Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire
Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN tOCHTMHADH CEANN (ar leanamhaint). Do roinneadh Éire idir Éibhear agus Éireamhón, beirt mac Mhileadh, agus bhí coinghill eatortha go mbeadh an leath thuaidh d'Éirinn ag Éireamhón agus an leath theas ag Éibh- ear agus an rud céadna ag sliocht a sleachta. Acht d'éirigh éad agus iomarbháidh idir an mbeirt mban pósta agus bruighean as an imreas soin i n-ar marbhuigheadh Éibhear, agus thóg Éireamhón chuige féin an tír go léir. Céadta bliadhan 'na dhiaidh sin, chuir Eoghan Taidhleach aighneas ar Chonn Chéad-Chathach, sean-athair Chormaic mhic Airt agus sin-sean-athair Chairbre Lifeachair do marbhuigheadh i gcath Ghabhra. Fear tar fhearaibh do b'eadh Eoghan Taidhleach úd, agus ghnídh sé féin agus leomhain na Teamhrach rí-rádh de'n tír ag comhrac le chéile. Do b'éigean do Chonn dhá leith do dhéanamh d'Éireann — leath Chuinn thuaidh dó féin agus leath-Mhogha theas d'Eoghan, mar do bh'é a ainm eile Mogha Nuadhat. Níor shásamh sin Conn i bhfad, mar do bhris sé isteach i gceann tamaill go Cúige Mumhan, agus do chuir sé an rith as Éirinn ar Eoghan Taidhleach. Tá cloch sa Ruachta cois Neidín go ngairmthear an Chloch Bharrach uirthi, mar gur ghéaruigh Conn agus a bhuidheanta a sleagha uirthi ar nós mar do déanfaidís ar bharra.* D'fhill Eoghan Taidhleach arís agus sluaighte amasanna agus eachtrannach leis. Do chogain Conn Céad-Chathach adharc-dhorn a chlaidhimh go dtí an cos iarainn, nuair do chonnaic sé na heachtrannaigh agus Eoghan suidhte ar Mhuigh Léana; agus, ins an mbruighin mhóir do thárluigh de, do thuit Eoghan Taidhleach calma fá chraoisigh Chuinn. Ní gan duadh do chongaibh sliocht Éireamhón a ngreim ar an Teamhair, agus ní túisce bhíodh suaimneas ar faid Éireann 'ná go dtugthaoi aghaidh ar na Rómhánachaibh i mBreatain. Faid do bhí an Bhreatain i seilbh na Rómhánach chuaidh sé de'n Teamhair ceannus d'fhágháil innti, gidh gur chuireadar na hÁird-Ríghthe chuige go minic. Do b'é an iarracht ba ghéire do ghnídheadar 'ná fá Chriomhthán Mór amach 's isteach leis an mbliadhain 377, D.C., nuair do ghluais an rí cuthaigh sin ó'n dTeamhair, agus d'argain, do chreach, is do loisc sé an Bhreatain ó Mhóna go Lonndain. Cuireadh mac Impire na Róimhe, Theodósius óg, 'na choinnibh, agus is bladhmannach atá file Rómhánach ag maoidheamh gur cuireadh na hÉireannaigh ar gcúl. Má's fíor gur cuireadh, ní rabhadar i bhfad gan teacht ar ais arís, mar deir na Rómhánaigh go raibh an fhairrge 'na cubharán bán le hiomad maidí rámha na nÉireannach, agus do scriosadar na Rómhánaigh agus gach Breathnach do chabhruigh leo soin níos measa 'ná riamh. Do b'é Niall Naoi-nGiallach do bhí mar rí is mar cheann feadhna ar an hÉireannachaibh an cor soin; agus, má's cóir a chreideamhaint ó'n bhfile Rómhánach úd, do chuir Stilicó ar gcúl Niall. Bhí an Bandalach úd Stilicó ar an bhfear cogaidh do b'fhearr le n-a linn, agus deir an file Rómhánach go raibh Éire ar caoi go fuidh- each i dtaobh an áir úd ar a cloinn. Is dócha gurab í an fhírinne í go raibh na Rómhánaigh teinn go leor i ndiaidh Neil Naoi-nGiallaigh, agus Stilicó tuirseach de chomh maith, mar, do réir mar a thuigim, bhí buannacht ag na hÉireannachaibh ar an mBreatain as súd amach go ceann dhá chéad bliadhan, ó'n Móna thiar thuaidh go dtí an Mhuir n-Íocht theas. Níor shásamh an méid sin Niall Naoi-nGiallach, mar bhris sé isteach ar cheann a shluagh ar Impireacht na Rómhánach sa bhFrainnc, agus 'na ghluaiseacht bhuadhach ann- súd, iseadh do chaith cuirptheach fealltach dá arm féin sleagh leis, agus do thuit an rí caithréimeach cumasach úd i bfhad ó n-a thír féin. Thug a bhuidheanta dísle leo corp a ríogh go hÉireann. Tá oileánín aoibhinn uaigneach i Loch Cuan i nUlaidh go nglaodhtar “Dún Uí Néill” air, agus deir bunaidhe na háite go bhfuil sé sa béal-oideas aca gurab ann do cuireadh Niall Naoi-nGiallach. Deir daoine eile nách ann do cuireadh é i n-aon-chor, acht amháin go raibh dún aige annsúd agus gurab annsoin do bhíodh a ghialla ar óstaidheacht. Do b'é féin agus Cormac mac Airt an dá rí ba mhó cháil dár shuidh ar chathaoir ríoghamhail na Teamhrach riamh, agus do ba uaidh do tháinig an sliocht ba chumasaighe dár riaghluigh Éire — ar mhuinntir Néill úd do thug sé ríghthe fichead dá dtír. Do b'é a athair, Eochaidh Muigh- mheadhon, Áird-Rí Éireann, agus innsithear go raibh an tÁird-Rí sin ag gabháil an bóthar lá agus go bhfeacaidh sé a chúigear mac istigh i gcéardchain ag cainnt leis na gaibhnibh. Níor bh'éan-cheann-fé dhóibh bheith ag cainnt le gabha, siúd is gur bha phrionnsaí féin iad, mar ba mhór le rádh gabha ins an tsean-aimsir i nÉirinn agus bhí meas ar gach ceárdaidhe eile chomh maith. Dubhairt an tÁird-Rí tuigsineach leis féin go mbeadh 'fhios aige cia aca dá chloinn ba mhó misneach. Bhagair sé chuige ar cheann dá oifigeachaibh. “Cuir an cheárdcha soin fá theine i ngan fhios,” ar seisean, agus, nuair do bhladhm an cheárdcha, do lúighidh an tÁird-Rí ar a chúigear mac giúrléidí na ngaibhne d'fhuasgailt ó'n dteine. Rug gach aon de cheathrar aca ar úir- lisíbh éadtroma, agus ritheadar amach i leathtaobh leo; acht rug an fear do b'óige aca, Niall, ar an inneoin trom agus thóg sé leis í. D'fhill sé ar n-ais thré dheatach is cnámhlach, scuir sé na builg do bheadh trom mar ualach de thriúr fear, agus sciob sé leis thríd an dteine bhúithrigh iad. Conán Maol *File
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services