Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tÁdhbhar Sagairt
Title
An tÁdhbhar Sagairt
Author(s)
Colm Ó Conaire,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">An tÁdhbhar Sagairt</title><author><name type="main">Colm Ó Conaire</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1905_02_18_05</note> <note type="L">05</note> <note type="B">1905</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1905_02_18_05</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Colm Ó Conaire</author><title>An tÁdhbhar Sagairt</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1905</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>An tÁdhbhar Sagairt</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>“A Pháraic!”</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Níor labhradh istigh.</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>“'gCluin tú, a pheata?”</span></p> <lb n="8"/> <lb n="9"/><p><span>Níor labhradh.</span></p> <lb n="10"/> <lb n="11"/><p><span>“Céard tá ar an ngasúr? A</span> <lb n="12"/><span>Pháraic, adeirim!”</span></p> <lb n="13"/> <lb n="14"/><p><span>“Beidh mé soir ar ball, a mhaime,”</span> <lb n="15"/><span>arsa Páraic, ag labhairt fá dheireadh.</span></p> <lb n="16"/> <lb n="17"/><p><span>“Corruigh leat, a mhaicín. Tá sé i</span> <lb n="18"/><span>n-am tae, agus dheamhan deor uisge sa</span> <lb n="19"/><span>teach agam.”</span></p> <lb n="20"/> <lb n="21"/><p><span>Tháinig Páraic aniar as an seomra.</span></p> <lb n="22"/> <lb n="23"/><p><span>“Tá tú ar fágháil sa deireadh.</span> <lb n="24"/><span>Sguab leat síos go dtí an tobar agus</span> <lb n="25"/><span>fágh canna uisge dhom, mar dhéanfadh</span> <lb n="26"/><span>peata. Sin é an canna sa gcúinne.”</span></p> <lb n="27"/> <lb n="28"/><p><span>Rug Páraic ar an gcanna agus lasg</span> <lb n="29"/><span>leis.</span></p> <lb n="30"/> <lb n="31"/><p><span>“Tá sé ag dul díom-sa,” arsa</span> <lb n="32"/><span>Bríghid le Marcuisín Mhíchíl Ruaidh, a</span> <lb n="33"/><span>bhí istigh ag cuairtéarach, “a fhágháil</span> <lb n="34"/><span>amach céard bhíos sé a dhéanamh ins an</span> <lb n="35"/><span>seomra sin. Ní túisge a dhinnéar</span> <lb n="36"/><span>caithte aige 'ná ghlanas sé leis isteach,</span> <lb n="37"/><span>agus bíonn sé ar iarraidh go ham suip-</span> <lb n="38"/><span>éir.”</span></p> <lb n="39"/> <lb n="40"/><p><span>“Play éicínt bhíos ar bun aige,”</span> <lb n="41"/><span>arsa Marcuisín.</span></p> <lb n="42"/> <lb n="43"/><p><span>“Ní sa teach badh cheart do mhalrach</span> <lb n="44"/><span>mar é a beith tráthnóna breagh, acht ag</span> <lb n="45"/><span>ropadh leis amuigh fá'n sliabh.”</span></p> <lb n="46"/> <lb n="47"/><p><span>“Aoibhneas duine a thoil,” arsa</span> <lb n="48"/><span>Marcuisín, ag deargadh a phíopa.</span></p> <lb n="49"/> <lb n="50"/><p><span>“Duine leis féin 'seadh Páraic, ar</span> <lb n="51"/><span>chuma ar bith,” arsa Bríghid. “Am-</span> <lb n="52"/><span>annta ní thiubhradh triúir aire dhó, agus</span> <lb n="53"/><span>amannta eile ní aireochthá sa teach é.”</span></p> <lb n="54"/> <lb n="55"/><p><span>D'fhill Páraic faoi seo, agus níor</span> <lb n="56"/><span>cainntigheadh a thuilleadh ar an gceist.</span></p> <lb n="57"/> <lb n="58"/><p><span>Baintreabhach a b'eadh Bríghid, agus ní</span> <lb n="59"/><span>raibh de chlainn aici acht Páraic, gas-</span> <lb n="60"/><span>úirín deas catach seacht mbliadhan.</span> <lb n="61"/><span>Chomhnuigheadar — agus comhnuigheann fós,</span> <lb n="62"/><span>creidim — sa teach bheag úd d'fheicfeá</span> <lb n="63"/><span>sa ngleann síos uait, ar thaoibh do</span> <lb n="64"/><span>láimhe deise, ag dul siar an bhóthar</span> <lb n="65"/><span>dhuit Ó Thurloch go hInbhear.</span></p> <lb n="66"/> <lb n="67"/><p><span>Níor éaluigh Páraic arís an turas</span> <lb n="68"/><span>so, acht shuidh sé faoi ar a stóilín féin</span> <lb n="69"/><span>cois teineadh, ag éisteacht le n-a mháthair</span> <lb n="70"/><span>agus le Marcuisín, a bhí i séis chomhráidh</span> <lb n="71"/><span>go binn. Bhí Marcuisín tar éis teacht</span> <lb n="72"/><span>ó aonach na Gaillimhe, agus bhí nuaidheacht</span> <lb n="73"/><span>an bhaile mhóir fré chéile aige.</span></p> <lb n="74"/> <lb n="75"/><p><span>Bhí an dinnéar ar an mbord nuair</span> <lb n="76"/><span>tháinig Páraic a bhaile ó'n sgoil lá ar</span> <lb n="77"/><span>n-a bhárach. D'ith sé a chuid fataí agus</span> <lb n="78"/><span>d'ól sé a naigín bainne go buidheach</span> <lb n="79"/><span>beannachtach. Chomh luath is bhí ithte agus</span> <lb n="80"/><span>ólta aige, chroch sé leis a mháilín</span> <lb n="81"/><span>leabhar, agus siar leis ins an seomra,</span> <lb n="82"/><span>mar ba ghnáthach.</span></p> <lb n="83"/> <lb n="84"/><p><span>Níor leig an mháthair uirri go raibh</span> <lb n="85"/><span>sí ag cur aon tsuim ann. Acht tar</span> <lb n="86"/><span>éis cúpla móiméad d'osgail sí doras</span> <lb n="87"/><span>an tseomra go ciúin, agus sháith bárr a</span> <lb n="88"/><span>sróine isteach. Ní thug Páraic fá</span> <lb n="89"/><span>deara í, acht bhí radharc aici-se ar</span> <lb n="90"/><span>gach a raibh ar siubhal sa seomra.</span></p> <lb n="91"/> <lb n="92"/><p><span>Bhí mo dhuine 'na sheasamh i lár an</span> <lb n="93"/><span>urláir ag feistiughadh air féin a léine</span> <lb n="94"/><span>oidhche. Nuair a bhí sí sin cóirighthe i</span> <lb n="95"/><span>gceart air, chuir sé ar a bárr amuigh,</span></p> </div> <pb n="6"/> <div><lb n="96"/><p><span>thar a ghuailnibh, cóta dearg le n-a</span> <lb n="97"/><span>mháthair a bhí crochta ar an mballa.</span> <lb n="98"/><span>Thóg sé amach annsin an leabhar ba mhó</span> <lb n="99"/><span>dá raibh aige 'na mháilín — b'é an</span> <lb n="100"/><span>leabhar é sin acht “Tadhg Gabha” —</span> <lb n="101"/><span>d'osgail é, agus do leath os a chomhair ar</span> <lb n="102"/><span>an mbord é, 'na leath-luighe leis an</span> <lb n="103"/><span>sgathán.</span></p> <lb n="104"/> <lb n="105"/><p><span>Annsin do thosuigh na gorthí dá ríribh.</span> <lb n="106"/><span>Sheas Páraic ar aghaidh an bhuird</span> <lb n="107"/><span>amach d'fheac a ghlún, choisrigh é féin,</span> <lb n="108"/><span>agus thosuigh air ag paidreoireacht os</span> <lb n="109"/><span>árd. Ní go maith a bhí Bríghid i n-ann</span> <lb n="110"/><span>é thuigsint, acht do réir mar cheap sí,</span> <lb n="111"/><span>bhí Laidin agus Gaedhilg measgtha tré n-a</span> <lb n="112"/><span>chéile 'na chuid cainnte, agus bhí corr-</span> <lb n="113"/><span>fhocal aige nár chosmhail le Laidin ná</span> <lb n="114"/><span>le Gaedhilg. Dá mhéid iongantas dá</span> <lb n="115"/><span>raibh ar Bhríghid fá'n obair seo, ba mhó</span> <lb n="116"/><span>'ná sin an t-iongantas a bhí uirri</span> <lb n="117"/><span>nuair chonnaic sí Páraic ag umhlughadh,</span> <lb n="118"/><span>ag bualadh a uchta, ag pógadh an</span> <lb n="119"/><span>buird, ag leigint air go raibh sé ag</span> <lb n="120"/><span>léigheadh paidreacha Laidne as “Tadhg</span> <lb n="121"/><span>Gabha,” agus ag imirt gach cleas b'aistighe</span> <lb n="122"/><span>'ná a chéile. Níor thuig sí i gceart</span> <lb n="123"/><span>céard a bhí ar bun aige gur thionntuigh</span> <lb n="124"/><span>sé thart agus adubhairt:</span></p> <lb n="125"/> <lb n="126"/><p><span>“Dominus Vobiscum.”</span></p> <lb n="127"/> <lb n="128"/><p><span>“Sábhálaidh Dia sinn!” ar sise léithi</span> <lb n="129"/><span>féin. “Tá sé ag cur i gcéill go</span> <lb n="130"/><span>bhfuil sé 'na shagart, agus é ag léigheadh</span> <lb n="131"/><span>Aifrinn! Sin í an chulaidh Aifrinn atá</span> <lb n="132"/><span>air, agus 'sé an leabhar beag Gaedhilge</span> <lb n="133"/><span>Leabhar an Aifrinn!”</span></p> <lb n="134"/> <lb n="135"/><p><span>Ní bréag a rádh go raibh Bríghid</span> <lb n="136"/><span>sgannruighthe. Tháinig sí thar ais do'n</span> <lb n="137"/><span>chistinigh, agus shuidh os comhair na</span> <lb n="138"/><span>teineadh. Ní raibh a fhios aici céard</span> <lb n="139"/><span>badh cheart di a dheánamh. Bhí sí idir</span> <lb n="140"/><span>dhá chomhairle ciaca badh chóra dhi</span> <lb n="141"/><span>dualgas an tsleisne a thabhairt do</span> <lb n="142"/><span>Pháraic nó dhul ar a dhá ghlúin roimhe agus</span> <lb n="143"/><span>a bheannacht a iarraidh!</span></p> <lb n="144"/> <lb n="145"/><p><span>“Cá bhfios dom,” ar sise léithi</span> <lb n="146"/><span>féin, “nach peacadh uathbhásaighe dhom</span> <lb n="147"/><span>leigint dó aithris a dhéanamh ar an</span> <lb n="148"/><span>sagart mar sin? Acht cá bhfios dom,</span> <lb n="149"/><span>'na dhiaidh sin, nach naomh as na Flaithis</span> <lb n="150"/><span>atá ins an teach agam? Agus, ár</span> <lb n="151"/><span>ndóigh, badh mhillteach an peacadh é</span> <lb n="152"/><span>naomh a bhualadh! Go maithidh Dia dhom</span> <lb n="153"/><span>é, is minic a bhuail mé cheana é! Tá</span> <lb n="154"/><span>mé i dteannta, go cinnte.”</span></p> <lb n="155"/> <lb n="156"/><p><span>Níor chodail Bríghid néall an oidhche</span> <lb n="157"/><span>sin, acht ag cur na ceiste seo tré</span> <lb n="158"/><span>chéile.</span></p> <lb n="159"/> <lb n="160"/><p><span>Lá ar n-a bhárach, chomh luath is bhí</span> <lb n="161"/><span>Páraic glanta leis chum na scoile, chuir</span> <lb n="162"/><span>Bríghid an glas ar an doras, bhuail an</span> <lb n="163"/><span>bóthar, agus níor bhain méar dá sróin gur</span> <lb n="164"/><span>shroich sí teach an tsagairt, agus gur innis</span> <lb n="165"/><span>a sgéala ó thús go deireadh do'n</span> <lb n="166"/><span>Athair Antoine. Ní dhearna an sagart</span> <lb n="167"/><span>acht meanga-gháire; acht bhí Bríghid leis</span> <lb n="168"/><span>nó gur bhain sí gealladh as go ngabh-</span> <lb n="169"/><span>fadh sé isteach chuici an tráthnóna sin.</span> <lb n="170"/><span>Lasg léithi a bhaile annsin go héad-</span> <lb n="171"/><span>trom-chroidheach.</span></p> <lb n="172"/> <lb n="173"/><p><span>Níor chlis an sagart uirri. Bhuail</span> <lb n="174"/><span>sé isteach chuici sa tráthnóna, ag dul</span> <lb n="175"/><span>a bhaile dhó ó theach an mháighistir.</span> <lb n="176"/><span>Tráthamhail go leor, bhí Páraic sa</span> <lb n="177"/><span>seomra ag “léigheadh Aifrinn.”</span></p> <lb n="178"/> <lb n="179"/><p><span>“Ar t'anam is ná labhair, a Athair!”</span> <lb n="180"/><span>arsa Bríghid. “Tá sé istigh.”</span></p> <lb n="181"/> <lb n="182"/><p><span>Théaluigh an bheirt as bárr a gcos</span> <lb n="183"/><span>anonn go dtí doras an tseomra, agus</span> <lb n="184"/><span>dearc isteach. Bhí Páraic gléasta go</span> <lb n="185"/><span>díreach mar bhí an lá roimhe sin, agus é</span> <lb n="186"/><span>ag guidhe go deaghmhóideach. Sheas an</span> <lb n="187"/><span>sagart sgathamh ag breathnughadh air.</span></p> <lb n="188"/> <lb n="189"/><p><span>Fá dheireadh thionntuigh mo dhuine</span> <lb n="190"/><span>thart, agus ag tabhairt aighthe ar an</span> <lb n="191"/><span>bpobal, mar dh'eadh —</span></p> <lb n="192"/> <lb n="193"/><p><span>“Orate fratres,” ar seisean amach</span> <lb n="194"/><span>ós árd.</span></p> <lb n="195"/> <lb n="196"/><p><span>Le linn é seo a rádh, chonnaic sé a</span> <lb n="197"/><span>mháthair agus an sagart sa doras. Dhearg</span> <lb n="198"/><span>sé agus sheas gan corrughadh.</span></p> <lb n="199"/> <lb n="200"/><p><span>“Gabh i leith annso chugam,” ars' an</span> <lb n="201"/><span>tAthair Antoine.</span></p> <lb n="202"/> <lb n="203"/><p><span>Tháinig Páraic anall go faitcheach.</span></p> <lb n="204"/> <lb n="205"/><p><span>“Céard é seo atá ar bun agat?”</span> <lb n="206"/><span>ars' an sagart.</span></p> <lb n="207"/> <lb n="208"/><p><span>“Bhí mé ag léigheadh Aifrinn, a</span> <lb n="209"/><span>Athair,” arsa Pádraic. Dubhairt sé</span> <lb n="210"/><span>an méid seo go cúthail, acht ba léir</span> <lb n="211"/><span>nár cheap sé go raibh aon cheo as an</span> <lb n="212"/><span>mbealach déanta aige — agus ár ndóigh</span> <lb n="213"/><span>ní raibh.</span></p> <lb n="214"/> <lb n="215"/><p><span>Níor mar sin do Bhríghid bhocht a bhí</span> <lb n="216"/><span>ar chrith-eagla.</span></p> <lb n="217"/> <lb n="218"/><p><span>“Ná bí ró-chruaidh air, a Athair,” ar</span> <lb n="219"/><span>sise — “níl sé acht óg.”</span></p> <lb n="220"/> <lb n="221"/><p><span>Leag an sagart a lámh go héad-</span> <lb n="222"/><span>trom ar cheann bán an ghasúir, agus</span> <lb n="223"/><span>labhair sé go ciúin cneasta leis.</span></p> <lb n="224"/> <lb n="225"/><p><span>“Tá tú ró-óg fós, a Pháraicín,”</span> <lb n="226"/><span>adeir sé, “le bheith 'do shagart, agus níl</span> <lb n="227"/><span>sé geallta d'aon duine acht do</span> <lb n="228"/><span>shagart Dé Aifreann a rádh. Acht</span> <lb n="229"/><span>cogair mé seo. Ar mhaith leat freas-</span> <lb n="230"/><span>tail ag an altóir?”</span></p> <lb n="231"/> <lb n="232"/><p><span>Las súile Pháraic, agus dhearg a ghruaidh</span> <lb n="233"/><span>arís — ní le cúthaileacht é an turas so,</span> <lb n="234"/><span>acht le bárr ríméid.</span></p> <lb n="235"/> <lb n="236"/><p><span>“Óra, badh mhaith, a Athair,” adeir</span> <lb n="237"/><span>sé. “Níl aon rud a b'fhearr liom.”</span></p> <lb n="238"/> <lb n="239"/><p><span>“Déanfaidh sin,” ars' an sagart.</span> <lb n="240"/><span>“Feicim go bhfuil cuid de na</span> <lb n="241"/><span>paidreachaibh agat cheana.”</span></p> <lb n="242"/> <lb n="243"/><p><span>“Acht, a Athair, a mhúis**”</span> <lb n="244"/><span>arsa Bríghid, agus stop go hobann.</span></p> <lb n="245"/> <lb n="246"/><p><span>“Céard tá anois ort?” adeir an</span> <lb n="247"/><span>sagart.</span></p> <lb n="248"/> <lb n="249"/><p><span>“Bríste ná bróga níor chaith sé</span> <lb n="250"/><span>fós!” ar sise. “Is luath liom bríste</span> <lb n="251"/><span>a chur air go —”</span></p> <lb n="252"/> <lb n="253"/><p><span>Sgairt an sagart ag gáiridhe.</span></p> <lb n="254"/> <lb n="255"/><p><span>“Níor chualas riamh,” ar seisean, “go</span> <lb n="256"/><span>bhfuil gábhadh le bríste. Cuirfimíd</span> <lb n="257"/><span>casóigín beag ar bharr a chóta amuigh</span> <lb n="258"/><span>air, agus mise mo bhannaí go rachaidh sé</span> <lb n="259"/><span>go deas dó. Maidir le brógaibh, tá</span> <lb n="260"/><span>péire againn a d'fhág Máirtín an</span> <lb n="261"/><span>Iasgaire 'na dhiaidh nuair a chuaidh sé</span> <lb n="262"/><span>go hUachtar Árd. Gléasfamuid i</span> <lb n="263"/><span>gceart thú, a Pháraic níl baoghal,” ar</span> <lb n="264"/><span>seisean. Agus amach an doras leis</span> <lb n="265"/><span>gan a thuilleadh a rádh.</span></p> <lb n="266"/> <lb n="267"/><p><span>Nuair a bhí an sagart imighthe, chrom</span> <lb n="268"/><span>an mháthair agus phóg sí a maicín.</span></p> <lb n="269"/> <lb n="270"/><p><span>“Mo ghrádh thú!” adeir sí.</span></p> <lb n="271"/> <lb n="272"/><p><span>Ag dul a chodladh di an oidhche sin,</span> <lb n="273"/><span>b'iad na focla deiridh adubhairt sí</span> <lb n="274"/><span>léithi féin: “Béidh mo mhaicín 'na</span> <lb n="275"/><span>shagart! Agus cá bhfios dom,” ar</span> <lb n="276"/><span>sise, ag dúnadh a súl di, “cá, bhfios</span> <lb n="277"/><span>dom nach 'na easpog a bhéas sé amach</span> <lb n="278"/><span>anseo!”</span></p> <lb n="279"/> <lb n="280"/><p><span>Colm Ó Conaire.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services