Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. An Tríomhadh Ceann Déag (ar leanamhaint) Bhí ríoghacht na hÉireann briste leis an uair sin; acht níor bha le neart namhad deorata do briseadh í, acht le hóinseamhlacht a chlainne féin do laguigh úghdarás a nÁird-Ríogh. Níor chomhnuigh aon Áird-Rí eile i rígh-theach na Teamhrach ó bhás an ríogh uasail thír- ghrádhaigh úd, Diarmaid mac Cearbhaill, mar bhí an mhallacht ar an Teamhair. Bhí a leithéid sin de spior- spear déanta de chumhacht an Áird-Ríogh nách raibh ann feasta acht fá mar do bheadh bréag-rí. Ní túisge bhí an rí Diarmaid marbh 'ná gur deineadh láithreach dhá Áird-Rí 'na ionad, Domhnall agus Feargus, beirt mhac Mhuircheartaigh mhic Earca, agus do riaghluigheadar an bheirt sin ar feadh bliadhna agus deineadh beirt eile 'na n-ionad annsoin, Baothán agus Eochaidh, agus riaghluigh an bheirt sin trí bliadhna eile. Ar feadh céad bliadhan 'na dhiaidh sin bhí fiche Áird-Rí ar Éirinn, agus cúig nó sé uaire bhí dhá Áird-Rí i n-éinfheacht ar an tír. Ní bhfuil sé do réir nádúir go réidteochadh dhá Áird-Rí ar aon chathaoir ríoghachta amháin le chéile agus ní mó 'ná réidhtigheadar súd. Ní dheachaidh aon tír riamh chum cinn agus ní rachaidh go deo gan riaghlóir; agus, ó aim- sir Dhiarmada go teacht na Lochlannach, níor mhachtnuigh muinntir na hÉireann gur theastuigh riaghlóir láidir uatha do chuirfeadh smacht ar gach duine, bíodh sé íseal nó uasal, do chuirfeadh i gcoinnibh dlíghthe na tíre. Roimhe sin ní raibh éin-fhear sa tír le cur i gcomór- tas leis an Áird-Rígh; acht tháinig atharrughadh méine ar dhaoinibh, agus cheapadar gur mhó easpog 'ná rí. Tá an cheist seo sa tSeanchus Mhór, agus, do réir mar thuig- im, cuireadh ar mhacaibh léighinn í le haghaidh bheith 'na mbreitheamhnaibh dóibh. “Cia'ca,” adeir an leabhar dlighe sin, “is mó easpog nó rí?” Agus is é an freagra atá leis: “Is mó an t-easpog mar is leis- sean ríoghacht spioradálta acht ní fhuil ag an rígh acht ríoghacht shaoghalta.” Tuigfear ó'n bhfreagra soin go raibh urraim d'easpog i nÉirinn níos mó ná bhí i n-aon tír eile. Do réir mar thuigim, thuill sé an urraim sin. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ar thaobh na síothchána, agus ba dhuthrachtach é chum léighinn is creidimh do chur chum cinn. Mar sin féin, ceapaim gur mío-ádhmharach an rud do'n eaglais agus do'n tír easpog do chur suas is anuas le rígh, mar bhí a lán daoine 'an thaobh soin ag cúl-chainnt ar an eaglais agus 'ghá rádh go raibh breis éirghe 'n-áirde uirthi. Bhí éad ag na draoithibh léi leis, agus bhí mórán aca ar faid na tíre fós i n-aindeoin shaothair na sagart. Bhí scoileanna maithe ag na draoithibh sin, mar a múinidís léigheann dúthchais agus ceárdaidheacht. Bhí múinteoirí eile seachas draoithe ag múineadh i n-éin- fheacht leo, agus bhí an t-oideachas chomh maith soin ionnta gur b'iomdha naomh do fuair a chuid léighinn ionnta sul ar cuireadh ar scoil na heaglaise é chum riaghlacha creidimh d'fhoghluim. Bhí teist mhór ar scoileannaibh na heaglaise leis, agus do múintí teangacha eile seachas Gaedhilg ionnta, mar atá Laidean is Gréigis is Eabhraís. Dá chomhartha soin, ní raibh aon scoláirí eile le fágháil ó'n gcúigeadh aois dár dTighearna go teacht na Lochlannach ins an ochtmhadh aois le cur i gcomór- tas le Columbánus is le mórán eile nách é de shean- scoláiríbh na hÉireann. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services