Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire (ar leanamhaint)
Title
Éire (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. (ar leanamhaint). Is as ár sean-leabhraibh féin atá pé eolas atá againn ar na draoithibh agus ar chreideamh na sean- Ghaedheal. Thug Iúl Caesar agus Rómhánaigh eile, chomh maith le hugharaibh Gréagacha, tuairisc ar imtheachtaibh draoithe na Breataine agus Ghallia, agus le deabhadh gan
smuaineadh do scríobh cúigear nó seisear scríbhneoirí i nÉirinn leabhair ins an aois seo ghabh tharainn dá dearbhadh gur mar a chéile creideamh draoithe Éireann leis an gcreideamh do bhí 'ghá fhoillsiughadh ins an mBreatain ar an am gcéadna. Ní ghéilleann ár scoláirí eolacha Ó Comhraidhe agus Ó Donnabháin leis sin i n-aon chor; agus gidh go raibh cosmhaileacht idir an dá chreideamh, bhí deithfir mhór eatortha mar sin féin. D'ofrálaidís draoithe Bhreatain is Ghallia fuil daonda dá ndéithibh, agus ní fhuil aon ughdarás i n-aon chor ag cúig nó sé de scoláiribh i nÉirinn adubhairt ins an aois seo ghabh tharainn go raibh an choir uathbhásach soin ag baint le sean-chreideamh na nGaedheal. Dá mbeadh a leithéid de ghnás dhéistineach imeasc na nGaedheal, d'inneosadh Pádraig nó ceann éigin eile de naomhaibh na hÉireann dúinn é, nó Cormac naomhtha Mac Cuileannáin, na Ceithre Mháighistir, Céitinn, nó bárd nó ollamh éigin eile. Fuair U.K. Ó Súilleabháin rotha seama éigin 'na taobh i sgríbhinn. Fuair Cormac Ó Conchubhair líne bheag eile, agus d'aontuigh Árd-Easbog Ó hÉaluighthe leo i leabhar mhaith do scríobh sé ar shean- scoilibh is shean-scoláiribh na hÉireann. Bhí eolas Uí Chomhraidhe agus Uí Dhonnabháin seacht n-uaire níos mó 'ná a n-eolas súd, agus go mór-mhór do léigheadar gach sgríbhinn do bhain leis an scéal, agus 'sé a dtuairim nách bhfuil pioc ughdaráis le rádh gur ofráil na sean- Ghaedhil fuil dhaonda dá rígh-íodhal, Crom Cruach. Go dearbhtha ní deacair an cheist do réidhtiughadh. Tá cúpla líne ins na Dinnseanchus, cúpla focal i leabhar Bhaile-an-Mhóta, agus dhá líne ghearr sa Leabhar Laighneach, agus badh bheag é mo mheas ar aon scoláire adéarfadh gur thaisbeánadar súd gur ofráil na sean-Ghaedhil fuil a gclainne ná fuil aon duine eile acht chomh beag do Chrom Cruach. Is é an focal beag soin “soth” do chuir amudha is ar mearbhall na scoláirí seo, mar tá dhá bhrígh leis an bhfocal soin — 'sé sin “clann” agus “ál.” Ní dócha go gcreideann éinne go dtugadh na Gaedhil mar íodhbhairt do Chrom Cruach fuil a gcéad mhic, agus dá réir sin ní gábhadh dhom a thuilleadh do rádh 'na thaobh. Do b'é Crom Cruach árd-íodhal na hÉireann. Bhí ainmneacha eile air, acht is é Crom Cruach nó Crom Dubh is gnáthaighe tugthar air. Bhí sé 'na shuidhe ar Mhuigh Sleachta ó aimsir an rígh Tighearnmas go teacht Phádraig, 'sé sin cheithre céad déag bliadhan; agus do thagadh na hÉireannaigh ann, agus shleachtaidís iad féin do'n íodhal úd, agus d'iarraidís air rath na bliadhna do chur ortha. D'iarraidís air, fá mar adeir an Leabhar Laighneach, “blicht isith” — 'sé sin bainne is arbhar, nó an rath ar a mbuaidh is ar a ngortaibh go ceann na bliadhna. Ní dóich liom gur bha deilbh duine Crom Cruach, agus creidim nách raibh ann acht gallán 'na sheasamh ar lár machaire i gCondae an Chabháin. Bhí a mhullach nó a cheann clúduighthe le hór. Tháinig Pádraig agus bhuail sé leis an mBachall Íosa é, agus deir- thear gur chuir an buille sin sa talamh Crom Cruach, acht briseadh é go háirithe. Bhí déithe eile ag na Gaedhealaibh leis — Diancecht, an dia chum leighis, agus a thuilleadh. Bhí tuairim aca go mairfeadh an t-anam d'éis scaramhaint leis an gcorp dí; agus is é an comh- artha agus an teist is soiléire ar intinn is ar smuaintibh na sean-Ghaedheal go raibh, dar leo, an saoghal eile 'na thí choilltigh, shruthánaigh, bhláthmhair, ceol is aoibhneas ann, canntaireacht éan ann, is glór na gcon sa bhfiadhach imeasc na ngleann. An tAONMHADH CEANN DÉAG. BÓRAMHA LAIGHEAN Fuair Rí Laoghaire bás ar thuras cogaidh dó go Laighin, d'éis Éireann do riaghlughadh go maith ar feadh chúig bhlaidhan déag ar fhichid, agus cuireadh é 'na éideadh catha i múr na Teamhrach, a chorp 'na sheasamh, a chlaidh- eamh 'na ghlaic, a chathbhárr ar a cheann, agus a aghaidh ó dheas ar na Laignibh. Págánach borb do b'eadh é, do chaithfeadh a chothrom cirt d'fhágháil agus nár bh'ionntaoibh cur 'na choinnibh. Ní raibh sé i n-aghaidh an Chreidim Chríostaidhe, mar ceap- aim gur chuma leis cad é an saghas creidimh do bheadh 'ghá chraobhscaoileadh acht ná cuirfidhe isteach ar riagh- altas na tíre. Fear intinneach do b'eadh é, go raibh dúil sa cheart aige. Ghlaodhaidh sé chuige ar Naomh Pádraig, ar dhá easbog eile, agus trí breitheamhain mar aon leo, agus é féin mar cheann ortha. Do léigh an t-árd-ollamh dhóibh leabhair na dlighe agus gibé áit go raibh an dlighe ró-chruaidh ar chách do mhachtnuigheadar ar chóir í 'atharrughadh. Coir a mhairbhthe do b'eadh do dhuine, duine eile do mharbhu- ghadh, 'sé sin anam ar anam nó súil ar shúil, acht i n-ionad soin is eadh do cheap an chuallacht léighinn úd fá chúram Ríogh Laoghaire éiric mar dhíoghaltas ar choir agus do b'shin é nós na tíre riamh ó shoin gur leath dlighe Shasana i nÉirinn dhá chéad déag bliadhain 'na dhiaidh súd. Ba bheag atharrughadh eile cuireadh ar an ndlíghe mar nár theasduigh sé uaithi. Bhí rí-chíos dá thabhairt ag gach rígh chuige do'n Áird-Rígh agus fágadh mar sin é. I dteannta an méid sin bhí cáin eile ar Chúige Laighean do b'éigean do'n chúige sin a dhíol gach aon tarna bliadhain agus ba bheag an mhaitheas do Phádraig 'iarraidh ar an rígh í 'mhaitheamh. Ba mhór an chúis imris i nÉirinn an droch-cháin sin. Glaodhtar Bóramha Laighean uirthi agus do b'annamh do dhíol Cúige Laighean í gan bruighin, acht bhí ríghthe na Teamhrach chomh láidir sin agus chomh ceann-dána nár mhaitheadar riamh do'n chúige mhí-ádhbharaighe an cháin ghránda soin. Is dá héileamh do bhí Rí Laoghaire ag dul nuair do bhuail an bhás obann é (463, D.C.). Chuir sé roimis an bóramha úd do thógáil dhá bhliadhain roimhe siúd acht do tógadh é féin 'na hionad mar bhuaidh na Laighnigh chalma air i gcath. Scaoileadar uatha an tÁird-Rí, ámh, ar choingheallaibh ná bainfeadh sé leo go bráthach arís, agus do gheall sé dóibh dar ghréin is ghaoith, do réir mhionn na bPágánach, ná cuirfeadh sé isteach ortha a thuilleadh. Mar sin féin, badh lag leis an Áird-Rígh borb mór- dhálach géilleadh dhóibh. Cheap sé leis féin gur baineadh na coinghil de dá aindeoin. Ní raibh dul as aige, adubhairt sé, is do b'éigean dó an gheallamhaint do thabhairt uaidh, mar nuair do cuirtear an coileach chun treabhadh caitheann sé a dhéanamh. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services