Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Tosach
Title
A Tosach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Feabhra 04, 1905. A Tosach Tá beagán eile focal againn le rádh i dtaobh na ceiste seo na scoile. San chéad dul síos is deacair rud de'n tsórd a dhéanamh, acht níor chuir muinntir na Gaedhilge lámh le rud riamh fós ná gur chuireadar chun críche fóghanta é. Badh chóir go mbeadh oiread aithreach cloinne i measc muinntir Chonnartha na Gaedhilge is d'fhóghnfadh chun scoil de'n tsórd so a chur ar siubhal dá gcuiridís a gclann ar scoil ann. Do chítear annsin go mb'fhéidir tosnughadh le deichneabhar is dáfhichid. Do bheadh líon an tighe ag dul i méid ó bhliadhain go bliadhain, agus i gcionn deich mbliadhan nó mar sin do bheadh toradh ár saothair le feiscint go follus ar oideachas na tíre. Cionnus do b'fhéidir an scoil seo a chur ar bun? Sin í an fhadhb. 'Na dhiaidh sin, ní dóigh linn ná gur féidir í scaoileadh. Ní féidir an scoil a chur ar bun ná í choimeád ar siubhal gan airgead. Is dóigh linn go raghadh cúig míle punnt i bhfad, chun an scoil a chur ar bun go háirithe. Níor mhór míle eile bheith ar láimh i gcomhair chostais an chéad bhliadhain. Sin sé míle punnt. An bhfuil éan dul air go mb'fhéidir an méid sin airgid a bhailiughadh? An bhfuil trí fichid duine i nÉirinn do thabharfadh céad punnt an duine uatha d'fhonn an deagh-obair seo a chur ar siubhal? Má tá, badh cheart dúinn tosnughadh uirthi gan mhoill, mar níl éin-bhliadhain dá ngabhann tharainn nach ag dul i n-olcas is i ndonaighe atá ár gcoláistí-ne, 'sé sin i dtaobh oideachais fóghanta Ghaedh- ealaigh. Is fearra dhúinne, muinntir na Gaedhilge tosnughadh i n-am ar oideachas nádúrtha do réir ár mbar- amhla féin a chur i bhfeidhm. Is fearr éan-órlach amháin deagh-shompla ná slat ar fhaid de dheagh-chomhairle. Nuair a chífidh ár gcoláistí gallda go bhfuilmíd-ne i ndáiríribh, is annsoin a bheidh ag baint na gcos dá chéile a d'iarraidh bheith chomh Gaedhealach linn. Dá mbeadh scoil ar bun againn féin agus cumann de Ghaedhilgeoiríbh cliste foghlumtha ghá riar, badh ghearr go mbeadh scoláireacht is léigheann is múinteoirí ar fágháil againn. Ní bheimís i dtúrthaibh le fear an dara leabhair ag múineadh an chéad leabhair. Cuirimís i gcás go raibh deichneabhar is dáfhichid i n-ár scoil-ne, agus fiche punnt san mbliadhain dá fhágháil ó gach nduine aca-san; sin míle punnt san mbliadhain. Dhéanfadh soin an gnó mar thosnughadh, agus badh gearr, dar linne, go mbeadh a thrí oiread, agus os a cionn soin, ann. Is cuma linn caidé an taobh de'n gceist ar a bhféachfar, chífear gur ceist thairbheach í, agus gur cheart do Ghaedhealaibh féachaint 'na dhiaidh gan mhoill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services