Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Tosach

Title
A Tosach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Feabhra 04, 1905.



A Tosach



Tá beagán eile focal againn le
rádh i dtaobh na ceiste seo na scoile.
San chéad dul síos is deacair rud
de'n tsórd a dhéanamh, acht níor chuir
muinntir na Gaedhilge lámh le rud
riamh fós ná gur chuireadar chun críche
fóghanta é. Badh chóir go mbeadh
oiread aithreach cloinne i measc
muinntir Chonnartha na Gaedhilge is
d'fhóghnfadh chun scoil de'n tsórd so a
chur ar siubhal dá gcuiridís a gclann
ar scoil ann. Do chítear annsin go
mb'fhéidir tosnughadh le deichneabhar is
dáfhichid. Do bheadh líon an tighe ag
dul i méid ó bhliadhain go bliadhain, agus
i gcionn deich mbliadhan nó mar sin
do bheadh toradh ár saothair le feiscint
go follus ar oideachas na tíre.



Cionnus do b'fhéidir an scoil seo a
chur ar bun? Sin í an fhadhb. 'Na
dhiaidh sin, ní dóigh linn ná gur
féidir í scaoileadh. Ní féidir an
scoil a chur ar bun ná í choimeád
ar siubhal gan airgead. Is dóigh linn
go raghadh cúig míle punnt i bhfad, chun
an scoil a chur ar bun go háirithe.
Níor mhór míle eile bheith ar láimh i
gcomhair chostais an chéad bhliadhain.
Sin sé míle punnt. An bhfuil éan
dul air go mb'fhéidir an méid sin
airgid a bhailiughadh? An bhfuil trí
fichid duine i nÉirinn do thabharfadh
céad punnt an duine uatha d'fhonn an
deagh-obair seo a chur ar siubhal? Má
tá, badh cheart dúinn tosnughadh uirthi
gan mhoill, mar níl éin-bhliadhain dá
ngabhann tharainn nach ag dul i n-olcas
is i ndonaighe atá ár gcoláistí-ne, 'sé
sin i dtaobh oideachais fóghanta Ghaedh-
ealaigh.



Is fearra dhúinne, muinntir na
Gaedhilge tosnughadh i n-am ar
oideachas nádúrtha do réir ár mbar-
amhla féin a chur i bhfeidhm. Is fearr
éan-órlach amháin deagh-shompla ná
slat ar fhaid de dheagh-chomhairle.
Nuair a chífidh ár gcoláistí gallda go
bhfuilmíd-ne i ndáiríribh, is annsoin a
bheidh ag baint na gcos dá chéile a
d'iarraidh bheith chomh Gaedhealach linn.
Dá mbeadh scoil ar bun againn féin
agus cumann de Ghaedhilgeoiríbh cliste
foghlumtha ghá riar, badh ghearr go
mbeadh scoláireacht is léigheann is
múinteoirí ar fágháil againn. Ní
bheimís i dtúrthaibh le fear an dara
leabhair ag múineadh an chéad leabhair.



Cuirimís i gcás go raibh deichneabhar
is dáfhichid i n-ár scoil-ne, agus fiche
punnt san mbliadhain dá fhágháil ó
gach nduine aca-san; sin míle punnt
san mbliadhain. Dhéanfadh soin an
gnó mar thosnughadh, agus badh gearr, dar
linne, go mbeadh a thrí oiread, agus os a
cionn soin, ann. Is cuma linn caidé
an taobh de'n gceist ar a bhféachfar,
chífear gur ceist thairbheach í, agus gur
cheart do Ghaedhealaibh féachaint 'na
dhiaidh gan mhoill.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services