deoch bhreagh as. Bhí
gaoth láidir in m'aghaidh ó d'fhágas
Doire go rabhas i Leitir Ceanainn.
Connaiceas damh fosta go rabh an
cnoc in m'éadán. Ar dhóigh ar bith ba
bheag an tsuim a chuir mé sa tír a bhí
thart fá dtaoibh díom.



Thugas cuairt ar Thobar an Dúin.
Cá bhfuil duine i dTír Chonaill indiu
nach rabh ag Tobar an Dúin? Is iomdha
duine tháinig ann bacach breoidhte a
d'imthigh slán folláin. Is minic a
chualas iad ag trácht ar a rabh de
chroisíníbh le feiceáil ann. Thiocfadh
daoine ann nach mbeadh ábalta cos a
chur fútha a chuirfeadh a ndóchas i nDia,
i gColm Cille agus i n-uisge Thobair an
Dúin agus bhaineadh siad an baile
amach slán agus lúth na gcnámh aca. Ba
mhór na miorbhailte do rinneadh ann.
Agus an áit a bhfuil an Tobar, déarfá
gur neamh-shuimeamhail ar fad amach é.
Níl le feiceáil ann acht carraigeacha
loma, agus b'fhéidir corr-ghas fraoich
annso is annsúd.



Ní fada uaidh an áit ar rugadh
Colm Cille. Ó, nach minic thug sé
cuairt ar an tobar so! Bhí a chroidhe
ag réabadh i n-a chliabh agus é ar oileán
mara i bhfad uaidh. Cá bhfuightheá
Conallach nach mbeadh ar an dóigh
chéadna?



Ó, a Charraig an Dúin, cha dtig liom
glanadh thart gan taoisigh Thíre Conaill
d'fheiceáil ar do mhullach agus na Clanna
thart ortha. A Aoidh Ruaidh, ba mhór
an gleo bhí annso an lá údaigh a chuir
an t-airchinneach Ó Firghil an choróin
ar do chionn ríoghdha! Réab an mac-
alla na sléibhte fá mhílte dhó. Ba
mhór iad Clanna Dálaigh asat, agus ba
ort b'aire é. A Aoidh Ruaidh Uí
Dhomhnaill, ba tusa nár chlaon ariamh
do Ghallaibh. Ba tusa bhí go dúr leo,
agus go caomh cneasta le do mhuinntir
féin. Ó, faraor go dteachaidh tú
ariamh ar bórd luinge uainn! Nuair
a tháinig an sgéal go rabh tú marbh san
Spáinn, chaill Clanna Gaedheal a
misneach. Acht, gheobhaidh an Gaedheal
a bhéarfas cuairt ar do dhúthaigh
misneach go fóil uait. Spreagfaidh
tú 'un oibre ar son na tíre boichte
cráidhte seo é. Labhairfidh tú an
teanga bhlasta bhí dá labhairt le do
linn ag aosta agus ag óg. Buidheachas
do Dhia nár chaill Tír Chonaill an
teanga Gheadhilge ariamh. Tá sí ag
na sean-daoinibh comh blasta 's bhí sí i
n-aimsir Aoidh Ruaidh. Acht, faraor!
cha dtig liom a rádh go bhfuil sí mar
sin ag an aos óg.



Acht, nach mithid damh bogadh liom
siar giota eile? Casfar Cill Mhic
nÉanáin orainn, an áit ar tógadh agus
ar hoileadh Colm Cille. Ní hiongan-
tas dá mbeadh an áit seo beannuighthe
is a rádh gurab ann do chaith Colm
Cille tús a shaoghail.



Tiománaimís linn siar fríd Chloich
Chionn Fhaoiligh. Nach deas an tír í? Nach
breágh folláin an áit í do mhacaibh
léighinn? Ní fada an fhairrge uait.
Badh bhreagh an rud cuairt a thabhairt
ar Oileán Thoraighe. Tá go leor
daoine ann nach rachadh anonn i mbád
bheag go dtí é, ar ór ná ar airgead.
I dtaca liom fhéin do 'tchítear damh
gur dheas a bheith ag gabhail trasna
Bhéal Thoraighe lá ciúin foghmhair. Níl
sé acht aon nó dó-dhéag de mhíltibh
amach ó'n tír mhóir. Níorbh' fhada le
Bríghdeoig an tSléibhe Béal Thoraighe
nuair bhí inghean Bhaloir druidte suas
aige sa tor ar an Oileán. Bíodh
eagla ort ghabhail trasna 'un Oileáin
nó ná bíodh, b'fhiú duit cuairt a
thabhairt air. Nár thóg Colm Cille
seacht n-eaglaisí ann? Is beannuighthe
ar fad amach an t-oileán é. Ní fios
go rabh aicíd na bpréataí ann ariamh.
Ní mhaireann luchóga ar an oileán.
B'aoibhinn bheith air lá bréagh samhraidh
nó foghmhair. Acht níor mhaith liom
bheith air lá stoirmeamhail doineannta
i meadhon-gheimhridh. Mar sin féin ba
dheacair le fear as Toraigh é 'fhágáil.
Agus cé bheadh i n-a dhiaidh air?



Ní fada Gaoth Dobhair ó Chloich Chionn
Fhaoiligh. Is beag duine nach gcualaidh
trácht ar Ghaoth Dobhair. Ba chuid de
dhúthaigh Mhic Suibhne na dTuagh é.
Caithfidh sé gur chaith Aodh Ruadh Ó
Domhnaill tamall dá shaoghal faoi seo.
Tá locha deasa le feiceáil ann. Seadh,
agus deirtear gur faoi seo atá an loch is
doimhne ar domhan. Féadfaidhe sin a
bheith fíor agus féadfaidhe gan a bheith.
Amharc ar an Eargal. Nach breagh
árd an cnoc é? Tá loch ar a mhullach.
Gheobhthá amharc breagh ar an tír thart
fá dtaoibh díot dá mbeitheá ar a
mhullach lá nach mbeadh ceo air. Acht
is annamh sin lá nach mbíonn ceo air.



Tá sé comh maith againn na Rosa a
bhaint amach. Gheobhair carraigeacha
loma go leor annso. Tá oileáin
beaga go fairsing ann fosta. Is ann
atá Árainn Mhór. Ba chomhgarach
d'Árainn Mhóir a chuir Napper Tandi
i dtír an bhliadhain údaigh tháinig sé ó'n
Fhrainnc. Is iomdha sin athrughadh a
tháinig ar an tsaoghal ó'n am sin fhéin.
Agus an t-athrughadh is measa linn an
Ghaedhilg ag fágháil bháis gach lá. I
n-áit nach bhfuil ann acht go gcluinfeá
focal Gaedhilge anois, níl ann acht go
gcluinfeá focal Béarla an lá údaigh
a chuir Napper Tandi i dtír ann. Dá
mbeadh Gaedhilg ag Napper Tandi an
lá sin a bhuail sé tír na hÉireann ar
chladach Inis Mhic a' Duirn bheadh ath-
rughadh sgéil againn thaire mar tá.



Thug sé iarraidh muinntir na háite a
bhroslughadh 'un buille a bhualadh ar son
a dtíre. Níor éirigh leis. Ba i
dteangaidh choimhighthigh thug sé iarraidh
seo a' dhéanamh. Dá mbeadh an Ghaedhilg
aige ní bheadh moill air. Acht tá sé
chomh maith againn é 'fhágáil annsin.



Siar chois na fairrge bhí ár dtriall
ó d'fhág sinn Leitir Ceanainn. Dá
mbadh luighe gréine bheadh ann bhéarfá
fá deara báid go leor sa bháighe, báid
a bheadh ag iasgaireacht bradán, nó
sgadán, nó b'fhéidir gur ag iasgair-
eacht gliomach a bheadh siad. 'Tchífeá
cuid aca faoi sheol, agus cuid eile aca
ag cur eangach, nó ag iomramh. Is
fada amach 'un na fairrge a théid siad
sa tsamhradh nuair bhíonn iasgaireacht
na mbradán ar siubhal. Acht fanann
siad cois baile fá dheireadh foghmhair agus
sa gheimhreadh. Is contabhairteach an
rud a bheith ar bhárr fairrge lá geimhridh
agus an ghaoth ó thuaidh. Ní fhóirfeadh sé
dhuit bheith i bhfad amach lá fá Nodlaig
nuair d'athróchadh an ghaoth. Ná bíodh
ceist ort nach b'é an fear ba chríonna
d'fhanfadh cois cuain.



Tá Oileán Uaighe 'sna Rosaibh. Nach
ádhamhail gur chuimhnigh mé air? Tá
sean-fhocal ag Gaedhealaibh Uladh: “An
treas lá de ghaoith tuaidh béidh bealach
mór go hUaigh.” Agus ní bréag é.
Dá mbeadh an ghaoth ó thuaidh ar feadh
trí lá, níorbh' eagal dhuit nach bhfuightheá
ghabhail go hUaigh ar an treas lá. Acht
chan é an sean-fhocal ba chionntaighe le
hOileán Uaighe a thabhairt 'mo chionn.
Ó, ní raibh a shaothar air. Acht seo é.
Fá thuairim trí mhíle taobh amuigh de'n
Oileán tá trí carraigeacha ann. Agus
tá ainm na gcarraigeacha sin ag óg agus
ag aosta 'sna Rosaibh — b'fhéidir nach
rachainn ró-fhada dá n-abrochainn i
dTír Chonaill.



Tá eagla orm, a léightheoir, nach
bhfuil an sgéal atá ag na daoinibh
annsúd fá dtaoibh na dtrí gcarraig-
eac so i gceart agam. Acht nach
mithid damh a n-ainm a thabhairt duit
“Na Stags” atá ortha.



Triúr deirbhshreach a bhí ann agus cibé
tubaiste bhain daobhtha rinneadh trí
carraigeacha daobhtha, amuigh annsúd.
An lá is ciúine tháinig ariamh badh
dheacair dhuit ghabhail amach ar chionn
aca, bíonn an fhairrge comh garbh sin
fá dtaoibh daobhtha. Deirtear, uair
'sna seacht mbliadhnaibh, go dtabhair-
eann siad iarraidh ar Thoraigh a chur le
teinidh nó a bháthadh. Má thig leo an
t-oileán a bhaint amach gan a'n dhuine
á bhfeiceáil tá leo, acht má fheictear
iad tá ortha pilleadh go cionn seacht
mbliadhna eile.



'Tchítear damh nach ceart agus nach cóir
ó thárla go bhfuil mé ar amharc na
“dTonna Ceanann” gan an bheag nó
an mhór a rádh fa dtaoibh daobhtha.
Fá thuairim leath-bhealaigh eadar na
Stags agus Toraigh atá na Tonna so.
An lá is ciúine tháinig ariamh bhéarfá
fa deara iad ag briseadh i n-a gcubhar
gheal i bhfad amach 'un na fairrge.



Nach hiongantach sin?
Agus, mar dubhairt mé thuas,
go bhfeicthear an cubhar ortha an lá is
ciúine dár shéid gaoth as aer, bíodh sé
i n-a bhárrlámh nó i n-a lag trágha!
Acht nach mithid dhuit a leightheoir, bheith
corrtha díom?


L. 06


Tá súil agam nach dtóigfear orm
é má d'fhan mé ró-fhada 'sna Rosaibh.
Is beag duine ann nach maith leis níos
mó ama a chaitheadh san áit ar rugadh
agus ar tógadh é 'ná i n-áit eile, is cuma
liom dá bhreághthacht.



Tá eagla orm gur beag a thig liom
a rádh fá'n Mhachaire, na Gleannta,
Gleann Chuilm Cille nó ó sin go
mbeidh tú istigh ar na Ceallaibh
Beaga. B'fhéidir go bhfuighim faill
am éighinteacht cuairt a thabhairt ar na
háiteachaibh seo. Má thugaim, le cuid-
eadh Dé, cuirfear síos dhaoibh ar áiln-
eacht na taoibhe thiar-dtuaidh de Thír-
Chonaill.



A Thír Chonaill, cá huair a gheobhair
an chliú bhí ort i n-allód ar ais? Má
leigeann tú de'n Gheadhilg bás 'fhágháil
ní chluinfear iomrádh ort taobh amuigh
de'n oileán so. Is minic ghní do
chlann mórtas mar gheall ar gurab ar
do sléibhtibh garbha agus in do ghleann-
taibh glasa agus ar do mhághaibh réidhe
tógadh laochra agus fir a rinne mórán ar
son a dtíre, agus nár chlaon ariamh i
n-aimsir gliadh. Amharc ar Cholm
Cille, ar Lughaidh Ó Cléirigh, ar Mhícheál
Ó Cléirigh, agus ar an Easbog Ó
Gallchobhair. Féach ar a dtearn siad-
san ar son a dteangadh. Féach ar a
rabh de laochraibh láidre agus d'fhearaibh
calma cródha do shíolruigh ó Chonall
Gulbain ar do shléibhtibh árda.



Le críoch a chur leis seo iarraim ar
Chlainn Chonaill spreagadh a ghlacadh agus
cuideadh a thabhairt 'un Gaedhealtachta
a leathnughadh ó chionn ceann na tíre.
Béidh Coláiste Ghaedhilge i n-a measg
i mbliadhna. Tabhradh siad lámh cuididh
di.



Rosanach

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services