Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire

Title
Éire
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN tOCHTMHADH CEANN
(ar leanamhaint).



Do roinneadh Éire idir Éibhear agus Éireamhón, beirt
mac Mhileadh, agus bhí coinghill eatortha go mbeadh an leath
thuaidh d'Éirinn ag Éireamhón agus an leath theas ag Éibh-
ear agus an rud céadna ag sliocht a sleachta. Acht
d'éirigh éad agus iomarbháidh idir an mbeirt mban pósta agus
bruighean as an imreas soin i n-ar marbhuigheadh Éibhear,
agus thóg Éireamhón chuige féin an tír go léir. Céadta
bliadhan 'na dhiaidh sin, chuir Eoghan Taidhleach aighneas
ar Chonn Chéad-Chathach, sean-athair Chormaic mhic Airt agus
sin-sean-athair Chairbre Lifeachair do marbhuigheadh i
gcath Ghabhra. Fear tar fhearaibh do b'eadh Eoghan
Taidhleach úd, agus ghnídh sé féin agus leomhain na Teamhrach
rí-rádh de'n tír ag comhrac le chéile. Do b'éigean do
Chonn dhá leith do dhéanamh d'Éireann — leath Chuinn
thuaidh dó féin agus leath-Mhogha theas d'Eoghan, mar do
bh'é a ainm eile Mogha Nuadhat. Níor shásamh sin Conn
i bhfad, mar do bhris sé isteach i gceann tamaill go
Cúige Mumhan, agus do chuir sé an rith as Éirinn ar
Eoghan Taidhleach. Tá cloch sa Ruachta cois Neidín go
ngairmthear an Chloch Bharrach uirthi, mar gur ghéaruigh
Conn agus a bhuidheanta a sleagha uirthi ar nós mar do
déanfaidís ar bharra.* D'fhill Eoghan Taidhleach arís
agus sluaighte amasanna agus eachtrannach leis. Do chogain
Conn Céad-Chathach adharc-dhorn a chlaidhimh go dtí an
cos iarainn, nuair do chonnaic sé na heachtrannaigh agus
Eoghan suidhte ar Mhuigh Léana; agus, ins an mbruighin
mhóir do thárluigh de, do thuit Eoghan Taidhleach calma
fá chraoisigh Chuinn. Ní gan duadh do chongaibh sliocht
Éireamhón a ngreim ar an Teamhair, agus ní túisce bhíodh
suaimneas ar faid Éireann 'ná go dtugthaoi aghaidh ar
na Rómhánachaibh i mBreatain.



Faid do bhí an Bhreatain i seilbh na Rómhánach chuaidh
sé de'n Teamhair ceannus d'fhágháil innti, gidh gur
chuireadar na hÁird-Ríghthe chuige go minic. Do b'é
an iarracht ba ghéire do ghnídheadar 'ná fá Chriomhthán
Mór amach 's isteach leis an mbliadhain 377, D.C.,
nuair do ghluais an rí cuthaigh sin ó'n dTeamhair, agus
d'argain, do chreach, is do loisc sé an Bhreatain ó
Mhóna go Lonndain. Cuireadh mac Impire na Róimhe,
Theodósius óg, 'na choinnibh, agus is bladhmannach atá file
Rómhánach ag maoidheamh gur cuireadh na hÉireannaigh
ar gcúl. Má's fíor gur cuireadh, ní rabhadar i bhfad
gan teacht ar ais arís, mar deir na Rómhánaigh go
raibh an fhairrge 'na cubharán bán le hiomad maidí
rámha na nÉireannach, agus do scriosadar na Rómhánaigh
agus gach Breathnach do chabhruigh leo soin níos measa 'ná
riamh. Do b'é Niall Naoi-nGiallach do bhí mar rí is
mar cheann feadhna ar an hÉireannachaibh an cor soin;
agus, má's cóir a chreideamhaint ó'n bhfile Rómhánach úd,
do chuir Stilicó ar gcúl Niall. Bhí an Bandalach úd
Stilicó ar an bhfear cogaidh do b'fhearr le n-a linn, agus
deir an file Rómhánach go raibh Éire ar caoi go fuidh-
each i dtaobh an áir úd ar a cloinn. Is dócha gurab í
an fhírinne í go raibh na Rómhánaigh teinn go leor i
ndiaidh Neil Naoi-nGiallaigh, agus Stilicó tuirseach de
chomh maith, mar, do réir mar a thuigim, bhí buannacht
ag na hÉireannachaibh ar an mBreatain as súd amach
go ceann dhá chéad bliadhan, ó'n Móna thiar thuaidh go
dtí an Mhuir n-Íocht theas.



Níor shásamh an méid sin Niall Naoi-nGiallach, mar
bhris sé isteach ar cheann a shluagh ar Impireacht na
Rómhánach sa bhFrainnc, agus 'na ghluaiseacht bhuadhach ann-
súd, iseadh do chaith cuirptheach fealltach dá arm féin
sleagh leis, agus do thuit an rí caithréimeach cumasach úd
i bfhad ó n-a thír féin. Thug a bhuidheanta dísle leo
corp a ríogh go hÉireann.



Tá oileánín aoibhinn uaigneach i Loch Cuan i nUlaidh
go nglaodhtar “Dún Uí Néill” air, agus deir bunaidhe
na háite go bhfuil sé sa béal-oideas aca gurab ann
do cuireadh Niall Naoi-nGiallach. Deir daoine eile
nách ann do cuireadh é i n-aon-chor, acht amháin go raibh
dún aige annsúd agus gurab annsoin do bhíodh a ghialla
ar óstaidheacht.



Do b'é féin agus Cormac mac Airt an dá rí ba mhó
cháil dár shuidh ar chathaoir ríoghamhail na Teamhrach
riamh, agus do ba uaidh do tháinig an sliocht ba chumasaighe
dár riaghluigh Éire — ar mhuinntir Néill úd do thug sé
ríghthe fichead dá dtír. Do b'é a athair, Eochaidh Muigh-
mheadhon, Áird-Rí Éireann, agus innsithear go raibh an
tÁird-Rí sin ag gabháil an bóthar lá agus go bhfeacaidh sé
a chúigear mac istigh i gcéardchain ag cainnt leis na
gaibhnibh. Níor bh'éan-cheann-fé dhóibh bheith ag cainnt
le gabha, siúd is gur bha phrionnsaí féin iad, mar ba
mhór le rádh gabha ins an tsean-aimsir i nÉirinn agus bhí
meas ar gach ceárdaidhe eile chomh maith.



Dubhairt an tÁird-Rí tuigsineach leis féin go
mbeadh 'fhios aige cia aca dá chloinn ba mhó misneach.
Bhagair sé chuige ar cheann dá oifigeachaibh. “Cuir an
cheárdcha soin fá theine i ngan fhios,” ar seisean, agus,
nuair do bhladhm an cheárdcha, do lúighidh an tÁird-Rí
ar a chúigear mac giúrléidí na ngaibhne d'fhuasgailt
ó'n dteine. Rug gach aon de cheathrar aca ar úir-
lisíbh éadtroma, agus ritheadar amach i leathtaobh leo;
acht rug an fear do b'óige aca, Niall, ar an inneoin
trom agus thóg sé leis í. D'fhill sé ar n-ais thré dheatach
is cnámhlach, scuir sé na builg do bheadh trom mar
ualach de thriúr fear, agus sciob sé leis thríd an dteine
bhúithrigh iad.



Conán Maol



*File

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services