Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An tOchtmhadh Ceann Déag. Dubhramair cheana go raibh Éire briste. Caithfear an ríoghacht do dheisiughadh nó beidh an buadh leis an Lochlannach. Bhíodh na taoisigh ag feannadh a chéile, adeir an stairidhe; nár chóra dhóibh, adeir sé, cabhrughadh le n-a chéile agus an Lochlannach do ruagadh? Cainnt gan áird is eadh a leithéid sin. Níor fuineadh ríoghacht riamh gan an fear ba threise do theacht i n-uachtair, agus má bhí aon easba ba mhó 'ná a chéile ar Éirinn aimsir na Lochlannach do b'é easba fir láidir é. Bhí sé riachtanach leis ar an bhfear láidir sin Éire féin do smachtughadh sul a mbeadh sé 'na chumas an namhaid do chlaoidhe. Is gnáthach linn cuimhneamh ar Bhrian nuair do chuimh- nighmíd ar Lochlannaibh, acht, fá mar adeir an sean- fhocal, bhí fir maithe roimh Agamnone. Bhí súil leis a bhfear láidir i bhfad sul ar thainig Brian, agus is iomdha fear eolgach do ghlaodhaidh air, mar bhí an Loch- lannach ag crádh na hÉireann thiar is thuaidh is theas, é suidhte i mBaile Átha Cliath, i bPort Láirge, i Luim- neach, agus i nÁrd Macha, agus a loingeas ó bheál na Sionn- ainne go Áth Luain. Bhí sé ag luighe isteach chum na hoibre, mar tháinig an fear ba mhó cáil i Lochlainn mar cheann air, fear teinnteach dár bh'ainm Torgaill, agus do bhailigh seisean gach Lochlannach i nÉirinn fá n-a sciath. Ní raibh aon cheannfheadhna ag Éirinn le cur i gcomórtas le Torgaill ar feadh dhá bhliadhain déag, agus chreach sé leath na tíre, loisc sé na mainistrí, mhairbh sé sagairt is braithre, chuir sé a bhean i n-áirde ar altóir i gCluain Mhic Nóis mar mhagadh fé sna hÉireannaighibh agus chrom sise ar aithris ar an Maighdean Muire. Fá dheire d'éirigh Maelsheachlainn 'na choinnibh agus chasadar ar a chéile láimh le hUisneach i nIarmhidhe agus ghnídh Maelsheachlainn agus a Éireannaigh brúscar de Lochlannaibh annsúd. Tógadh Torgall. Cad do dhéanfam leis, adubharthas, agus teasbánann a bhás an ghráin uathbhásach a bhí ar Lochlannaibh. Do b'árd é a gháire fá'n mbaisteadh, adubhradar, ghéabhaidh sé an baisteadh fá mar a thuill sé é, agus chuireadar téadán is cloch fá n-a mhuineál, stealladar isteach i Loch Uair é agus d'éirigh súilíní is cúbhrán ar bhárr uisce os cionn an bhaill go raibh Torgaill fíochmhar ag lúbarnaigh ar bun puill. Déineadh Áird-Rí de'n chéad Maelsheachlainn seo agus riaghluigh sé Éire ar feadh seacht mbliadhna déag (846-863). Do choisc sé na Lochlannaigh, acht ní raibh sé 'na chumas iad do thiomáint as an dtír mar dhaingnigheadar iad féin 'na ndúntaibh cois fairrge, agus nuair do bhíodh faill aca scaoilidís fá'n dtír go minic ag coscairt. Do bhrisfidhe ríoghacht chomh luath is bhrisfidhe bád acht ní chuirfidhe le chéile gan duadh í, agus bhí gach Áird-Rí do riaghluigh Éire ó'n gcéad Maelsheachlainn ag iarraidh na tíre d'fhuineadh agus ag comhrac le Lochlannaibh san am gcéadna, mar bhí na heachtrannaigh ag teacht thar sáile go tiugh agus ag dul i neart. Má tá an fear láidir ag teacht is mall ar a thuras é, adubhairt fear na smuainte. Theas i gCaiseal Mumhan do bhí Áird-Easbog agus déineadh rí ar Mhumhan de, mar ríoghdhamhna do b'eadh leis é. Do b'é an rí seo Cormac naomhtha mac Cuileannáin. Ní raibh ar Ghaedhealaibh riamh scoláire ba mhó léigheann 'ná é. Féachaidh go cruinn ar an bhfear so, tá eolas is intinn is leigheann thar bárr aige. Fear cóireach carthannach is eadh é. Is ionmhuin leis Éire. Ní maith leis troid. Déineadh rí dhe. 'Sé gnó an ríogh riaghlughadh. Do riaghluigh sé an Mhumha go maith. Dá n-aibeoradh an tÁird-Rí leis: tá sé riachtanach ort-sa géilleadh dhomhsa mar is mise an t-Áird-Rí; muna ndéanfair, buaidhfidh na Lochlannaigh orainn. Is mar so d'fhreagróchadh Cormac é, mar bhí eolas cruinn ar stair na hÉireann aige: tá an ceart agat-sa, a Áird-Rí, acht is deacair ár nós an lae indiu do bhriseadh, agus dá ngéillfinn-se duit fá mar adeirir bhainfeadh na taoisigh mo ríghe féin díom agus chuirfidís rí eile im' ionad. Gheabhair an cháin uainn do gheallann an dlighe dhuit. Caithfir na cúigí do smachtughadh sul a mbeir id' cheann dáiríribh ar Éirinn. Ní smachto- chaidh comhairle acht neart cuisleann iad. Óráit do Dhiarmaid mac Cearbhaill. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services