Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceapadh Focal
Title
Ceapadh Focal
Author(s)
Ó Nualláin, Tadhg,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ceapadh Focal Cibé scrúduigheas na focla nua atá dhá gceapadh gach uile lá ins na teangachaibh Eorpacha, is léir dó go ndearnadh an chuid ba mhó díobh as fréamh-fhocaliabh Gréagacha, agus gur minic baineadh úsáid as na fréamh-fhoclaibh céadna. Uime sin, má's féidir linn aon- tughadh i dtaobh coda bige dá gcóimh- fhréamhachaibh* Gaedhealacha, ní bhéidh mórán deacrachta ann na focla nua theastuigheas uainn do cheapadh. Mar chonnacamar san gCLAIDHEAMH SOLUIS le déidheannaighe, tá tos- nughadh maith ar an ndeagh-obair seo déanta ag Conall Ceárnach, ag Seaghán Ó Maoláin, agus ag Seosamh Ó Cléirigh cheana. Tá snas maith Gaedh- ealach ar na foclaibh atá ceaptha aca, agus is so-thuigseana so-litrighthe iad freisin. Ag cromadh dúinn ar an obair seo, badh cheart dúinn cuimhniughadh ar an nGearmáinis óir tá a lán nua-fhocal san teangain sin do rinneadh as fréamh-fhoclaibh Almánacha† ar fad, m.sh. Fernrohr, ciandracán; Warme- messer, fromh-theas nó teas-tomhas. Ag seo beart eile nua-fhocal: — 1. Fréamh-fhocal, “-dracán” = “scope” (to view). Biothdracán, bioscope, (life). Cliabhdracán, nó Uchtdracán, stethoscope (breast). Scórndracán, laryngoscope, (larynx). Teanndracán, stereoscope (firm). 2. Fr., “-dracacht” = “-scopy.” Teanndracacht, stereoscopy. 3. Fr., “-grafán” = “-graph“ (noun) (to write). Cianghrafán, telegraph, (far off). Grianghrafán, photograph, (light). Gluasghrafán, cinematograph (to move). 4. Fr. “-grafuighim” = “-graph” (verb). Grianghrafuighim, I photograph. 5. Fr., “-sgéal” = “-gram” (that which is written). Cian-sgéal, telegram. Fras-aer-sgéal, nó Aer-sgéal, Marconigram or message sent by wireless tele- graphy. [Do réir na n-ealadhantóir, 'sé an fras-aer bheireas an sgéal i gcianghrafacht gan shreang- áin.] Cian-ghuth-sgéal, telephonic mes- sage. 6. (a) Fr. “-grafacht” = “-graphy,” m.sh. cianghrafacht, telegraphy. “-grafadóir” = “-grapher,” m.sh. cianghrafadóir, telegrapher. (b) “-eolas” = do., m.sh. tlacht- eolas, geography. “-eolaidhe” = do., m.sh. tlacht- eolaidhe, geographer. * Cóimh-fhréamh, equivalent root. † Almánach, Germanic.
(c) “-sgéal” = do., m.sh. beath-sgéal, biography. “-sgéalaidhe” = do., m.sh. beath- sgéalaidhe, biographer. 7. Fr., “-eolas” = “ology” (discourse). Anam-eolas, psychology, (soul). Beithidh-eolas, zoology (animal). Corp-eolas, physiology (nature). Focal-eolas, philology. Míoltóg-eolas, entomology (insect). Slig-eolas, conchology (shell). Treabh-eolas, ethnology (nation). 8. Fr., “-tomhas” = “-meter” (measure). Gas-tomhas, gasmeter. Rothar-tomhas, cyclometer (circle). Teas-tomhas, thermometer (heat). Ag tagairt do'n gceiset seo, is í mo thuairim go gcuirtear an-chuid oibre ar an bhfocal so “ealadha.” Cuireann cuid dár sgríbhneoiríbh “science” uirthi, agus “scientific” ar “ealadhntach”; cuireann an chuid eile díobh “art” agus “artistic” ortha. Acht ní hionann “science” agus “art”; “I ‘science’ scimus ut sciamus; i n-‘art,’ scimus ut producamus. Uime sin, is féidir lorgaireachta na fírinne do ghlaodhach ar ‘science’ agus ‘art’; acht fiosruigheann an ‘science’ ar son an fheasa, fiosruigheann an ‘art’ ar son ‘an toradh.’” Féach foclóir Uebster, s.v. Science. Is dóigh liom-sa gur ceart “ealadha” do chur ar science, agus “cleas” ar art (cf. Kunst i nGear.); m.sh. “Ealadha na Labhartha” = “The Science of Lan- guage”; “Cleas na Tairngtheoir- eachta” = “The Art of Drawing.” D'fheilfeadh ceárd do “art,” acht “technical” a cuirtear i gcomhnaidhe ar ceárdamhail, agus ní hionann “tech- nical” agus “artistic” i n-aon chor! Tadhg Ó Nualláin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services