Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tÁdhbhar Sagairt
Title
An tÁdhbhar Sagairt
Author(s)
Colm Ó Conaire,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An tÁdhbhar Sagairt “A Pháraic!” Níor labhradh istigh. “'gCluin tú, a pheata?” Níor labhradh. “Céard tá ar an ngasúr? A Pháraic, adeirim!” “Beidh mé soir ar ball, a mhaime,” arsa Páraic, ag labhairt fá dheireadh. “Corruigh leat, a mhaicín. Tá sé i n-am tae, agus dheamhan deor uisge sa teach agam.” Tháinig Páraic aniar as an seomra. “Tá tú ar fágháil sa deireadh. Sguab leat síos go dtí an tobar agus fágh canna uisge dhom, mar dhéanfadh peata. Sin é an canna sa gcúinne.” Rug Páraic ar an gcanna agus lasg leis. “Tá sé ag dul díom-sa,” arsa Bríghid le Marcuisín Mhíchíl Ruaidh, a bhí istigh ag cuairtéarach, “a fhágháil amach céard bhíos sé a dhéanamh ins an seomra sin. Ní túisge a dhinnéar caithte aige 'ná ghlanas sé leis isteach, agus bíonn sé ar iarraidh go ham suip- éir.” “Play éicínt bhíos ar bun aige,” arsa Marcuisín. “Ní sa teach badh cheart do mhalrach mar é a beith tráthnóna breagh, acht ag ropadh leis amuigh fá'n sliabh.” “Aoibhneas duine a thoil,” arsa Marcuisín, ag deargadh a phíopa. “Duine leis féin 'seadh Páraic, ar chuma ar bith,” arsa Bríghid. “Am- annta ní thiubhradh triúir aire dhó, agus amannta eile ní aireochthá sa teach é.” D'fhill Páraic faoi seo, agus níor cainntigheadh a thuilleadh ar an gceist. Baintreabhach a b'eadh Bríghid, agus ní raibh de chlainn aici acht Páraic, gas- úirín deas catach seacht mbliadhan. Chomhnuigheadar — agus comhnuigheann fós, creidim — sa teach bheag úd d'fheicfeá sa ngleann síos uait, ar thaoibh do láimhe deise, ag dul siar an bhóthar dhuit Ó Thurloch go hInbhear. Níor éaluigh Páraic arís an turas so, acht shuidh sé faoi ar a stóilín féin cois teineadh, ag éisteacht le n-a mháthair agus le Marcuisín, a bhí i séis chomhráidh go binn. Bhí Marcuisín tar éis teacht ó aonach na Gaillimhe, agus bhí nuaidheacht an bhaile mhóir fré chéile aige. Bhí an dinnéar ar an mbord nuair tháinig Páraic a bhaile ó'n sgoil lá ar n-a bhárach. D'ith sé a chuid fataí agus d'ól sé a naigín bainne go buidheach beannachtach. Chomh luath is bhí ithte agus ólta aige, chroch sé leis a mháilín leabhar, agus siar leis ins an seomra, mar ba ghnáthach. Níor leig an mháthair uirri go raibh sí ag cur aon tsuim ann. Acht tar éis cúpla móiméad d'osgail sí doras an tseomra go ciúin, agus sháith bárr a sróine isteach. Ní thug Páraic fá deara í, acht bhí radharc aici-se ar gach a raibh ar siubhal sa seomra. Bhí mo dhuine 'na sheasamh i lár an urláir ag feistiughadh air féin a léine oidhche. Nuair a bhí sí sin cóirighthe i gceart air, chuir sé ar a bárr amuigh,
thar a ghuailnibh, cóta dearg le n-a mháthair a bhí crochta ar an mballa. Thóg sé amach annsin an leabhar ba mhó dá raibh aige 'na mháilín — b'é an leabhar é sin acht “Tadhg Gabha” — d'osgail é, agus do leath os a chomhair ar an mbord é, 'na leath-luighe leis an sgathán. Annsin do thosuigh na gorthí dá ríribh. Sheas Páraic ar aghaidh an bhuird amach d'fheac a ghlún, choisrigh é féin, agus thosuigh air ag paidreoireacht os árd. Ní go maith a bhí Bríghid i n-ann é thuigsint, acht do réir mar cheap sí, bhí Laidin agus Gaedhilg measgtha tré n-a chéile 'na chuid cainnte, agus bhí corr- fhocal aige nár chosmhail le Laidin ná le Gaedhilg. Dá mhéid iongantas dá raibh ar Bhríghid fá'n obair seo, ba mhó 'ná sin an t-iongantas a bhí uirri nuair chonnaic sí Páraic ag umhlughadh, ag bualadh a uchta, ag pógadh an buird, ag leigint air go raibh sé ag léigheadh paidreacha Laidne as “Tadhg Gabha,” agus ag imirt gach cleas b'aistighe 'ná a chéile. Níor thuig sí i gceart céard a bhí ar bun aige gur thionntuigh sé thart agus adubhairt: “Dominus Vobiscum.” “Sábhálaidh Dia sinn!” ar sise léithi féin. “Tá sé ag cur i gcéill go bhfuil sé 'na shagart, agus é ag léigheadh Aifrinn! Sin í an chulaidh Aifrinn atá air, agus 'sé an leabhar beag Gaedhilge Leabhar an Aifrinn!” Ní bréag a rádh go raibh Bríghid sgannruighthe. Tháinig sí thar ais do'n chistinigh, agus shuidh os comhair na teineadh. Ní raibh a fhios aici céard badh cheart di a dheánamh. Bhí sí idir dhá chomhairle ciaca badh chóra dhi dualgas an tsleisne a thabhairt do Pháraic nó dhul ar a dhá ghlúin roimhe agus a bheannacht a iarraidh! “Cá bhfios dom,” ar sise léithi féin, “nach peacadh uathbhásaighe dhom leigint dó aithris a dhéanamh ar an sagart mar sin? Acht cá bhfios dom, 'na dhiaidh sin, nach naomh as na Flaithis atá ins an teach agam? Agus, ár ndóigh, badh mhillteach an peacadh é naomh a bhualadh! Go maithidh Dia dhom é, is minic a bhuail mé cheana é! Tá mé i dteannta, go cinnte.” Níor chodail Bríghid néall an oidhche sin, acht ag cur na ceiste seo tré chéile. Lá ar n-a bhárach, chomh luath is bhí Páraic glanta leis chum na scoile, chuir Bríghid an glas ar an doras, bhuail an bóthar, agus níor bhain méar dá sróin gur shroich sí teach an tsagairt, agus gur innis a sgéala ó thús go deireadh do'n Athair Antoine. Ní dhearna an sagart acht meanga-gháire; acht bhí Bríghid leis nó gur bhain sí gealladh as go ngabh- fadh sé isteach chuici an tráthnóna sin. Lasg léithi a bhaile annsin go héad- trom-chroidheach. Níor chlis an sagart uirri. Bhuail sé isteach chuici sa tráthnóna, ag dul a bhaile dhó ó theach an mháighistir. Tráthamhail go leor, bhí Páraic sa seomra ag “léigheadh Aifrinn.” “Ar t'anam is ná labhair, a Athair!” arsa Bríghid. “Tá sé istigh.” Théaluigh an bheirt as bárr a gcos anonn go dtí doras an tseomra, agus dearc isteach. Bhí Páraic gléasta go díreach mar bhí an lá roimhe sin, agus é ag guidhe go deaghmhóideach. Sheas an sagart sgathamh ag breathnughadh air. Fá dheireadh thionntuigh mo dhuine thart, agus ag tabhairt aighthe ar an bpobal, mar dh'eadh — “Orate fratres,” ar seisean amach ós árd. Le linn é seo a rádh, chonnaic sé a mháthair agus an sagart sa doras. Dhearg sé agus sheas gan corrughadh. “Gabh i leith annso chugam,” ars' an tAthair Antoine. Tháinig Páraic anall go faitcheach. “Céard é seo atá ar bun agat?” ars' an sagart. “Bhí mé ag léigheadh Aifrinn, a Athair,” arsa Pádraic. Dubhairt sé an méid seo go cúthail, acht ba léir nár cheap sé go raibh aon cheo as an mbealach déanta aige — agus ár ndóigh ní raibh. Níor mar sin do Bhríghid bhocht a bhí ar chrith-eagla. “Ná bí ró-chruaidh air, a Athair,” ar sise — “níl sé acht óg.” Leag an sagart a lámh go héad- trom ar cheann bán an ghasúir, agus labhair sé go ciúin cneasta leis. “Tá tú ró-óg fós, a Pháraicín,” adeir sé, “le bheith 'do shagart, agus níl sé geallta d'aon duine acht do shagart Dé Aifreann a rádh. Acht cogair mé seo. Ar mhaith leat freas- tail ag an altóir?” Las súile Pháraic, agus dhearg a ghruaidh arís — ní le cúthaileacht é an turas so, acht le bárr ríméid. “Óra, badh mhaith, a Athair,” adeir sé. “Níl aon rud a b'fhearr liom.” “Déanfaidh sin,” ars' an sagart. “Feicim go bhfuil cuid de na paidreachaibh agat cheana.” “Acht, a Athair, a mhúis**” arsa Bríghid, agus stop go hobann. “Céard tá anois ort?” adeir an sagart. “Bríste ná bróga níor chaith sé fós!” ar sise. “Is luath liom bríste a chur air go —” Sgairt an sagart ag gáiridhe. “Níor chualas riamh,” ar seisean, “go bhfuil gábhadh le bríste. Cuirfimíd casóigín beag ar bharr a chóta amuigh air, agus mise mo bhannaí go rachaidh sé go deas dó. Maidir le brógaibh, tá péire againn a d'fhág Máirtín an Iasgaire 'na dhiaidh nuair a chuaidh sé go hUachtar Árd. Gléasfamuid i gceart thú, a Pháraic níl baoghal,” ar seisean. Agus amach an doras leis gan a thuilleadh a rádh. Nuair a bhí an sagart imighthe, chrom an mháthair agus phóg sí a maicín. “Mo ghrádh thú!” adeir sí. Ag dul a chodladh di an oidhche sin, b'iad na focla deiridh adubhairt sí léithi féin: “Béidh mo mhaicín 'na shagart! Agus cá bhfios dom,” ar sise, ag dúnadh a súl di, “cá, bhfios dom nach 'na easpog a bhéas sé amach anseo!” Colm Ó Conaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services