Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tomás na Fallainge Síoda I

Title
Tomás na Fallainge Síoda I
Author(s)
Ní Eaghra, Máire,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tomás na Fallainge Síoda.



I.



Le linn Hannraoi na mBan a bheith
'n-a rígh ar Shasana agus an Cairdinéal
Bholsey, mac an bhrothaire, 'n-a phrímh-
mhinistir dhó, bhí fear cumasach darbh'
ainm Gearalt Mac Gearailt, Iarla
Chille Dara, 'n-a bheathaidh i nÉirinn.
Ba de shean-bhunadh na nGearaltach é,
sliocht na sean-Ghall a tháinig anall i
gcuideachta Riocaird an Bhogha Láidir
agus a bhí ag éirghe i leabaidh a chéile le
gluaiseacht an tsaoghail, ní ba Ghaedh-
ealaighe 'ná na Gaedhil féin.



Ceapadh an Gearalt so mar Fhear
Ionaid do'n Rígh agus cuireadh d'ualach air
Iarla Dheas-Mhumhan, fear a bhí gaol-
mhar leis féin agus a raibh neamh-bharamhail
ag an Rígh as, a chur faoi ghabháil agus a
thabhairt anonn go Lonndain.



Chuir Mac Gearailt fuadar faoi
féin. Théisglim sé sluagh mór saigh-
diúr agus threoruigh sé a bhealach i mbarr
a anama faoi dhéin Chúige Mumhan.



B'fhéidir nach raibh fonn mór air
buaithrín an bhasgaidh a chur ar a fhear
gaoil nó b'fhéidir gurbh' amhlaidh nach
raibh se i n-ann a dhéanta.



D'fhéach sé le n-a ghabháil nó leig sé
air gur fhéach, acht cibé sgéal é ní
dheachaidh leis. Chuir sé cuid de'n
chúige ó rath acht sin a raibh aige de
bharr a shaothair.



Ba mhór le mac an bhrothaire a
láidire is bhí na Gearaltaigh agus dá
bhíthin sin bhí angadh iarpais i n-a
chroidhe i n-a n-aghaidh. D'éirigh cuthach
feirge air ar a chluinsteál dó gur
theip ar an Fhear Ionaid agus thug sé ar
an Rígh fios a chur air le fios fátha an
sgéil a mhíniughadh do'n Riaghaltas.
Rinneadh amhlaidh. Chuaidh an Gearal-
tach anonn acht ní túisge do shroich
sé láthair an Ríogh 'ná rugadh air,
cuireadh ceangal na gcúig gcaol air
agus sacadh faoi ghlas é i n-uathais dorcha
faoi thalamh i dTúr Lonndan. Solus
an lae ghlé-ghil ní fhacaidh sé arís mar
coinnigheadh faoi ghéibheann é nó gur
leag an bás lámh air, agus d'fhuasgail ó
theampán an tsaoghail seo é.



Nuair a bhí sé ar thobh imtheacht ó
Éirinn, cheap sé a mhac, Tomás, mar
Fhear Ionaid i n-a áit nó go dtigeadh
sé ar ais. Is ar éigin bhí Tomás
bliadhain is fiche d'aois. Óig-fhear
árd-aigeanta, dána, croidheamhail a
bhí ann acht roinnt tadhadach agus
tugtha do rudaíbh a dhéanamh gan
smaoineadh ortha roimh ré. Bhí sé rud
beag léitheadach mar an gcéadna agus
de bharr dúil mhór a bheith aige i
n-éadaigh síoda tugadh “Tomás na
Fallainge Síoda” mar leas-ainm air.



Bhí dream cumhachtach i nÉirinn a
raibh éad mór aca le bunadh na
nGearaltach agus mheasadar anois go
raibh faill mhaith aca an bunadh sin,
eadar ghob, cleite, agus sgiatháin a sgrios
amach, dá n-éireochadh leo tada a
chur ar Thomás agus é a bhroslughadh 'un
éirghe amach i n-aghaidh Ríogh Shasana.



L'éis iad an chomhairle sin a cheapadh
níor leo do b'fhaillighe é. D'fhéach
siad slighe ghlic le n-a ndó-bheart
tútach a chur i bhfoirm. Thoisigh ortha
ag cogarnaighil le daoinibh eile agus
chuireadar glórtha ag 'ul thart 'ghá rádh
gur sgaitheadh an ceann de'n Iarla agus gur
cuireadh a chorp i gclais an Túir gan
fear a shínte ná a chaointe sa láthair.



Sgaradh an bhréag so agus seoladh go
dtí cluas Thomáis í. L'éis é an
t-iomrádh a chluinsteál thug sé cluas
mhór dó. Chreid sé gurbh fíor é.
Bhí sé an-chionmhar ar a athair
agus chuir sé racht caointe dhe.
Annsin d'fhás báinidh mhór air.
Spalp sé na mionna móra. Tháinig
coipeadh cubhair le n-a bhéal. Stróic
sé a ghruag agus thug an leabhar go
mbainfeadh sé “taraidh thart” as
lucht marbhtha a athar.



Chuir sé gairm sgoile amach faoi
rún agus d'agair na taoisigh Gaedheal-
acha thart timcheall ar Chill Dara faoi
chongnamh a thabhairt dó le cúitiughadh
a bhaint as na Sasanaighibh de bharr an
fheill do rinneadh ar an Iarla. Níor
fheall siad air mar níor mhilse leo
mil na meach 'ná creapall a chur ar
Ghallaibh agus níor bhinne leo ceileabhar na
n-éan ná srúthán na bpiléar agus clons-
gairt na gclaidheamh agus éagnach báis
lucht creachta a dtíre.



Nuair a bhí siad cruinn aige chuir-
eadar colg catha ortha féin. Thriall
siad fré chéile i mbarr na bhfásgaí
faoi dhéin Bhaile Átha Cliath agus ní dhear-
naidh siad stad, marbh ná comhnaidhe, nó
gur shroicheadar caisleán na cathrach
sin.



Bhí Coiste an Rígh cruinnighthe i
gcuideachta a chéile agus iad ag fanamh-
aint le Tomás a bheith i gceannas an
Choiste. Chuaidh Tomás agus feadhnach
fear 'ghá thiodhlacan chuig Mainistir
Naoimh Muire, an áit a rabhadar.
Fosgluidheadh na doirse le n-a leigean
isteach. D'éirigh na huaisle 'n-a
seasamh nuair a tháinig sé do láthair agus
d'umhluigheadar dó.



“Buailidh fúibh arís, a dhaoine
uaisle,” arsa Tomás, “Ní hamhlaidh a
tháinig mé annso indiu le bheith i
gceannas an chruinnighthe seo acht le
n-a cur i n-umhail daoibh go ndearnadh
dún-mharbhadh fuilteach i dTúr Lonn-
dan agus is mian liom a chur i dtuisgint
daoibh an chomhairle atá ceaptha agam
dá bharr.”



Bhí Alan, Árd-Easbog Bhaile Átha
Cliath, agus dearg-namhaid do na
Gearaltaigh, sa láthair.



“Goidé an dún-mharbhadh seo atá i
gceist agat, a Thigearna Tomás?” ars'
eisean. “An gothadh colgach ata ort agus
na focla atá ráidhte agat, cuireann
siad faitchíos orm. Goidé an fáth atá
leis an leárm mór saighdiúr seo
a bheith i dTeach Dé? Tá faitchíos
orm gur cosamhail an gníomh atá tú
a dhéanamh le nídh bheadh leisg orm a
luadh os comhair daoine atá díleas
do'n Rígh.”



”A Árd-Easbuig,” arsa Tomás,
”an amhlaidh atá tú 'ghá leigean ort
nár mhothuigh tú sgéala faoi dhún-
mharbhadh m'athar?”



Leig na huaisle uile go léir a
sean-sgairt uathbháis' asta acht amháin
an tÁrd-Easbog agus an tÁrd-Chisteoir,


L. 06


an Tighearna Séamus De Buitléir, a
sméid an tsúil ar a chéile.



“Dún-mharbhadh d'athar!” ghoir an
Seansailéar, Crómair, de ghuth árd,
ag éirghe 'n-a sheasamh de phreib dhó.



”Seadh, a Thighearna,” arsa Tomás
agus é ag leanmhaint do'n chainnt de
ghlór borb leis an Árd-Easbog, “níl
tú acht ag nochtadh do'n tsaoghal do
chuid fealltóireacht' agus meilme nuair
a leigeas tú ort féin nach feasach
dhuit an dó-bheart fealltach tútach do
rinneadh ar m'athair i Lonndain.
Tusa agus do cháirde is cionn-tsiocair
leis an gcoir atá déanta. Agus in'
aindeoin sin, tá tú ag casadh liom
an neithe atá mé a dhéanamh. B'fhéidir
go bhfuilim 'ghá dhéanamh go ró-thobann
gan smaoineadh air mar badh cheart,
acht mar sin féin creidim gur gníomh
é is fiúntach do mhac m'athar uasail.”



Níor mhothuigh seadairí an Ghearalt-
aigh sgéalta bais an Iarla go dtí an
t-am sin. Tháinig cuthach agus brón an
domhain ortha. Chuir cuid aca na
gártha caointe asta agus le rabharta
dubróin bhuail siad iad féin faoi'n
talamh. Rinne cuid eile aca easgainí
ar lucht marbhtha an Iarla. Nochtadar
gclaidhmhthe agus thug ruathar faoi dhéina
Halla an Choiste agus é de rún
diongmhálta aca díoghaltas a
bhaint le fabhairt agus fuinneamh a
gclaidhimh as na daoine ba shiocair le
n-a bhás. Is ar righin ar éigin do
cuireadh smacht ortha agus nuair a bhí
deireadh leis an gclampar agus leis an
torann d'éirigh Alan 'n-a sheasamh agus
dubhairt sé leis an tSeansailéar:



“A Thighearna níl fhios ag an bhfear
óg so an rud atá sé a rádh. Má's
fíor é (agus nár leigidh Dia é) go raibh
fearg ag an Rígh le n-a athair uasal
agus má's rud é — cé nach feasach dom é
— gur fhulaing sé an bás mar gheall
ar na gníomharthaibh fealltacha do
rinne sé —”



“Thugais do dhearg-éitheach a
shagairt dhána,” ghoir an Ridire
Olibhear Mac Gearailt go borbh
colgach. “Mo dhearbhráthair atá
marbh, bhí sé i bhfad ní ba dílse do'n
Rígh 'ná éinne do sheas ariamh in do
bhrógaibh sróill.”



Máire Ní Eaghra.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services