Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Greim an Lochlannaigh

Title
Éire - Greim an Lochlannaigh
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Naomhadh Ceann Déag.



Greim an Lochlannaigh.



(Ar Leanmhaint).



Dá fheabhas an léigheann is an cothughadh i n-aisce
do thug na hÉireannaigh do mhacaibh léighinn as tíorthaibh
iasachta ins na scoileannaibh úd ba bheag an congnamh
do fuair Éire bhocht ós na tíorthaibh deórata soin i
n-am so an ghábhaidh.



Tháinig faitchíos ar an áird-rígh Flann Sionna (879-
916) agus ceap sé gur mhaith an rud do'n tír dá ndéan-
faidhe síothcháin leis an Lochlannach, acht ní síothcháin do
bhí ó'n bhfear gcoimhightheach acht ceannas is buaidh.



Déanadh áird-rí de Niall Glún-Dubh ins an mbliadhain
916, agus connacathas dó go raibh an Lochlannach ag
borradh gach lá. Dá mbuailfidhe buille trom ortha
ins an neid sin i mBaile Átha Cliath, ar seisean, bheadh
a ndrom briste, agus ní túisce bhí an rí óg, tréanmhar so
ullamh 'ná gur ghluais sé ó dheas le buidheantaibh
cruadha as Ultaibh, agus bhí súil Éireann i n-áirde. Léim
na Lochlannaigh amach air cois Bhaile Átha Cliath ar nós
scata leómhan-sáile, agus ins an gcath chruaidh do bhí
eatortha marbhuigheadh Niall Glún-Dubh agus mórán de
mhaithibh Uladh mar aon leis. Bhí caoi is deóir nuair
d'fhilleadar fuighleach a bhuidheanta a-bhaile gan fiú
cuirp a n-áird-ríogh, mar chuaidh an lá chomh dian soin
ortha go mb'éigean dóibh Niall Glún-Dubh do chur i
sean-leacht atá ar éadan Thiobraid ag féachaint anonn
ar pháirc an bhualadh. Do mhaoidheamh na Lochlannaigh ar
fuaid Éireann as bhás áird-ríogh agus do bhagaradar ar
chách go dtabharfaidhe an íde chéadna ortha.



D'fhág an t-áird-rí sin 'na dhiaidh sa bhaile leanbh
mic agus do b'é an leanbh úd 'na dhiaidh súd an fear ba
thréine bhí i nÉirinn le n-a linn. Muircheartach na
gCochall gCroicinn do tugthaoi air, agus i dteannta a
chalmacht bhí intinn ghéar aige. Síleadh gur bh'é an fear
láidir do bhí le teacht é agus i dteannta a ghráidh d'á thír
dhúthchais bhí díoghaltas fola aige le baint as an
namhaid. De Mhuinntir Néill Thír Eóghain do b'eadh
Muircheartach. Nuair cailleadh a athair déanadh áird-
rí de Dhonnchadh, prionnsa de Mhuinntir Néill na Midhe.



Chrom Muircheartach ar ullmhughadh go cúramach i
gcomhair an chatha bhí roimis. Ní bhuailfear an Loch-
lannach borb gan duadh, adubhairt sé leis féin, agus
caithfidh Éire bheith umhal dom' bhráthair ar tÁird-rí
sula dtosnócham an obair dáiríribh. D'á réir sin
cheap sé gur chóir dos na ríghtibh cúige urraidhe do
thabhairt do'n áird-rígh go gcabhróchaidís leis níos
feárr 'ná mar ba ghnáthach. Má ghnídhtear gan troid
an méid sin is é is feárr linn, do ráidh sé leis
féin, agus do ghléas sé sluagh fear toghtha i lár an
gheimhridh, bhuail sé umpa brait nó cochaill de
chroiceannaibh caorach, agus bhuail sé ó dheas go Cúige
Mumhan mar do b'é rí na cúige sin — Ceallachán
Chaisil — an fear ba bhoirbe i nÉirinn. Ní bheidh coinne
ag Ceallachán linn sa gheimhreadh agus ní bheidh sé ullamh
le cur 'nár n-aghaidh, adeir Muircheartach, mar bhíonn
an ghaoth garbh is na bóithre salach an t-am so bhliadhain,
is tuile i n-aibhnibh is na móinfhéir fliuch chum codlata
ionnta, bíonn sean-chlúmh ar chapaillibh marcaidheachta,
buarach ar bhuaibh, is bainne gann, agus is deacair arm do
chur i n-eagar sa gheimhreadh. Gluaisidh, a laochraidhe
mar tá gialla ó'n áird-rígh.



Bhí iongnadh an tsaoghail ar Cheallachán cad do bhí ó
Mhuircheartach nuair do thánagthas go hobann air.
Tusa féin amháin atá uaim, arsa Muircheartach, agus do
b'éigean do Cheallachán gluaiseacht leis. Géilleadh
i ngach ball i nÉirinn dó ar an gcuma gcéadna, agus
thug sé leis go Dún na Sciath go dtí an tÁird-rí
a chuid gialla. Ní fhuil aon teóra le Muircheartach,
adubharthas, agus bhí a ainm i mbéal gach éinne. Gheall
na gialla do'n áird-rígh ar son a mbuaidheanta go
dtabharfaidhe gach congnamh dó mar ba chóir.



Bhí éad ar an áird-rí leis an laoch so agus faitchíos air
roimis. Ní dóich liom gur gábhadh dhó soin. Ní
áirighim go raibh aon bhrath ar chumhacht dhó féin ag
Muircheartach acht gur bh'é bhí uaidh na Lochlannaigh do
chlaoidhe — beart do bhí thar chumas an áird-ríogh úd.



Dá n-éirigheadh le Muircheartach 'sé mheasaim ná
beadh na hÉireannaigh sásta le haon-fhear eile bheith
ós a gcionn acht é. Is cosmhail a bheatha le réaltan
uaigneach i spéir smúitmhear go múchfaidhe a sholus go
hobann fá scamallaibh dubha dorcha na hoidhche.



Marbhuigheadh Muircheartach óg cumasach ag cómhrac
le dream Lochlannach cois Átha Fhirdia agus ba mhór an
tubaiste ar Éirinn é mar chaill sí an t-éin-fhear amháin
do scaoilfeadh as a ceangalaibh í.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services