Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tomás na Fallainge Síoda I
Title
Tomás na Fallainge Síoda I
Author(s)
Ní Eaghra, Máire,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tomás na Fallainge Síoda. I. Le linn Hannraoi na mBan a bheith 'n-a rígh ar Shasana agus an Cairdinéal Bholsey, mac an bhrothaire, 'n-a phrímh- mhinistir dhó, bhí fear cumasach darbh' ainm Gearalt Mac Gearailt, Iarla Chille Dara, 'n-a bheathaidh i nÉirinn. Ba de shean-bhunadh na nGearaltach é, sliocht na sean-Ghall a tháinig anall i gcuideachta Riocaird an Bhogha Láidir agus a bhí ag éirghe i leabaidh a chéile le gluaiseacht an tsaoghail, ní ba Ghaedh- ealaighe 'ná na Gaedhil féin. Ceapadh an Gearalt so mar Fhear Ionaid do'n Rígh agus cuireadh d'ualach air Iarla Dheas-Mhumhan, fear a bhí gaol- mhar leis féin agus a raibh neamh-bharamhail ag an Rígh as, a chur faoi ghabháil agus a thabhairt anonn go Lonndain. Chuir Mac Gearailt fuadar faoi féin. Théisglim sé sluagh mór saigh- diúr agus threoruigh sé a bhealach i mbarr a anama faoi dhéin Chúige Mumhan. B'fhéidir nach raibh fonn mór air buaithrín an bhasgaidh a chur ar a fhear gaoil nó b'fhéidir gurbh' amhlaidh nach raibh se i n-ann a dhéanta. D'fhéach sé le n-a ghabháil nó leig sé air gur fhéach, acht cibé sgéal é ní dheachaidh leis. Chuir sé cuid de'n chúige ó rath acht sin a raibh aige de bharr a shaothair. Ba mhór le mac an bhrothaire a láidire is bhí na Gearaltaigh agus dá bhíthin sin bhí angadh iarpais i n-a chroidhe i n-a n-aghaidh. D'éirigh cuthach feirge air ar a chluinsteál dó gur theip ar an Fhear Ionaid agus thug sé ar an Rígh fios a chur air le fios fátha an sgéil a mhíniughadh do'n Riaghaltas. Rinneadh amhlaidh. Chuaidh an Gearal- tach anonn acht ní túisge do shroich sé láthair an Ríogh 'ná rugadh air, cuireadh ceangal na gcúig gcaol air agus sacadh faoi ghlas é i n-uathais dorcha faoi thalamh i dTúr Lonndan. Solus an lae ghlé-ghil ní fhacaidh sé arís mar coinnigheadh faoi ghéibheann é nó gur leag an bás lámh air, agus d'fhuasgail ó theampán an tsaoghail seo é. Nuair a bhí sé ar thobh imtheacht ó Éirinn, cheap sé a mhac, Tomás, mar Fhear Ionaid i n-a áit nó go dtigeadh sé ar ais. Is ar éigin bhí Tomás bliadhain is fiche d'aois. Óig-fhear árd-aigeanta, dána, croidheamhail a bhí ann acht roinnt tadhadach agus tugtha do rudaíbh a dhéanamh gan smaoineadh ortha roimh ré. Bhí sé rud beag léitheadach mar an gcéadna agus de bharr dúil mhór a bheith aige i n-éadaigh síoda tugadh “Tomás na Fallainge Síoda” mar leas-ainm air. Bhí dream cumhachtach i nÉirinn a raibh éad mór aca le bunadh na nGearaltach agus mheasadar anois go raibh faill mhaith aca an bunadh sin, eadar ghob, cleite, agus sgiatháin a sgrios amach, dá n-éireochadh leo tada a chur ar Thomás agus é a bhroslughadh 'un éirghe amach i n-aghaidh Ríogh Shasana. L'éis iad an chomhairle sin a cheapadh níor leo do b'fhaillighe é. D'fhéach siad slighe ghlic le n-a ndó-bheart tútach a chur i bhfoirm. Thoisigh ortha ag cogarnaighil le daoinibh eile agus chuireadar glórtha ag 'ul thart 'ghá rádh gur sgaitheadh an ceann de'n Iarla agus gur cuireadh a chorp i gclais an Túir gan fear a shínte ná a chaointe sa láthair. Sgaradh an bhréag so agus seoladh go dtí cluas Thomáis í. L'éis é an t-iomrádh a chluinsteál thug sé cluas mhór dó. Chreid sé gurbh fíor é. Bhí sé an-chionmhar ar a athair agus chuir sé racht caointe dhe. Annsin d'fhás báinidh mhór air. Spalp sé na mionna móra. Tháinig coipeadh cubhair le n-a bhéal. Stróic sé a ghruag agus thug an leabhar go mbainfeadh sé “taraidh thart” as lucht marbhtha a athar. Chuir sé gairm sgoile amach faoi rún agus d'agair na taoisigh Gaedheal- acha thart timcheall ar Chill Dara faoi chongnamh a thabhairt dó le cúitiughadh a bhaint as na Sasanaighibh de bharr an fheill do rinneadh ar an Iarla. Níor fheall siad air mar níor mhilse leo mil na meach 'ná creapall a chur ar Ghallaibh agus níor bhinne leo ceileabhar na n-éan ná srúthán na bpiléar agus clons- gairt na gclaidheamh agus éagnach báis lucht creachta a dtíre. Nuair a bhí siad cruinn aige chuir- eadar colg catha ortha féin. Thriall siad fré chéile i mbarr na bhfásgaí faoi dhéin Bhaile Átha Cliath agus ní dhear- naidh siad stad, marbh ná comhnaidhe, nó gur shroicheadar caisleán na cathrach sin. Bhí Coiste an Rígh cruinnighthe i gcuideachta a chéile agus iad ag fanamh- aint le Tomás a bheith i gceannas an Choiste. Chuaidh Tomás agus feadhnach fear 'ghá thiodhlacan chuig Mainistir Naoimh Muire, an áit a rabhadar. Fosgluidheadh na doirse le n-a leigean isteach. D'éirigh na huaisle 'n-a seasamh nuair a tháinig sé do láthair agus d'umhluigheadar dó. “Buailidh fúibh arís, a dhaoine uaisle,” arsa Tomás, “Ní hamhlaidh a tháinig mé annso indiu le bheith i gceannas an chruinnighthe seo acht le n-a cur i n-umhail daoibh go ndearnadh dún-mharbhadh fuilteach i dTúr Lonn- dan agus is mian liom a chur i dtuisgint daoibh an chomhairle atá ceaptha agam dá bharr.” Bhí Alan, Árd-Easbog Bhaile Átha Cliath, agus dearg-namhaid do na Gearaltaigh, sa láthair. “Goidé an dún-mharbhadh seo atá i gceist agat, a Thigearna Tomás?” ars' eisean. “An gothadh colgach ata ort agus na focla atá ráidhte agat, cuireann siad faitchíos orm. Goidé an fáth atá leis an leárm mór saighdiúr seo a bheith i dTeach Dé? Tá faitchíos orm gur cosamhail an gníomh atá tú a dhéanamh le nídh bheadh leisg orm a luadh os comhair daoine atá díleas do'n Rígh.” ”A Árd-Easbuig,” arsa Tomás, ”an amhlaidh atá tú 'ghá leigean ort nár mhothuigh tú sgéala faoi dhún- mharbhadh m'athar?” Leig na huaisle uile go léir a sean-sgairt uathbháis' asta acht amháin an tÁrd-Easbog agus an tÁrd-Chisteoir,
an Tighearna Séamus De Buitléir, a sméid an tsúil ar a chéile. “Dún-mharbhadh d'athar!” ghoir an Seansailéar, Crómair, de ghuth árd, ag éirghe 'n-a sheasamh de phreib dhó. ”Seadh, a Thighearna,” arsa Tomás agus é ag leanmhaint do'n chainnt de ghlór borb leis an Árd-Easbog, “níl tú acht ag nochtadh do'n tsaoghal do chuid fealltóireacht' agus meilme nuair a leigeas tú ort féin nach feasach dhuit an dó-bheart fealltach tútach do rinneadh ar m'athair i Lonndain. Tusa agus do cháirde is cionn-tsiocair leis an gcoir atá déanta. Agus in' aindeoin sin, tá tú ag casadh liom an neithe atá mé a dhéanamh. B'fhéidir go bhfuilim 'ghá dhéanamh go ró-thobann gan smaoineadh air mar badh cheart, acht mar sin féin creidim gur gníomh é is fiúntach do mhac m'athar uasail.” Níor mhothuigh seadairí an Ghearalt- aigh sgéalta bais an Iarla go dtí an t-am sin. Tháinig cuthach agus brón an domhain ortha. Chuir cuid aca na gártha caointe asta agus le rabharta dubróin bhuail siad iad féin faoi'n talamh. Rinne cuid eile aca easgainí ar lucht marbhtha an Iarla. Nochtadar gclaidhmhthe agus thug ruathar faoi dhéina Halla an Choiste agus é de rún diongmhálta aca díoghaltas a bhaint le fabhairt agus fuinneamh a gclaidhimh as na daoine ba shiocair le n-a bhás. Is ar righin ar éigin do cuireadh smacht ortha agus nuair a bhí deireadh leis an gclampar agus leis an torann d'éirigh Alan 'n-a sheasamh agus dubhairt sé leis an tSeansailéar: “A Thighearna níl fhios ag an bhfear óg so an rud atá sé a rádh. Má's fíor é (agus nár leigidh Dia é) go raibh fearg ag an Rígh le n-a athair uasal agus má's rud é — cé nach feasach dom é — gur fhulaing sé an bás mar gheall ar na gníomharthaibh fealltacha do rinne sé —” “Thugais do dhearg-éitheach a shagairt dhána,” ghoir an Ridire Olibhear Mac Gearailt go borbh colgach. “Mo dhearbhráthair atá marbh, bhí sé i bhfad ní ba dílse do'n Rígh 'ná éinne do sheas ariamh in do bhrógaibh sróill.” Máire Ní Eaghra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services