An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Bealtaine 12, 1906.
Guth ó Shan Francisco.
Seo litir fuaramar na laetheann-
ta so ó Ghaedheal óg as Inismeadhoin
Árainn atá i San Francisco le tam-
all. Ní gábhadh dhúinn focal do chur
leis nó do bhaint de:
“San Francisco (nó an
áit a raibh sé).
“A Fhir an CHLAIDHIMH,
“Seol an CLAIDHEAMH chugam
go dtí 1376 Twelfth Street, Oak-
land, Cal., go gcloisfidh tú uaim
arís. Bhí crith-talmhan cumasach
againn annso agus bhí an chathair mhór
so 'n-a caoir theinntighe tamall
beag 'n-a dhiaidh. Níor bh'fhiú biorán
oidhche na stoirme móire fad ó le
hais an chreachta bhí annso. Chuir sé
sgannradh agus creathadh i gcroidhthibh
nach raibh a fhios aca céard
é roimhe sin. Tá an chathair
anois mar bheadh muirbheach mhór nó
cimín leathan 'n-a mbeadh caisleáin
árda sgaipthe thríd go flúirseach.
Marbhuigheadh mórán ó thuitim tighthe
is gortuigheadh cuimse, agus tá na
céadta sgrúdta le tart agus an
sliabh-ghorta ar na míltibh. Tá
biadh agus deoch ag teacht isteach indiu
go flúirseach ó chathrachaibh eile nach
raibh chomh mí-fhortúnach leis an
gcathair seo. Buidheachas le Dia
go raibh an Craoibhín, a chéile, agus
Tomás Bán imthighthe as an gcathair
ar fhaitchíos na tímpiste. Na
háiteacha ar chomhnuigheadar agus ar
labhruigheadar, ar itheadar agus ar
óladar, táid 'n-a luaireamhán.
“Mise le meas mór,
“Mícheál Ó Conghaile.
gan teach gan árus acht lán de
mhisneach agus i sláinte mhaith.
“Níl páipéar ná stampa le
fágháil annseo!”
Go neartuighidh Dia thú, a Mhícheáil!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11