Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bruidhean Chéise Chorainn
Title
Bruidhean Chéise Chorainn
Author(s)
Ní Eadhra, Máire,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bruidhean Chéise Chorainn.* (sean-sgéal) Seilg agus fiadhach do comóradh le Fionn mac Cumhaill mhic Airt mhic Thréanmhóir Uí Bhaeiscne le Fiannaibh glan-áilne Gaedheal faoi chríochaibh áilne an Chorainn; agus faoi thuath- aibh lán-mhaiseacha Luighne Uí Eadhra; agus faoi chríochaibh Bhreifne; agus faoi ghleanntaibh daingne do-eolais Dhall- áin; agus faoi chríochaibh cnómhara Chairbre; agus faoi choilltibh daingne Chonchubhair agus faoi mhághaibh réidhe fairsinge Chonaille. Is annsin do shuidh Fionn ma Cumh- aill ar mhullach Chéise áirde an Chor- ainn agus níor fhan i gcuideachta Fhinn an t-am sin acht a dhá choin, .i. Bran agus Sgeolaing, agus Conán Maol mac Mórna. Agus ba bhinn le Fionn an seal sin a bheith ag feitheamh agus ag éist- eacht le guth na ngadhar agus le glaodhach glan glionndarach na bhfear óg agus le glór na laochradh lán-lúthmhar agus le torann na dtréan-fhear agus le feadghail na Féinne faoi choilltibh fiadhaine fásaigh na críche go mba chlos do na coigcríochaibh ba ghoire dhóibh na gártha seilge do leigeadar asta i riocht is gur cuireadh fiadha as fásachaibh agus girr- fhiadha ar mhullaighibh agus sionnaigh ar seachrán agus bruic as brocachaibh agus éin an eiteallaigh agus do leigeadh gach cú fheargach fhíor-nimhneach dá héill faoi'n tulaigh an t-am sin. Is é flaith do bhí ar Cheis an Chor- ainn an tráth sin Conarán mac Imideil, taoiseach de Thuathaibh Dé Danann. Agus nuair a chualaidh sé go raibh na coin ag dul ar seachrán dubhairt sé le n-a thriúr inghean gránda agus iad lán de dhraoidheacht a dhul le díoghaltas bhaint as Fionn mar gheall ar an fhiadhach. Chuaidh na hin- gheana go doras na huamha a bhí ar an tulaigh agus do shuidh siad i gcuideacht' a chéile. Agus do chuireadar trí hiarnaí draoidheachta ar thrí slatrachaibh cama cuilinn, agus do bhíodar 'ghá dtochras ar tuaithbhill i ndoras na huamha. Níor bh'fhada dhóibh mar sin nuair tháinig Fionn agus Conán go dtí béal na huamha *I bhfogus Bhaile an Mhóta i gCo. Shligigh.
go bhfacadar na trí cailleacha ró- ghránda i n-a suidhe ag an obair sin, a dtrí fuilt fhíor-gharbha sgaoilte ortha, a sé súile silteacha sramacha dearga ortha, a dtrí béil dubha droch-chumtha agus fiacla fíor-ghéara fíor-nimhneacha i gcarbad gach droch-mhná díobh; agus a dtrí muinéil cnámh-altacha ag coinn- eál a gceann ar na cailleachaibh sin; a sé lámha lán-fhada ortha agus ba cos- amhail le adharcaibh bun-ramhara barr-ghéara bó gach ionga fhíor-ghránda bhí ar gach méir dhíobh; agus sé cosa cama clumhacha caol-mhéaracha fútha, agus trí coigealeacha cruaidhe géara i n-a lámhaibh aca. Chuaidh Fionn agus Conán thrí na hiarnaíbh leis na cailleacha a fheiceál. Agus tháinig crith an bháis ortha gur chailleadar a neart ar áit na mbonn agus gur ceangluigheadh do daingean do- sgaoilte iad leis na cailleachaibh calma sin. Tháinig beirt eile de'n Fhéinn agus Clann Neamhnainn i n-éinfheacht leo agus tig siad thrí na hiarnaibh an áit a raibh Fionn agus Conán agus do chailleadar a mbrígh agus do ceangluigheadh i gcuibhreach cruaidh leis na cailleachaibh céadna iad. Agus d'iomchradar na curaidh leo ins an uaimh isteach. Níor bh'fhada dhóibh an t-am sin go dtáinig Osgar agus Mac Lugach i láthair agus maithe agus mór-uaisle Chlainne mBaeiscne leo. Tháinig Clanna Mórna freisin do láthair. Ar fheiceál na n-iarnaí dhóibh níor fhan neart mná seolta i n-aon duine dhíobh. Tháinig Clanna Corcráin do láthair agus nuair chonnaic siad na hiarnaí chuaidh a misneach agus a ngaisge ar gcúl mar an gcéadna. Faoi dheireadh thiar thall do ceangluigheadh Clanna Smóil agus an Fhiann uile go léir eadar íseal agus uasal. Rug na cailleacha leo iad i n-a bpríosúnachaibh creapallta cean- gailte i bpollaibh dubha agus i n-uaimh- eachaibh dorcha do-eolais. Acht do b'iomdha glám con i ndoras na huamha ag iarraidh a máighistir agus a dtighearnaí i n-éis a n-imtheachta agus a n-aistir. Agus do b'iomdha fiadh créachtach cnámh-ghearrtha agus muc allta marbtha agus broc agus girr- fhiadh ar thaobh na tulcha i n-éis lucht a n-iomchurtha a bheith ceangailte. Is annsin a tháinig na mná móra míleadhta mear-chalma sin go dtí an áit a raibh an Fhiann ceangailte agus trí claidhmhthe cruaidhe clais-leithne i n-a láimh aca. Agus dhearcadar uatha ar gach taobh ag féachaint an bhfeiceadh siad éinne d'Fhiannaibh Éireann go gcuirfidís chun báis é. Agus ó nach bhfuaireadar sin do b'áil leo a dhul isteach san mbruidhin leis an Fhiann a chosgairt agus a ghearradh i n-a bpíosaibh gan truagh gan trócaire. Níor chian dóibh amhlaidh go bhfacadar an t-aon-óglach mór míleadhta mear- chalma déid-geal chuca; an leomhan lúthmhar lán-fheargach agus an lóchrann lonnrach lá an ruathair, .i. Goll mór- mheanmnach mac Mórna. Agus ar n-a fheiceál do'n triúr ban dubh droch- chumtha tháinig siad de sgiotán i n-a aircis agus d'fhearadar gleo gáibhtheach géar gráineamhail le n-a chéile. D'fhás bánaidhe mhór ar Gholl agus ghabh de bhuillíbh marbhtha agus de bhéimeannaibh borba ar na mnáibh fíochmhara fíor- ghránda sin gur thóig a chlaidheamh clais-leathan colg-dhíreach agus thug béim láidir do na cailleachaibh bhí ar a aghaidh, .i. Caemóg agus Cuilleann ceann- ruadh go ndearna sé dhá chuid dhíobh d'aon bhéim sin. Agus ba é sin an treas buille ba mhó tugadh i nÉirinn ariamh, .i. buille thug Feargus mac Rosa ins an gcath deiridh do Tháin Bó Cuailgne i n-ar ghearr sé “Trí Maola Midhe,” d'aon-bhéim amháin; agus buille Chonailll Chearnaigh de Chet mac Magach agus an buille seo Ghuill Mhic Mhórna d'ar mharbh sé Caemóg agus Cuilleann ceann-ruadh dhá inghin Chonaráin Mhic Imideil. (Tuilleadh). Máire Ní Eadhra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services