Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas.

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Léigheann & Oideachas.
Author(s)
Feargus Finnbhéil,
Pen Name
Feargus Finnbhéil
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Léigheann & Oideachas.



Árd-Sgoil Ghaedhealach.



Dá mhéid daoine a labhrann ar an
gceist seo an léighinn táid siad go
léir socair ar aon nídh amháin, 'sé sin
go bhfuil Árd-Sgoil ag teasdabháil
uainn, agus ag teasdabháil go cruaidh
uainn. Agus go deimhin is cóir dúinn
a admháil gur fadó bhí a leithéid
againn dá mbeadh aon anam ionainn,
agus gan leigint do Ghallaibh a dteanga
a bheith 'n-a leath mbéal acu fúinn.
Táim deimhnitheach de'n méid seo
leis, go bhfuil glúin ag éirghe suas i
nÉirinn anois a thógfaidh an gnó so
'na lámh féin, má táimíd-ne chomh
meathta soin is go bhfágfaimíd fútha
é.



Sin í an cheist. An bhfuilmíd chomh
meathta soin? An dtabharfaimíd le
rádh dá dtiocfaidh 'nár ndiaidh, agus an
dtabharfaimíd le rádh do'n tsaoghal
mhór, go leigfimíd do sgata bheag
Allmhurach an éagcóir chéadna d'imirt
ar ár lean'íbh a himireadh orainn féin,
agus a fheabhas a thuigimíd méid na héag-
córa soin? B'é an náire saoghalta
dúinn é dá mbeadh a leithéid le hinn-
sint orainn. Ní ghéillim héin go bhfuil
an meathtacht soin ag baint le Gaedh-
ealaibh an lae indiu, agus 'sí an chéad
cheist eile atá romhainn cionnus a
bheidh an Árd-Sgoil ar bun againn.



An rud adubhart cheana seasuighim
fós leis, go dtabharfadh an Riaghaltas
Árd-Sgoil dúinn gan puinn moille
dá mbeidhmís dian ár ndóthain san
éileamh, nó badh cheart dom a rádh, dá
bhfeicidís ár gcosa daingean i dtal-
amh againn. Ní gábhadh dúinn a cheap-
adh, ámhthuigh, go mbeidís ró-rabair-
neach sa airgead linn, agus níor mhór
dúinn bheith ag cur 'na theannta uainn
féin ó ló go chéile. An chuid is fearr
de'n léigheann atá uainn, agus ní fhéad-
faimíd soin a bheith againn gan díol
go maith as. Caithfimíd, pé sgéal é,
ár lámh a bheith i n-ár bpóca féin
againn, mar is gnáthach linn, nó beidh-
míd gan léigheann. Acht ba mhór an
nídh liom an Riaghaltas do luighe fé
chuid de'n chostas. Tá, do réir mar
a thuigim, a lán daoine ar an aigne
chéadna soin, agus a lán eile ná fuil.



'Sé deir an mhuinntir eile, gur
bh'fhearra dúinn tosnughadh láithreach, agus
Árd-Sgoil a chur suas as ár n-ucht
féin, gan aon bhraith a bheith ar an
Riaghaltas níos sia againn. Bheidhinn
ana-shásta ar fad leis an gcomhairle
sin, agus déarfainn gur bh'é an rud do
b'fhearr a thuit amach i nÉirinn le
fada é, acht go bhfuighinn an pobul
Gaedhealach go léir ar an intinn
chéadna. Dá bhfeicinn an pobul
Gaedhealach ag seasamh i gcoinne na
gColáisdí nGallda chomh fearamhail
chomh fonnmhar is do sheasuigheadar i
gcoinne na dtighearnaidhe talmhan,
déarfainn nár mhisde dúinn cad é an
costas a chuirfimís orainn féin. Acht
níor buaileadh an chéad bhuille i n-aon
chor fós. Agus go dtí go bhfeicinn
na buillí dhá mbualadh ní ró-mhaith a
thaithneoch' sé liom bheith ag cur tuill-
eadh costais orm héin, agus a theanga 'na
leath bhéal ag mo namhaid fúm.



Feargus Finnbhéil.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services