Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



An Tríomhadh Ceann Déag
(ar leanamhaint)



Bhí ríoghacht na hÉireann briste leis an uair sin;
acht níor bha le neart namhad deorata do briseadh í,
acht le hóinseamhlacht a chlainne féin do laguigh
úghdarás a nÁird-Ríogh. Níor chomhnuigh aon Áird-Rí
eile i rígh-theach na Teamhrach ó bhás an ríogh uasail thír-
ghrádhaigh úd, Diarmaid mac Cearbhaill, mar bhí an
mhallacht ar an Teamhair. Bhí a leithéid sin de spior-
spear déanta de chumhacht an Áird-Ríogh nách raibh ann
feasta acht fá mar do bheadh bréag-rí. Ní túisge bhí
an rí Diarmaid marbh 'ná gur deineadh láithreach dhá
Áird-Rí 'na ionad, Domhnall agus Feargus, beirt mhac
Mhuircheartaigh mhic Earca, agus do riaghluigheadar an
bheirt sin ar feadh bliadhna agus deineadh beirt eile 'na
n-ionad annsoin, Baothán agus Eochaidh, agus riaghluigh an
bheirt sin trí bliadhna eile. Ar feadh céad bliadhan
'na dhiaidh sin bhí fiche Áird-Rí ar Éirinn, agus cúig nó sé
uaire bhí dhá Áird-Rí i n-éinfheacht ar an tír.



Ní bhfuil sé do réir nádúir go réidteochadh dhá
Áird-Rí ar aon chathaoir ríoghachta amháin le chéile agus ní
mó 'ná réidhtigheadar súd. Ní dheachaidh aon tír riamh
chum cinn agus ní rachaidh go deo gan riaghlóir; agus, ó aim-
sir Dhiarmada go teacht na Lochlannach, níor mhachtnuigh
muinntir na hÉireann gur theastuigh riaghlóir láidir
uatha do chuirfeadh smacht ar gach duine, bíodh sé íseal
nó uasal, do chuirfeadh i gcoinnibh dlíghthe na tíre.
Roimhe sin ní raibh éin-fhear sa tír le cur i gcomór-
tas leis an Áird-Rígh; acht tháinig atharrughadh méine
ar dhaoinibh, agus cheapadar gur mhó easpog 'ná rí. Tá
an cheist seo sa tSeanchus Mhór, agus, do réir mar thuig-
im, cuireadh ar mhacaibh léighinn í le haghaidh bheith 'na
mbreitheamhnaibh dóibh. “Cia'ca,” adeir an leabhar
dlighe sin, “is mó easpog nó rí?” Agus is é an
freagra atá leis: “Is mó an t-easpog mar is leis-
sean ríoghacht spioradálta acht ní fhuil ag an rígh acht
ríoghacht shaoghalta.” Tuigfear ó'n bhfreagra soin go
raibh urraim d'easpog i nÉirinn níos mó ná bhí i
n-aon tír eile.



Do réir mar thuigim, thuill sé an urraim sin. Bhíodh
sé i gcomhnuidhe ar thaobh na síothchána, agus ba dhuthrachtach
é chum léighinn is creidimh do chur chum cinn. Mar sin
féin, ceapaim gur mío-ádhmharach an rud do'n eaglais
agus do'n tír easpog do chur suas is anuas le rígh, mar
bhí a lán daoine 'an thaobh soin ag cúl-chainnt ar an
eaglais agus 'ghá rádh go raibh breis éirghe 'n-áirde uirthi.



Bhí éad ag na draoithibh léi leis, agus bhí mórán aca
ar faid na tíre fós i n-aindeoin shaothair na sagart.



Bhí scoileanna maithe ag na draoithibh sin, mar a
múinidís léigheann dúthchais agus ceárdaidheacht. Bhí
múinteoirí eile seachas draoithe ag múineadh i n-éin-
fheacht leo, agus bhí an t-oideachas chomh maith soin ionnta
gur b'iomdha naomh do fuair a chuid léighinn ionnta
sul ar cuireadh ar scoil na heaglaise é chum riaghlacha
creidimh d'fhoghluim.



Bhí teist mhór ar scoileannaibh na heaglaise leis, agus
do múintí teangacha eile seachas Gaedhilg ionnta,
mar atá Laidean is Gréigis is Eabhraís.



Dá chomhartha soin, ní raibh aon scoláirí eile le
fágháil ó'n gcúigeadh aois dár dTighearna go teacht
na Lochlannach ins an ochtmhadh aois le cur i gcomór-
tas le Columbánus is le mórán eile nách é de shean-
scoláiríbh na hÉireann.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services