Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bhfuil Gaedhilg ag bhur gClann

Title
Bhfuil Gaedhilg ag bhur gClann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 09, 1905.



Is mór an t-ádhbhar bróin dúinne agus
do Ghaedhealaibh na hÉireann an sgéal
do tháinig chugainn an lá cheana, .i. go
bhfuil athair ár gCraoibhín geal-
Aoibhinn, an cléireach oirmhidneach
Artur de hÍde, thar éis bháis. Ar
dheis an Athar Shíorraidhe do raibh sé, agus
sólás ó Dhia go raibh agat-sa, a
Chraoibhín na gcarad!



Bhfuil Gaedhilg ag bhur gClann?



Tusa atá ag léigheadh na bhfocal so,
tá Gaedhilg agat. B'fhéidir gur
Gaedhilgeoir ó dhúthchas thú. B'fhéidir
gurab é rinne tú an Ghaedhilg
d'fhoghluim agus tú fásta. Acht, is cuma
ciaca cainnteoir ó dúthchas nó mac
léighinn thú, tá a bheag nó a mhór de
Ghaedhilg agat.



Tá go maith. Tá ceist nó dhó
againn ort. Bhfuil tú pósta? Agus
má tá, bhfuil clann agat? Deir tú
go bhfuil? Maith mar thárla! Tá
ceist eile againn anois ort. BHFUIL
GAEDHILG AG AN gCLAINN SIN?
Muna bhfuil, cia is cionntach leis?



A athair nó a mháthair a bhfuil cúram
clainne ort, cuimhnigh ar an méid seo;
muna múintear an Ghaedhilg do'n
dream óg atá ag éirghe suas, béidh an
líne thiocfas 'n-ár ndiaidh i nÉirinn
gan Ghaedhilg. Gach líne de Chlannaibh
Gaedheal do tháinig romhainn sa tír
seo bhí an Ghaedhilg aca. Ní suarach le
rádh an méid de Chlannaibh Gaedheal a
bhfuil sí aca indiu féin. An mbéidh sí
ag an líne thiocfas 'n-ár ndiaidh?



Is oraibh-se, a aithreacha agus a mháith-
reacha na hÉireann, agus ní ar bhur
malairt, atá an cheist sin d'fhuas-
gailt.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services