Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaedhealachas

Title
Gaedhealachas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Meitheamh 24, 1905.



Gaedhealachas.



Dubhramair beagán an tseachtmhain
seo ghaibh tharainn ar cheist an Chúigea-
chais. Is dóigh linn gurab é bun-adhbhar
na díoghbhála go léir, gan aithne a bheith
againn ar a chéile, is gur mó go mór
an caidreamh atá againn ar an dtaobh
neamh-fhóghanta d'earball Sheagháin
Bhuidhe 'ná mar atá againn ar thréithibh
is ar ghnúisibh a chéile. Táid Gaedhil
leis na céadtaibh bliadhan deighilte ó
chéile. Ní bhfuaradar an chaothamhlacht
ar theacht le chéile i gcúrsaibh gnó na
críche, is d'fhág soin gach cúige ag
maireachtain ar a shlighe féin. Ar an
adhbhar soin ní hiongnadh ná fuilimíd
ar éan-nós i ngach nídh.



Níor mhaith linn muinntir éan-chúige
do dhéanamh dearmhaid ar a ndálaibh
féin. Badh mhaith linn iad go léir a
bheith go beodha aibidh ins na nidhthibh a
bhaineann leo féin. An té ná fuil ann
crích a dhéanamh ar a shon féin is beag
an mhaith é i n-éan-chor. Is follus
do'n tsaoghal é sin.



Acht tá Éire os cionn gach cúige
díobh. Is í is máthair dúinn go léir, agus
má tá cion againn dáríribh uirthi agus
má's fonn linn í 'dhul chun cinn is éigin
dúinn gan a cúram a chur dínn go deo.
Ná beireadh éinne leis gur dóigh linn
gur cúram beag ná mothóghadh duine
an cúram úd. Ní mar sin dó ar éan-
chor. Ualach trom is eadh é, agus ualach
achrannach. Acht is usa é 'iomchar
nuair a bhíonn sé táithte le gean.



Ní choisceann Éire orainn rud a
dhéanamh ar ár son féin, acht gan
dearmhad a dhéanamh uirthi-se an
fhaid a beam le soláthar. Ní
choisceann orainn cúigeachas acht
gan an chúigeachas a dhul tar
fóir. Badh mhaith léi go gcuirfimís
cruinn-eolas ar a chéile. Is breagh
thar bárr léi fear “goidé mar tá tú”
agus fear “cé chaoi 'bhfuil tú,” agus
fear “cionnus taoi,” acht gráin a
cléibh agus a scart is eadh fear “'ow dee
doo.” Bímís-na amhlaidh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services