Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Greim an Lochlannaigh
Title
Éire - Greim an Lochlannaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Naomhadh Ceann Déag. Greim an Lochlannaigh. (Ar Leanmhaint). Dá fheabhas an léigheann is an cothughadh i n-aisce do thug na hÉireannaigh do mhacaibh léighinn as tíorthaibh iasachta ins na scoileannaibh úd ba bheag an congnamh do fuair Éire bhocht ós na tíorthaibh deórata soin i n-am so an ghábhaidh. Tháinig faitchíos ar an áird-rígh Flann Sionna (879- 916) agus ceap sé gur mhaith an rud do'n tír dá ndéan- faidhe síothcháin leis an Lochlannach, acht ní síothcháin do bhí ó'n bhfear gcoimhightheach acht ceannas is buaidh. Déanadh áird-rí de Niall Glún-Dubh ins an mbliadhain 916, agus connacathas dó go raibh an Lochlannach ag borradh gach lá. Dá mbuailfidhe buille trom ortha ins an neid sin i mBaile Átha Cliath, ar seisean, bheadh a ndrom briste, agus ní túisce bhí an rí óg, tréanmhar so ullamh 'ná gur ghluais sé ó dheas le buidheantaibh cruadha as Ultaibh, agus bhí súil Éireann i n-áirde. Léim na Lochlannaigh amach air cois Bhaile Átha Cliath ar nós scata leómhan-sáile, agus ins an gcath chruaidh do bhí eatortha marbhuigheadh Niall Glún-Dubh agus mórán de mhaithibh Uladh mar aon leis. Bhí caoi is deóir nuair d'fhilleadar fuighleach a bhuidheanta a-bhaile gan fiú cuirp a n-áird-ríogh, mar chuaidh an lá chomh dian soin ortha go mb'éigean dóibh Niall Glún-Dubh do chur i sean-leacht atá ar éadan Thiobraid ag féachaint anonn ar pháirc an bhualadh. Do mhaoidheamh na Lochlannaigh ar fuaid Éireann as bhás áird-ríogh agus do bhagaradar ar chách go dtabharfaidhe an íde chéadna ortha. D'fhág an t-áird-rí sin 'na dhiaidh sa bhaile leanbh mic agus do b'é an leanbh úd 'na dhiaidh súd an fear ba thréine bhí i nÉirinn le n-a linn. Muircheartach na gCochall gCroicinn do tugthaoi air, agus i dteannta a chalmacht bhí intinn ghéar aige. Síleadh gur bh'é an fear láidir do bhí le teacht é agus i dteannta a ghráidh d'á thír dhúthchais bhí díoghaltas fola aige le baint as an namhaid. De Mhuinntir Néill Thír Eóghain do b'eadh Muircheartach. Nuair cailleadh a athair déanadh áird- rí de Dhonnchadh, prionnsa de Mhuinntir Néill na Midhe. Chrom Muircheartach ar ullmhughadh go cúramach i gcomhair an chatha bhí roimis. Ní bhuailfear an Loch- lannach borb gan duadh, adubhairt sé leis féin, agus caithfidh Éire bheith umhal dom' bhráthair ar tÁird-rí sula dtosnócham an obair dáiríribh. D'á réir sin cheap sé gur chóir dos na ríghtibh cúige urraidhe do thabhairt do'n áird-rígh go gcabhróchaidís leis níos feárr 'ná mar ba ghnáthach. Má ghnídhtear gan troid an méid sin is é is feárr linn, do ráidh sé leis féin, agus do ghléas sé sluagh fear toghtha i lár an gheimhridh, bhuail sé umpa brait nó cochaill de chroiceannaibh caorach, agus bhuail sé ó dheas go Cúige Mumhan mar do b'é rí na cúige sin — Ceallachán Chaisil — an fear ba bhoirbe i nÉirinn. Ní bheidh coinne ag Ceallachán linn sa gheimhreadh agus ní bheidh sé ullamh le cur 'nár n-aghaidh, adeir Muircheartach, mar bhíonn an ghaoth garbh is na bóithre salach an t-am so bhliadhain, is tuile i n-aibhnibh is na móinfhéir fliuch chum codlata ionnta, bíonn sean-chlúmh ar chapaillibh marcaidheachta, buarach ar bhuaibh, is bainne gann, agus is deacair arm do chur i n-eagar sa gheimhreadh. Gluaisidh, a laochraidhe mar tá gialla ó'n áird-rígh. Bhí iongnadh an tsaoghail ar Cheallachán cad do bhí ó Mhuircheartach nuair do thánagthas go hobann air. Tusa féin amháin atá uaim, arsa Muircheartach, agus do b'éigean do Cheallachán gluaiseacht leis. Géilleadh i ngach ball i nÉirinn dó ar an gcuma gcéadna, agus thug sé leis go Dún na Sciath go dtí an tÁird-rí a chuid gialla. Ní fhuil aon teóra le Muircheartach, adubharthas, agus bhí a ainm i mbéal gach éinne. Gheall na gialla do'n áird-rígh ar son a mbuaidheanta go dtabharfaidhe gach congnamh dó mar ba chóir. Bhí éad ar an áird-rí leis an laoch so agus faitchíos air roimis. Ní dóich liom gur gábhadh dhó soin. Ní áirighim go raibh aon bhrath ar chumhacht dhó féin ag Muircheartach acht gur bh'é bhí uaidh na Lochlannaigh do chlaoidhe — beart do bhí thar chumas an áird-ríogh úd. Dá n-éirigheadh le Muircheartach 'sé mheasaim ná beadh na hÉireannaigh sásta le haon-fhear eile bheith ós a gcionn acht é. Is cosmhail a bheatha le réaltan uaigneach i spéir smúitmhear go múchfaidhe a sholus go hobann fá scamallaibh dubha dorcha na hoidhche. Marbhuigheadh Muircheartach óg cumasach ag cómhrac le dream Lochlannach cois Átha Fhirdia agus ba mhór an tubaiste ar Éirinn é mar chaill sí an t-éin-fhear amháin do scaoilfeadh as a ceangalaibh í. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services