Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bhfuil Gaedhilg ag bhur gClann
Title
Bhfuil Gaedhilg ag bhur gClann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 09, 1905. Is mór an t-ádhbhar bróin dúinne agus do Ghaedhealaibh na hÉireann an sgéal do tháinig chugainn an lá cheana, .i. go bhfuil athair ár gCraoibhín geal- Aoibhinn, an cléireach oirmhidneach Artur de hÍde, thar éis bháis. Ar dheis an Athar Shíorraidhe do raibh sé, agus sólás ó Dhia go raibh agat-sa, a Chraoibhín na gcarad! Bhfuil Gaedhilg ag bhur gClann? Tusa atá ag léigheadh na bhfocal so, tá Gaedhilg agat. B'fhéidir gur Gaedhilgeoir ó dhúthchas thú. B'fhéidir gurab é rinne tú an Ghaedhilg d'fhoghluim agus tú fásta. Acht, is cuma ciaca cainnteoir ó dúthchas nó mac léighinn thú, tá a bheag nó a mhór de Ghaedhilg agat. Tá go maith. Tá ceist nó dhó againn ort. Bhfuil tú pósta? Agus má tá, bhfuil clann agat? Deir tú go bhfuil? Maith mar thárla! Tá ceist eile againn anois ort. BHFUIL GAEDHILG AG AN gCLAINN SIN? Muna bhfuil, cia is cionntach leis? A athair nó a mháthair a bhfuil cúram clainne ort, cuimhnigh ar an méid seo; muna múintear an Ghaedhilg do'n dream óg atá ag éirghe suas, béidh an líne thiocfas 'n-ár ndiaidh i nÉirinn gan Ghaedhilg. Gach líne de Chlannaibh Gaedheal do tháinig romhainn sa tír seo bhí an Ghaedhilg aca. Ní suarach le rádh an méid de Chlannaibh Gaedheal a bhfuil sí aca indiu féin. An mbéidh sí ag an líne thiocfas 'n-ár ndiaidh? Is oraibh-se, a aithreacha agus a mháith- reacha na hÉireann, agus ní ar bhur malairt, atá an cheist sin d'fhuas- gailt.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services