Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seachtmhain na gCrann
Title
Seachtmhain na gCrann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Feabhra 18, 1905. Seachtmhain na gCrann. Do shocruigheadh i dtaobh ceiste na gcrann ar an gCoiste Gnótha an tseachtmhain seo ghaibh tharainn, nó b'fhéidir gur chóra dhúinn a rádh gur socruigheadh an cheist chomh fada is a théidheann an bhaint atá ag Connradh na Gaedhilge leis. Bhí díospóireacht fada 'na thaobh agus do moladh an fothrom atá gá dhéanamh ins na páipéaraibh mar gheall air. Is eagal linn, ámh, ná fuil leath ár ndóthain de'n bhfothrom dá dhéanamh againn. Níor mhór do dhuine hurdí-gurdí bheadh ag síor-chasadh is ag síorbhéicidh chun an tairbhe a thagann de shaothar cheiste de'n tsórd so a chur i dtuigsint d'fheirmeoiríbh na hÉireann. Ní ag fágháil locht ná ag tromaidheacht ortha é, acht badh dhóigh le duine gur mithid dóibh anois casadh ar shlíghthibh nua agus a fhios ag gach éinne go bhfuil atharrrughadh mór tagaithe ar an saoghal. Ar an gcruinniughadh an tseacht- mhain seo ghaibh tharainn do dheineadh a lán cainnte i dtaobh “Lá na gCrann,” agus an uair de'n bhlaidhain do b'fhearr chun crainn a chur. Bhí daoine láith- reach ann atá ag cur crann le fiche bliadhain nó os a chionn. B'í tuairim na ndaoine sin gurab é Mí na Samhna an taca de'n bhliadhain is fearr i gcomhair na hoibre seo. Do shocruigheadh, dá réir sin, ar Mhí na Samhna. Dubhairt duine áirithe gur mhaith agus gur thairbheach an rud seacht- mhain a leagadh amach i gcomhair na gcrann, chomh maith le lá áirithe. D'fhágfadh soin a rogha lá de'n tseacht- mhain ag gach éinne i gcomhair na hoibre. Annsoin do chuimhnigheadh air gur ar feadh trí lá roimh Oidhche Shamhna agus trí lá 'na dhiaidh do bhíodh Feis Teamhrach ar siubhal fad ó, gur i gcaitheamh na haimsire céadna a bhíodh aonach mór Thailteann ann, agus 'san sean-shaoghal annso i nÉirinn go dtug- taoi an-urraim do thráth na Samhna. De bhrígh sin do shocruigheadh ar “Lá na gCrann” a dhéanamh de lá deiridh an Fhóghmhair i Oidhche Shamhna agus “Seacht- mhain na gCrann” a dhéanamh de'n tseachtmhain gurab é an lá soin an lá meadháin ann. Is dóigh linn féin go raibh ciall mhaith ag riar na comhairle úd. Is é rud is ceart dúinn a dhéanamh anois ná tosnughadh ar an gceist a chur ar bun 'na cheart i mbliadhna. B'fhéidir nár mór cead na hÁrd-Fheise d'fhágh- áil. Annsoin d'fhéadfadh gach craobh a lá féin de'n tseachtmhain a thoghadh agus tosach maith a dhéanamh ar na crainn a chur. Tosach maith leath na hoibre.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services