Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhealachas
Title
Gaedhealachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meitheamh 24, 1905. Gaedhealachas. Dubhramair beagán an tseachtmhain seo ghaibh tharainn ar cheist an Chúigea- chais. Is dóigh linn gurab é bun-adhbhar na díoghbhála go léir, gan aithne a bheith againn ar a chéile, is gur mó go mór an caidreamh atá againn ar an dtaobh neamh-fhóghanta d'earball Sheagháin Bhuidhe 'ná mar atá againn ar thréithibh is ar ghnúisibh a chéile. Táid Gaedhil leis na céadtaibh bliadhan deighilte ó chéile. Ní bhfuaradar an chaothamhlacht ar theacht le chéile i gcúrsaibh gnó na críche, is d'fhág soin gach cúige ag maireachtain ar a shlighe féin. Ar an adhbhar soin ní hiongnadh ná fuilimíd ar éan-nós i ngach nídh. Níor mhaith linn muinntir éan-chúige do dhéanamh dearmhaid ar a ndálaibh féin. Badh mhaith linn iad go léir a bheith go beodha aibidh ins na nidhthibh a bhaineann leo féin. An té ná fuil ann crích a dhéanamh ar a shon féin is beag an mhaith é i n-éan-chor. Is follus do'n tsaoghal é sin. Acht tá Éire os cionn gach cúige díobh. Is í is máthair dúinn go léir, agus má tá cion againn dáríribh uirthi agus má's fonn linn í 'dhul chun cinn is éigin dúinn gan a cúram a chur dínn go deo. Ná beireadh éinne leis gur dóigh linn gur cúram beag ná mothóghadh duine an cúram úd. Ní mar sin dó ar éan- chor. Ualach trom is eadh é, agus ualach achrannach. Acht is usa é 'iomchar nuair a bhíonn sé táithte le gean. Ní choisceann Éire orainn rud a dhéanamh ar ár son féin, acht gan dearmhad a dhéanamh uirthi-se an fhaid a beam le soláthar. Ní choisceann orainn cúigeachas acht gan an chúigeachas a dhul tar fóir. Badh mhaith léi go gcuirfimís cruinn-eolas ar a chéile. Is breagh thar bárr léi fear “goidé mar tá tú” agus fear “cé chaoi 'bhfuil tú,” agus fear “cionnus taoi,” acht gráin a cléibh agus a scart is eadh fear “'ow dee doo.” Bímís-na amhlaidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services