Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guth ó Shan Francisco
Title
Guth ó Shan Francisco
Author(s)
Ó Conghaile, Mícheál,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Bealtaine 12, 1906. Guth ó Shan Francisco. Seo litir fuaramar na laetheann- ta so ó Ghaedheal óg as Inismeadhoin Árainn atá i San Francisco le tam- all. Ní gábhadh dhúinn focal do chur leis nó do bhaint de: “San Francisco (nó an áit a raibh sé). “A Fhir an CHLAIDHIMH, “Seol an CLAIDHEAMH chugam go dtí 1376 Twelfth Street, Oak- land, Cal., go gcloisfidh tú uaim arís. Bhí crith-talmhan cumasach againn annso agus bhí an chathair mhór so 'n-a caoir theinntighe tamall beag 'n-a dhiaidh. Níor bh'fhiú biorán oidhche na stoirme móire fad ó le hais an chreachta bhí annso. Chuir sé sgannradh agus creathadh i gcroidhthibh nach raibh a fhios aca céard é roimhe sin. Tá an chathair anois mar bheadh muirbheach mhór nó cimín leathan 'n-a mbeadh caisleáin árda sgaipthe thríd go flúirseach. Marbhuigheadh mórán ó thuitim tighthe is gortuigheadh cuimse, agus tá na céadta sgrúdta le tart agus an sliabh-ghorta ar na míltibh. Tá biadh agus deoch ag teacht isteach indiu go flúirseach ó chathrachaibh eile nach raibh chomh mí-fhortúnach leis an gcathair seo. Buidheachas le Dia go raibh an Craoibhín, a chéile, agus Tomás Bán imthighthe as an gcathair ar fhaitchíos na tímpiste. Na háiteacha ar chomhnuigheadar agus ar labhruigheadar, ar itheadar agus ar óladar, táid 'n-a luaireamhán. “Mise le meas mór, “Mícheál Ó Conghaile. gan teach gan árus acht lán de mhisneach agus i sláinte mhaith. “Níl páipéar ná stampa le fágháil annseo!” Go neartuighidh Dia thú, a Mhícheáil!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services