Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bruidhean Chéise Chorainn

Title
Bruidhean Chéise Chorainn
Author(s)
Ní Eadhra, Máire,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bruidhean Chéise Chorainn.*
(sean-sgéal)



Seilg agus fiadhach do comóradh le
Fionn mac Cumhaill mhic Airt mhic
Thréanmhóir Uí Bhaeiscne le Fiannaibh
glan-áilne Gaedheal faoi chríochaibh
áilne an Chorainn; agus faoi thuath-
aibh lán-mhaiseacha Luighne Uí Eadhra;
agus faoi chríochaibh Bhreifne; agus faoi
ghleanntaibh daingne do-eolais Dhall-
áin; agus faoi chríochaibh cnómhara
Chairbre; agus faoi choilltibh daingne
Chonchubhair agus faoi mhághaibh réidhe
fairsinge Chonaille.



Is annsin do shuidh Fionn ma Cumh-
aill ar mhullach Chéise áirde an Chor-
ainn agus níor fhan i gcuideachta Fhinn an
t-am sin acht a dhá choin, .i. Bran agus
Sgeolaing, agus Conán Maol mac
Mórna. Agus ba bhinn le Fionn an
seal sin a bheith ag feitheamh agus ag éist-
eacht le guth na ngadhar agus le glaodhach
glan glionndarach na bhfear óg agus le
glór na laochradh lán-lúthmhar agus le
torann na dtréan-fhear agus le feadghail
na Féinne faoi choilltibh fiadhaine
fásaigh na críche go mba chlos do na
coigcríochaibh ba ghoire dhóibh na gártha
seilge do leigeadar asta i riocht is
gur cuireadh fiadha as fásachaibh agus girr-
fhiadha ar mhullaighibh agus sionnaigh ar
seachrán agus bruic as brocachaibh agus éin
an eiteallaigh agus do leigeadh gach cú
fheargach fhíor-nimhneach dá héill faoi'n
tulaigh an t-am sin.



Is é flaith do bhí ar Cheis an Chor-
ainn an tráth sin Conarán mac
Imideil, taoiseach de Thuathaibh Dé
Danann. Agus nuair a chualaidh sé
go raibh na coin ag dul ar seachrán
dubhairt sé le n-a thriúr inghean
gránda agus iad lán de dhraoidheacht a
dhul le díoghaltas bhaint as Fionn mar
gheall ar an fhiadhach. Chuaidh na hin-
gheana go doras na huamha a bhí ar an
tulaigh agus do shuidh siad i gcuideacht' a
chéile. Agus do chuireadar trí hiarnaí
draoidheachta ar thrí slatrachaibh cama
cuilinn, agus do bhíodar 'ghá dtochras ar
tuaithbhill i ndoras na huamha. Níor
bh'fhada dhóibh mar sin nuair tháinig
Fionn agus Conán go dtí béal na huamha



*I bhfogus Bhaile an Mhóta i gCo. Shligigh.


L. 06


go bhfacadar na trí cailleacha ró-
ghránda i n-a suidhe ag an obair sin, a
dtrí fuilt fhíor-gharbha sgaoilte ortha,
a sé súile silteacha sramacha dearga
ortha, a dtrí béil dubha droch-chumtha
agus fiacla fíor-ghéara fíor-nimhneacha i
gcarbad gach droch-mhná díobh; agus a
dtrí muinéil cnámh-altacha ag coinn-
eál a gceann ar na cailleachaibh sin;
a sé lámha lán-fhada ortha agus ba cos-
amhail le adharcaibh bun-ramhara
barr-ghéara bó gach ionga fhíor-ghránda
bhí ar gach méir dhíobh; agus sé cosa
cama clumhacha caol-mhéaracha fútha, agus
trí coigealeacha cruaidhe géara i n-a
lámhaibh aca.



Chuaidh Fionn agus Conán thrí na
hiarnaíbh leis na cailleacha a fheiceál.
Agus tháinig crith an bháis ortha gur
chailleadar a neart ar áit na mbonn
agus gur ceangluigheadh do daingean do-
sgaoilte iad leis na cailleachaibh
calma sin. Tháinig beirt eile de'n
Fhéinn agus Clann Neamhnainn i n-éinfheacht
leo agus tig siad thrí na hiarnaibh an áit
a raibh Fionn agus Conán agus do chailleadar
a mbrígh agus do ceangluigheadh i
gcuibhreach cruaidh leis na cailleachaibh
céadna iad. Agus d'iomchradar na
curaidh leo ins an uaimh isteach.



Níor bh'fhada dhóibh an t-am sin go
dtáinig Osgar agus Mac Lugach i láthair
agus maithe agus mór-uaisle Chlainne
mBaeiscne leo. Tháinig Clanna
Mórna freisin do láthair. Ar fheiceál
na n-iarnaí dhóibh níor fhan neart mná
seolta i n-aon duine dhíobh. Tháinig
Clanna Corcráin do láthair agus nuair
chonnaic siad na hiarnaí chuaidh a
misneach agus a ngaisge ar gcúl mar an
gcéadna. Faoi dheireadh thiar thall
do ceangluigheadh Clanna Smóil agus an
Fhiann uile go léir eadar íseal agus
uasal. Rug na cailleacha leo iad i
n-a bpríosúnachaibh creapallta cean-
gailte i bpollaibh dubha agus i n-uaimh-
eachaibh dorcha do-eolais.



Acht do b'iomdha glám con i
ndoras na huamha ag iarraidh a
máighistir agus a dtighearnaí i n-éis a
n-imtheachta agus a n-aistir. Agus do
b'iomdha fiadh créachtach cnámh-ghearrtha
agus muc allta marbtha agus broc agus girr-
fhiadh ar thaobh na tulcha i n-éis lucht a
n-iomchurtha a bheith ceangailte. Is
annsin a tháinig na mná móra
míleadhta mear-chalma sin go dtí an
áit a raibh an Fhiann ceangailte agus trí
claidhmhthe cruaidhe clais-leithne i n-a
láimh aca. Agus dhearcadar uatha
ar gach taobh ag féachaint an
bhfeiceadh siad éinne d'Fhiannaibh
Éireann go gcuirfidís chun báis é.
Agus ó nach bhfuaireadar sin do b'áil
leo a dhul isteach san mbruidhin leis
an Fhiann a chosgairt agus a ghearradh i
n-a bpíosaibh gan truagh gan trócaire.



Níor chian dóibh amhlaidh go bhfacadar
an t-aon-óglach mór míleadhta mear-
chalma déid-geal chuca; an leomhan
lúthmhar lán-fheargach agus an lóchrann
lonnrach lá an ruathair, .i. Goll mór-
mheanmnach mac Mórna. Agus ar
n-a fheiceál do'n triúr ban dubh droch-
chumtha tháinig siad de sgiotán i n-a
aircis agus d'fhearadar gleo gáibhtheach
géar gráineamhail le n-a chéile. D'fhás
bánaidhe mhór ar Gholl agus ghabh de
bhuillíbh marbhtha agus de bhéimeannaibh
borba ar na mnáibh fíochmhara fíor-
ghránda sin gur thóig a chlaidheamh
clais-leathan colg-dhíreach agus thug
béim láidir do na cailleachaibh bhí ar
a aghaidh, .i. Caemóg agus Cuilleann ceann-
ruadh go ndearna sé dhá chuid dhíobh
d'aon bhéim sin. Agus ba é sin an
treas buille ba mhó tugadh i nÉirinn
ariamh, .i. buille thug Feargus mac
Rosa ins an gcath deiridh do Tháin Bó
Cuailgne i n-ar ghearr sé “Trí Maola
Midhe,” d'aon-bhéim amháin; agus buille
Chonailll Chearnaigh de Chet mac
Magach agus an buille seo Ghuill Mhic
Mhórna d'ar mharbh sé Caemóg agus
Cuilleann ceann-ruadh dhá inghin
Chonaráin Mhic Imideil.



(Tuilleadh).



Máire Ní Eadhra.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services