Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seachtmhain na gCrann

Title
Seachtmhain na gCrann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Feabhra 18, 1905.



Seachtmhain na gCrann.



Do shocruigheadh i dtaobh ceiste na
gcrann ar an gCoiste Gnótha an
tseachtmhain seo ghaibh tharainn, nó
b'fhéidir gur chóra dhúinn a rádh gur
socruigheadh an cheist chomh fada is a
théidheann an bhaint atá ag Connradh
na Gaedhilge leis. Bhí díospóireacht
fada 'na thaobh agus do moladh an fothrom
atá gá dhéanamh ins na páipéaraibh
mar gheall air. Is eagal linn, ámh, ná
fuil leath ár ndóthain de'n bhfothrom dá
dhéanamh againn. Níor mhór do dhuine
hurdí-gurdí bheadh ag síor-chasadh is ag
síorbhéicidh chun an tairbhe a thagann de
shaothar cheiste de'n tsórd so a chur i
dtuigsint d'fheirmeoiríbh na hÉireann.
Ní ag fágháil locht ná ag tromaidheacht
ortha é, acht badh dhóigh le duine gur
mithid dóibh anois casadh ar shlíghthibh
nua agus a fhios ag gach éinne go bhfuil
atharrrughadh mór tagaithe ar an saoghal.



Ar an gcruinniughadh an tseacht-
mhain seo ghaibh tharainn do dheineadh a
lán cainnte i dtaobh “Lá na gCrann,”
agus an uair de'n bhlaidhain do b'fhearr
chun crainn a chur. Bhí daoine láith-
reach ann atá ag cur crann le fiche
bliadhain nó os a chionn. B'í tuairim
na ndaoine sin gurab é Mí na
Samhna an taca de'n bhliadhain is
fearr i gcomhair na hoibre seo.



Do shocruigheadh, dá réir sin, ar Mhí
na Samhna. Dubhairt duine áirithe gur
mhaith agus gur thairbheach an rud seacht-
mhain a leagadh amach i gcomhair na
gcrann, chomh maith le lá áirithe.
D'fhágfadh soin a rogha lá de'n tseacht-
mhain ag gach éinne i gcomhair na
hoibre. Annsoin do chuimhnigheadh air
gur ar feadh trí lá roimh Oidhche
Shamhna agus trí lá 'na dhiaidh do bhíodh
Feis Teamhrach ar siubhal fad ó, gur i
gcaitheamh na haimsire céadna a bhíodh
aonach mór Thailteann ann, agus 'san
sean-shaoghal annso i nÉirinn go dtug-
taoi an-urraim do thráth na Samhna.
De bhrígh sin do shocruigheadh ar “Lá
na gCrann” a dhéanamh de lá deiridh
an Fhóghmhair i Oidhche Shamhna agus “Seacht-
mhain na gCrann” a dhéanamh de'n
tseachtmhain gurab é an lá soin an lá
meadháin ann.



Is dóigh linn féin go raibh ciall
mhaith ag riar na comhairle úd. Is é
rud is ceart dúinn a dhéanamh anois
ná tosnughadh ar an gceist a chur ar
bun 'na cheart i mbliadhna. B'fhéidir
nár mór cead na hÁrd-Fheise d'fhágh-
áil. Annsoin d'fhéadfadh gach craobh
a lá féin de'n tseachtmhain a thoghadh
agus tosach maith a dhéanamh ar na crainn
a chur. Tosach maith leath na hoibre.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services