An tÁdhbhar Sagairt
“A Pháraic!”
Níor labhradh istigh.
“'gCluin tú, a pheata?”
Níor labhradh.
“Céard tá ar an ngasúr? A
Pháraic, adeirim!”
“Beidh mé soir ar ball, a mhaime,”
arsa Páraic, ag labhairt fá dheireadh.
“Corruigh leat, a mhaicín. Tá sé i
n-am tae, agus dheamhan deor uisge sa
teach agam.”
Tháinig Páraic aniar as an seomra.
“Tá tú ar fágháil sa deireadh.
Sguab leat síos go dtí an tobar agus
fágh canna uisge dhom, mar dhéanfadh
peata. Sin é an canna sa gcúinne.”
Rug Páraic ar an gcanna agus lasg
leis.
“Tá sé ag dul díom-sa,” arsa
Bríghid le Marcuisín Mhíchíl Ruaidh, a
bhí istigh ag cuairtéarach, “a fhágháil
amach céard bhíos sé a dhéanamh ins an
seomra sin. Ní túisge a dhinnéar
caithte aige 'ná ghlanas sé leis isteach,
agus bíonn sé ar iarraidh go ham suip-
éir.”
“Play éicínt bhíos ar bun aige,”
arsa Marcuisín.
“Ní sa teach badh cheart do mhalrach
mar é a beith tráthnóna breagh, acht ag
ropadh leis amuigh fá'n sliabh.”
“Aoibhneas duine a thoil,” arsa
Marcuisín, ag deargadh a phíopa.
“Duine leis féin 'seadh Páraic, ar
chuma ar bith,” arsa Bríghid. “Am-
annta ní thiubhradh triúir aire dhó, agus
amannta eile ní aireochthá sa teach é.”
D'fhill Páraic faoi seo, agus níor
cainntigheadh a thuilleadh ar an gceist.
Baintreabhach a b'eadh Bríghid, agus ní
raibh de chlainn aici acht Páraic, gas-
úirín deas catach seacht mbliadhan.
Chomhnuigheadar — agus comhnuigheann fós,
creidim — sa teach bheag úd d'fheicfeá
sa ngleann síos uait, ar thaoibh do
láimhe deise, ag dul siar an bhóthar
dhuit Ó Thurloch go hInbhear.
Níor éaluigh Páraic arís an turas
so, acht shuidh sé faoi ar a stóilín féin
cois teineadh, ag éisteacht le n-a mháthair
agus le Marcuisín, a bhí i séis chomhráidh
go binn. Bhí Marcuisín tar éis teacht
ó aonach na Gaillimhe, agus bhí nuaidheacht
an bhaile mhóir fré chéile aige.
Bhí an dinnéar ar an mbord nuair
tháinig Páraic a bhaile ó'n sgoil lá ar
n-a bhárach. D'ith sé a chuid fataí agus
d'ól sé a naigín bainne go buidheach
beannachtach. Chomh luath is bhí ithte agus
ólta aige, chroch sé leis a mháilín
leabhar, agus siar leis ins an seomra,
mar ba ghnáthach.
Níor leig an mháthair uirri go raibh
sí ag cur aon tsuim ann. Acht tar
éis cúpla móiméad d'osgail sí doras
an tseomra go ciúin, agus sháith bárr a
sróine isteach. Ní thug Páraic fá
deara í, acht bhí radharc aici-se ar
gach a raibh ar siubhal sa seomra.
Bhí mo dhuine 'na sheasamh i lár an
urláir ag feistiughadh air féin a léine
oidhche. Nuair a bhí sí sin cóirighthe i
gceart air, chuir sé ar a bárr amuigh,
thar a ghuailnibh, cóta dearg le n-a
mháthair a bhí crochta ar an mballa.
Thóg sé amach annsin an leabhar ba mhó
dá raibh aige 'na mháilín — b'é an
leabhar é sin acht “Tadhg Gabha” —
d'osgail é, agus do leath os a chomhair ar
an mbord é, 'na leath-luighe leis an
sgathán.
Annsin do thosuigh na gorthí dá ríribh.
Sheas Páraic ar aghaidh an bhuird
amach d'fheac a ghlún, choisrigh é féin,
agus thosuigh air ag paidreoireacht os
árd. Ní go maith a bhí Bríghid i n-ann
é thuigsint, acht do réir mar cheap sí,
bhí Laidin agus Gaedhilg measgtha tré n-a
chéile 'na chuid cainnte, agus bhí corr-
fhocal aige nár chosmhail le Laidin ná
le Gaedhilg. Dá mhéid iongantas dá
raibh ar Bhríghid fá'n obair seo, ba mhó
'ná sin an t-iongantas a bhí uirri
nuair chonnaic sí Páraic ag umhlughadh,
ag bualadh a uchta, ag pógadh an
buird, ag leigint air go raibh sé ag
léigheadh paidreacha Laidne as “Tadhg
Gabha,” agus ag imirt gach cleas b'aistighe
'ná a chéile. Níor thuig sí i gceart
céard a bhí ar bun aige gur thionntuigh
sé thart agus adubhairt:
“Dominus Vobiscum.”
“Sábhálaidh Dia sinn!” ar sise léithi
féin. “Tá sé ag cur i gcéill go
bhfuil sé 'na shagart, agus é ag léigheadh
Aifrinn! Sin í an chulaidh Aifrinn atá
air, agus 'sé an leabhar beag Gaedhilge
Leabhar an Aifrinn!”
Ní bréag a rádh go raibh Bríghid
sgannruighthe. Tháinig sí thar ais do'n
chistinigh, agus shuidh os comhair na
teineadh. Ní raibh a fhios aici céard
badh cheart di a dheánamh. Bhí sí idir
dhá chomhairle ciaca badh chóra dhi
dualgas an tsleisne a thabhairt do
Pháraic nó dhul ar a dhá ghlúin roimhe agus
a bheannacht a iarraidh!
“Cá bhfios dom,” ar sise léithi
féin, “nach peacadh uathbhásaighe dhom
leigint dó aithris a dhéanamh ar an
sagart mar sin? Acht cá bhfios dom,
'na dhiaidh sin, nach naomh as na Flaithis
atá ins an teach agam? Agus, ár
ndóigh, badh mhillteach an peacadh é
naomh a bhualadh! Go maithidh Dia dhom
é, is minic a bhuail mé cheana é! Tá
mé i dteannta, go cinnte.”
Níor chodail Bríghid néall an oidhche
sin, acht ag cur na ceiste seo tré
chéile.
Lá ar n-a bhárach, chomh luath is bhí
Páraic glanta leis chum na scoile, chuir
Bríghid an glas ar an doras, bhuail an
bóthar, agus níor bhain méar dá sróin gur
shroich sí teach an tsagairt, agus gur innis
a sgéala ó thús go deireadh do'n
Athair Antoine. Ní dhearna an sagart
acht meanga-gháire; acht bhí Bríghid leis
nó gur bhain sí gealladh as go ngabh-
fadh sé isteach chuici an tráthnóna sin.
Lasg léithi a bhaile annsin go héad-
trom-chroidheach.
Níor chlis an sagart uirri. Bhuail
sé isteach chuici sa tráthnóna, ag dul
a bhaile dhó ó theach an mháighistir.
Tráthamhail go leor, bhí Páraic sa
seomra ag “léigheadh Aifrinn.”
“Ar t'anam is ná labhair, a Athair!”
arsa Bríghid. “Tá sé istigh.”
Théaluigh an bheirt as bárr a gcos
anonn go dtí doras an tseomra, agus
dearc isteach. Bhí Páraic gléasta go
díreach mar bhí an lá roimhe sin, agus é
ag guidhe go deaghmhóideach. Sheas an
sagart sgathamh ag breathnughadh air.
Fá dheireadh thionntuigh mo dhuine
thart, agus ag tabhairt aighthe ar an
bpobal, mar dh'eadh —
“Orate fratres,” ar seisean amach
ós árd.
Le linn é seo a rádh, chonnaic sé a
mháthair agus an sagart sa doras. Dhearg
sé agus sheas gan corrughadh.
“Gabh i leith annso chugam,” ars' an
tAthair Antoine.
Tháinig Páraic anall go faitcheach.
“Céard é seo atá ar bun agat?”
ars' an sagart.
“Bhí mé ag léigheadh Aifrinn, a
Athair,” arsa Pádraic. Dubhairt sé
an méid seo go cúthail, acht ba léir
nár cheap sé go raibh aon cheo as an
mbealach déanta aige — agus ár ndóigh
ní raibh.
Níor mar sin do Bhríghid bhocht a bhí
ar chrith-eagla.
“Ná bí ró-chruaidh air, a Athair,” ar
sise — “níl sé acht óg.”
Leag an sagart a lámh go héad-
trom ar cheann bán an ghasúir, agus
labhair sé go ciúin cneasta leis.
“Tá tú ró-óg fós, a Pháraicín,”
adeir sé, “le bheith 'do shagart, agus níl
sé geallta d'aon duine acht do
shagart Dé Aifreann a rádh. Acht
cogair mé seo. Ar mhaith leat freas-
tail ag an altóir?”
Las súile Pháraic, agus dhearg a ghruaidh
arís — ní le cúthaileacht é an turas so,
acht le bárr ríméid.
“Óra, badh mhaith, a Athair,” adeir
sé. “Níl aon rud a b'fhearr liom.”
“Déanfaidh sin,” ars' an sagart.
“Feicim go bhfuil cuid de na
paidreachaibh agat cheana.”
“Acht, a Athair, a mhúis**”
arsa Bríghid, agus stop go hobann.
“Céard tá anois ort?” adeir an
sagart.
“Bríste ná bróga níor chaith sé
fós!” ar sise. “Is luath liom bríste
a chur air go —”
Sgairt an sagart ag gáiridhe.
“Níor chualas riamh,” ar seisean, “go
bhfuil gábhadh le bríste. Cuirfimíd
casóigín beag ar bharr a chóta amuigh
air, agus mise mo bhannaí go rachaidh sé
go deas dó. Maidir le brógaibh, tá
péire againn a d'fhág Máirtín an
Iasgaire 'na dhiaidh nuair a chuaidh sé
go hUachtar Árd. Gléasfamuid i
gceart thú, a Pháraic níl baoghal,” ar
seisean. Agus amach an doras leis
gan a thuilleadh a rádh.
Nuair a bhí an sagart imighthe, chrom
an mháthair agus phóg sí a maicín.
“Mo ghrádh thú!” adeir sí.
Ag dul a chodladh di an oidhche sin,
b'iad na focla deiridh adubhairt sí
léithi féin: “Béidh mo mhaicín 'na
shagart! Agus cá bhfios dom,” ar
sise, ag dúnadh a súl di, “cá, bhfios
dom nach 'na easpog a bhéas sé amach
anseo!”
Colm Ó Conaire.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11