Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas.
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas.
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Léigheann & Oideachas. Árd-Sgoil Ghaedhealach. Dá mhéid daoine a labhrann ar an gceist seo an léighinn táid siad go léir socair ar aon nídh amháin, 'sé sin go bhfuil Árd-Sgoil ag teasdabháil uainn, agus ag teasdabháil go cruaidh uainn. Agus go deimhin is cóir dúinn a admháil gur fadó bhí a leithéid againn dá mbeadh aon anam ionainn, agus gan leigint do Ghallaibh a dteanga a bheith 'n-a leath mbéal acu fúinn. Táim deimhnitheach de'n méid seo leis, go bhfuil glúin ag éirghe suas i nÉirinn anois a thógfaidh an gnó so 'na lámh féin, má táimíd-ne chomh meathta soin is go bhfágfaimíd fútha é. Sin í an cheist. An bhfuilmíd chomh meathta soin? An dtabharfaimíd le rádh dá dtiocfaidh 'nár ndiaidh, agus an dtabharfaimíd le rádh do'n tsaoghal mhór, go leigfimíd do sgata bheag Allmhurach an éagcóir chéadna d'imirt ar ár lean'íbh a himireadh orainn féin, agus a fheabhas a thuigimíd méid na héag- córa soin? B'é an náire saoghalta dúinn é dá mbeadh a leithéid le hinn- sint orainn. Ní ghéillim héin go bhfuil an meathtacht soin ag baint le Gaedh- ealaibh an lae indiu, agus 'sí an chéad cheist eile atá romhainn cionnus a bheidh an Árd-Sgoil ar bun againn. An rud adubhart cheana seasuighim fós leis, go dtabharfadh an Riaghaltas Árd-Sgoil dúinn gan puinn moille dá mbeidhmís dian ár ndóthain san éileamh, nó badh cheart dom a rádh, dá bhfeicidís ár gcosa daingean i dtal- amh againn. Ní gábhadh dúinn a cheap- adh, ámhthuigh, go mbeidís ró-rabair- neach sa airgead linn, agus níor mhór dúinn bheith ag cur 'na theannta uainn féin ó ló go chéile. An chuid is fearr de'n léigheann atá uainn, agus ní fhéad- faimíd soin a bheith againn gan díol go maith as. Caithfimíd, pé sgéal é, ár lámh a bheith i n-ár bpóca féin againn, mar is gnáthach linn, nó beidh- míd gan léigheann. Acht ba mhór an nídh liom an Riaghaltas do luighe fé chuid de'n chostas. Tá, do réir mar a thuigim, a lán daoine ar an aigne chéadna soin, agus a lán eile ná fuil. 'Sé deir an mhuinntir eile, gur bh'fhearra dúinn tosnughadh láithreach, agus Árd-Sgoil a chur suas as ár n-ucht féin, gan aon bhraith a bheith ar an Riaghaltas níos sia againn. Bheidhinn ana-shásta ar fad leis an gcomhairle sin, agus déarfainn gur bh'é an rud do b'fhearr a thuit amach i nÉirinn le fada é, acht go bhfuighinn an pobul Gaedhealach go léir ar an intinn chéadna. Dá bhfeicinn an pobul Gaedhealach ag seasamh i gcoinne na gColáisdí nGallda chomh fearamhail chomh fonnmhar is do sheasuigheadar i gcoinne na dtighearnaidhe talmhan, déarfainn nár mhisde dúinn cad é an costas a chuirfimís orainn féin. Acht níor buaileadh an chéad bhuille i n-aon chor fós. Agus go dtí go bhfeicinn na buillí dhá mbualadh ní ró-mhaith a thaithneoch' sé liom bheith ag cur tuill- eadh costais orm héin, agus a theanga 'na leath bhéal ag mo namhaid fúm. Feargus Finnbhéil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services