Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire (ar leanamhaint)

Title
Éire (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



(ar leanamhaint).



Is as ár sean-leabhraibh féin atá pé eolas atá
againn ar na draoithibh agus ar chreideamh na sean-
Ghaedheal. Thug Iúl Caesar agus Rómhánaigh eile, chomh
maith le hugharaibh Gréagacha, tuairisc ar imtheachtaibh
draoithe na Breataine agus Ghallia, agus le deabhadh gan


L. 5


smuaineadh do scríobh cúigear nó seisear scríbhneoirí
i nÉirinn leabhair ins an aois seo ghabh tharainn dá
dearbhadh gur mar a chéile creideamh draoithe Éireann
leis an gcreideamh do bhí 'ghá fhoillsiughadh ins an
mBreatain ar an am gcéadna. Ní ghéilleann ár
scoláirí eolacha Ó Comhraidhe agus Ó Donnabháin leis sin
i n-aon chor; agus gidh go raibh cosmhaileacht idir an dá
chreideamh, bhí deithfir mhór eatortha mar sin féin.
D'ofrálaidís draoithe Bhreatain is Ghallia fuil
daonda dá ndéithibh, agus ní fhuil aon ughdarás i n-aon
chor ag cúig nó sé de scoláiribh i nÉirinn adubhairt
ins an aois seo ghabh tharainn go raibh an choir uathbhásach
soin ag baint le sean-chreideamh na nGaedheal. Dá
mbeadh a leithéid de ghnás dhéistineach imeasc na
nGaedheal, d'inneosadh Pádraig nó ceann éigin eile
de naomhaibh na hÉireann dúinn é, nó Cormac naomhtha
Mac Cuileannáin, na Ceithre Mháighistir, Céitinn, nó
bárd nó ollamh éigin eile. Fuair U.K. Ó Súilleabháin
rotha seama éigin 'na taobh i sgríbhinn. Fuair Cormac
Ó Conchubhair líne bheag eile, agus d'aontuigh Árd-Easbog
Ó hÉaluighthe leo i leabhar mhaith do scríobh sé ar shean-
scoilibh is shean-scoláiribh na hÉireann. Bhí eolas Uí
Chomhraidhe agus Uí Dhonnabháin seacht n-uaire níos mó 'ná
a n-eolas súd, agus go mór-mhór do léigheadar gach
sgríbhinn do bhain leis an scéal, agus 'sé a dtuairim nách
bhfuil pioc ughdaráis le rádh gur ofráil na sean-
Ghaedhil fuil dhaonda dá rígh-íodhal, Crom Cruach. Go
dearbhtha ní deacair an cheist do réidhtiughadh. Tá
cúpla líne ins na Dinnseanchus, cúpla focal i leabhar
Bhaile-an-Mhóta, agus dhá líne ghearr sa Leabhar Laighneach,
agus badh bheag é mo mheas ar aon scoláire adéarfadh
gur thaisbeánadar súd gur ofráil na sean-Ghaedhil
fuil a gclainne ná fuil aon duine eile acht chomh beag
do Chrom Cruach. Is é an focal beag soin “soth” do
chuir amudha is ar mearbhall na scoláirí seo, mar tá
dhá bhrígh leis an bhfocal soin — 'sé sin “clann” agus
“ál.” Ní dócha go gcreideann éinne go dtugadh na
Gaedhil mar íodhbhairt do Chrom Cruach fuil a gcéad
mhic, agus dá réir sin ní gábhadh dhom a thuilleadh do rádh
'na thaobh.



Do b'é Crom Cruach árd-íodhal na hÉireann. Bhí
ainmneacha eile air, acht is é Crom Cruach nó Crom
Dubh is gnáthaighe tugthar air. Bhí sé 'na shuidhe ar
Mhuigh Sleachta ó aimsir an rígh Tighearnmas go
teacht Phádraig, 'sé sin cheithre céad déag bliadhan; agus
do thagadh na hÉireannaigh ann, agus shleachtaidís iad
féin do'n íodhal úd, agus d'iarraidís air rath na bliadhna
do chur ortha. D'iarraidís air, fá mar adeir an
Leabhar Laighneach, “blicht isith” — 'sé sin bainne is
arbhar, nó an rath ar a mbuaidh is ar a ngortaibh go
ceann na bliadhna. Ní dóich liom gur bha deilbh duine
Crom Cruach, agus creidim nách raibh ann acht gallán 'na
sheasamh ar lár machaire i gCondae an Chabháin. Bhí a
mhullach nó a cheann clúduighthe le hór. Tháinig
Pádraig agus bhuail sé leis an mBachall Íosa é, agus deir-
thear gur chuir an buille sin sa talamh Crom Cruach,
acht briseadh é go háirithe. Bhí déithe eile ag na
Gaedhealaibh leis — Diancecht, an dia chum leighis, agus a
thuilleadh. Bhí tuairim aca go mairfeadh an t-anam
d'éis scaramhaint leis an gcorp dí; agus is é an comh-
artha agus an teist is soiléire ar intinn is ar smuaintibh
na sean-Ghaedheal go raibh, dar leo, an saoghal eile 'na
thí choilltigh, shruthánaigh, bhláthmhair, ceol is aoibhneas
ann, canntaireacht éan ann, is glór na gcon sa
bhfiadhach imeasc na ngleann.



An tAONMHADH CEANN DÉAG.



BÓRAMHA LAIGHEAN



Fuair Rí Laoghaire bás ar thuras cogaidh dó go
Laighin, d'éis Éireann do riaghlughadh go maith ar feadh
chúig bhlaidhan déag ar fhichid, agus cuireadh é 'na éideadh
catha i múr na Teamhrach, a chorp 'na sheasamh, a chlaidh-
eamh 'na ghlaic, a chathbhárr ar a cheann, agus a aghaidh ó
dheas ar na Laignibh.



Págánach borb do b'eadh é, do chaithfeadh a chothrom
cirt d'fhágháil agus nár bh'ionntaoibh cur 'na choinnibh. Ní
raibh sé i n-aghaidh an Chreidim Chríostaidhe, mar ceap-
aim gur chuma leis cad é an saghas creidimh do bheadh
'ghá chraobhscaoileadh acht ná cuirfidhe isteach ar riagh-
altas na tíre. Fear intinneach do b'eadh é, go raibh
dúil sa cheart aige. Ghlaodhaidh sé chuige ar Naomh
Pádraig, ar dhá easbog eile, agus trí breitheamhain mar
aon leo, agus é féin mar cheann ortha.



Do léigh an t-árd-ollamh dhóibh leabhair na dlighe agus
gibé áit go raibh an dlighe ró-chruaidh ar chách do
mhachtnuigheadar ar chóir í 'atharrughadh. Coir a
mhairbhthe do b'eadh do dhuine, duine eile do mharbhu-
ghadh, 'sé sin anam ar anam nó súil ar shúil, acht
i n-ionad soin is eadh do cheap an chuallacht léighinn
úd fá chúram Ríogh Laoghaire éiric mar dhíoghaltas ar
choir agus do b'shin é nós na tíre riamh ó shoin gur leath
dlighe Shasana i nÉirinn dhá chéad déag bliadhain 'na
dhiaidh súd.



Ba bheag atharrughadh eile cuireadh ar an ndlíghe
mar nár theasduigh sé uaithi. Bhí rí-chíos dá thabhairt ag
gach rígh chuige do'n Áird-Rígh agus fágadh mar sin é. I
dteannta an méid sin bhí cáin eile ar Chúige Laighean
do b'éigean do'n chúige sin a dhíol gach aon tarna
bliadhain agus ba bheag an mhaitheas do Phádraig 'iarraidh
ar an rígh í 'mhaitheamh. Ba mhór an chúis imris i
nÉirinn an droch-cháin sin. Glaodhtar Bóramha Laighean
uirthi agus do b'annamh do dhíol Cúige Laighean í gan
bruighin, acht bhí ríghthe na Teamhrach chomh láidir sin agus
chomh ceann-dána nár mhaitheadar riamh do'n chúige
mhí-ádhbharaighe an cháin ghránda soin.



Is dá héileamh do bhí Rí Laoghaire ag dul nuair do
bhuail an bhás obann é (463, D.C.). Chuir sé roimis an
bóramha úd do thógáil dhá bhliadhain roimhe siúd acht do
tógadh é féin 'na hionad mar bhuaidh na Laighnigh chalma
air i gcath. Scaoileadar uatha an tÁird-Rí, ámh, ar
choingheallaibh ná bainfeadh sé leo go bráthach arís, agus do
gheall sé dóibh dar ghréin is ghaoith, do réir mhionn na
bPágánach, ná cuirfeadh sé isteach ortha a thuilleadh.



Mar sin féin, badh lag leis an Áird-Rígh borb mór-
dhálach géilleadh dhóibh. Cheap sé leis féin gur baineadh
na coinghil de dá aindeoin. Ní raibh dul as aige,
adubhairt sé, is do b'éigean dó an gheallamhaint do
thabhairt uaidh, mar nuair do cuirtear an coileach chun
treabhadh caitheann sé a dhéanamh.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services