Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An tOchtmhadh Ceann Déag.



Dubhramair cheana go raibh Éire briste. Caithfear
an ríoghacht do dheisiughadh nó beidh an buadh leis an
Lochlannach. Bhíodh na taoisigh ag feannadh a chéile,
adeir an stairidhe; nár chóra dhóibh, adeir sé,
cabhrughadh le n-a chéile agus an Lochlannach do ruagadh?
Cainnt gan áird is eadh a leithéid sin.



Níor fuineadh ríoghacht riamh gan an fear ba threise
do theacht i n-uachtair, agus má bhí aon easba ba mhó 'ná a
chéile ar Éirinn aimsir na Lochlannach do b'é easba
fir láidir é. Bhí sé riachtanach leis ar an bhfear
láidir sin Éire féin do smachtughadh sul a mbeadh sé
'na chumas an namhaid do chlaoidhe.



Is gnáthach linn cuimhneamh ar Bhrian nuair do chuimh-
nighmíd ar Lochlannaibh, acht, fá mar adeir an sean-
fhocal, bhí fir maithe roimh Agamnone. Bhí súil leis
a bhfear láidir i bhfad sul ar thainig Brian, agus is
iomdha fear eolgach do ghlaodhaidh air, mar bhí an Loch-
lannach ag crádh na hÉireann thiar is thuaidh is theas, é
suidhte i mBaile Átha Cliath, i bPort Láirge, i Luim-
neach, agus i nÁrd Macha, agus a loingeas ó bheál na Sionn-
ainne go Áth Luain. Bhí sé ag luighe isteach chum na
hoibre, mar tháinig an fear ba mhó cáil i Lochlainn
mar cheann air, fear teinnteach dár bh'ainm Torgaill,
agus do bhailigh seisean gach Lochlannach i nÉirinn fá n-a
sciath.



Ní raibh aon cheannfheadhna ag Éirinn le cur i
gcomórtas le Torgaill ar feadh dhá bhliadhain déag,
agus chreach sé leath na tíre, loisc sé na mainistrí, mhairbh
sé sagairt is braithre, chuir sé a bhean i n-áirde ar
altóir i gCluain Mhic Nóis mar mhagadh fé sna
hÉireannaighibh agus chrom sise ar aithris ar an Maighdean
Muire. Fá dheire d'éirigh Maelsheachlainn 'na choinnibh
agus chasadar ar a chéile láimh le hUisneach i nIarmhidhe agus
ghnídh Maelsheachlainn agus a Éireannaigh brúscar de
Lochlannaibh annsúd. Tógadh Torgall. Cad do
dhéanfam leis, adubharthas, agus teasbánann a bhás an
ghráin uathbhásach a bhí ar Lochlannaibh. Do b'árd é a
gháire fá'n mbaisteadh, adubhradar, ghéabhaidh sé an
baisteadh fá mar a thuill sé é, agus chuireadar téadán
is cloch fá n-a mhuineál, stealladar isteach i Loch Uair
é agus d'éirigh súilíní is cúbhrán ar bhárr uisce os cionn
an bhaill go raibh Torgaill fíochmhar ag lúbarnaigh ar
bun puill.



Déineadh Áird-Rí de'n chéad Maelsheachlainn seo agus
riaghluigh sé Éire ar feadh seacht mbliadhna déag
(846-863). Do choisc sé na Lochlannaigh, acht ní raibh
sé 'na chumas iad do thiomáint as an dtír mar
dhaingnigheadar iad féin 'na ndúntaibh cois fairrge,
agus nuair do bhíodh faill aca scaoilidís fá'n dtír go
minic ag coscairt.



Do bhrisfidhe ríoghacht chomh luath is bhrisfidhe bád acht
ní chuirfidhe le chéile gan duadh í, agus bhí gach Áird-Rí do
riaghluigh Éire ó'n gcéad Maelsheachlainn ag iarraidh
na tíre d'fhuineadh agus ag comhrac le Lochlannaibh san
am gcéadna, mar bhí na heachtrannaigh ag teacht thar
sáile go tiugh agus ag dul i neart. Má tá an fear
láidir ag teacht is mall ar a thuras é, adubhairt fear
na smuainte.



Theas i gCaiseal Mumhan do bhí Áird-Easbog agus
déineadh rí ar Mhumhan de, mar ríoghdhamhna do b'eadh
leis é. Do b'é an rí seo Cormac naomhtha mac
Cuileannáin. Ní raibh ar Ghaedhealaibh riamh scoláire
ba mhó léigheann 'ná é.



Féachaidh go cruinn ar an bhfear so, tá eolas is
intinn is leigheann thar bárr aige. Fear cóireach
carthannach is eadh é. Is ionmhuin leis Éire. Ní maith
leis troid. Déineadh rí dhe. 'Sé gnó an ríogh
riaghlughadh. Do riaghluigh sé an Mhumha go maith. Dá
n-aibeoradh an tÁird-Rí leis: tá sé riachtanach ort-sa
géilleadh dhomhsa mar is mise an t-Áird-Rí; muna
ndéanfair, buaidhfidh na Lochlannaigh orainn. Is mar
so d'fhreagróchadh Cormac é, mar bhí eolas cruinn ar
stair na hÉireann aige: tá an ceart agat-sa, a
Áird-Rí, acht is deacair ár nós an lae indiu do
bhriseadh, agus dá ngéillfinn-se duit fá mar adeirir
bhainfeadh na taoisigh mo ríghe féin díom agus chuirfidís rí
eile im' ionad. Gheabhair an cháin uainn do gheallann
an dlighe dhuit. Caithfir na cúigí do smachtughadh sul
a mbeir id' cheann dáiríribh ar Éirinn. Ní smachto-
chaidh comhairle acht neart cuisleann iad. Óráit do
Dhiarmaid mac Cearbhaill.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services