Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)
Title
Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN SEISEADH CEANN FÍGHEACHÁN RÍGHEACHTA (ar leanamhaint) Tugadh cuireadh ar an mbóthar d'Fheargus chum féasta. Do ghoill sé air an cuireadh do ghlacadh, acht bhí sé fá gheasaibh gan cuireadh chum féasta d'eiteach agus bhí sé riachtanach air Déirdre agus a fear agus a gcomhluadar do scaoileadh roimis go hEamhain Macha mar ná raibh aon droch-ionntaibh aige as Chonchubhar. Mar sin féin, ní túisce do shroicheadar Eamhain, ná gur ghabh éad Chonchubhar agus scaoil sé dream tóghtha de'n Chraoibh Ruaidh fá Naoise agus a bheirt dearbhráthair agus beirt mhac Fhearguis do bhí 'na gcuideachta. Do throid na leomhain i gcuibhreach go calma, bhaineadar na cinn de mhórán de'n Chraoibh Ruaidh, acht marbhuigheadh an
triúr deirbhráthair agus mac le Feargus. Ba mhór an ceann fé agus an tubaiste do Chonchubhar Rí Uladh an chóir sin, mar tháinig Feargus go cúthach agus chrom sé féin agus an méid de'n Chraoibh Ruaidh do lean a bhrat, ar Chonchubhar agus bhí buadhairt is caoi i nEamhain Maca 'na ndiaidh. Bhí gol ban ar feadh na seacht mbliadhan do fearadh cogadh na Tána agus caointe go leor acht ní fhuil caoineadh dhíobh go léir is dubhrónaighe 'ná briseadh croidhe Dheirdre os cionn cuirp chréachta a fir. Is iomdha baintreabhach eile do chaoin a fear leis an uair úd agus ó shoin chomh maith, acht mar sin féin ní chuimhnighthear ar a mbrón chomh soiléir le nuail-dhubhadh Dheirdre i ndiaidh clainne Uisnigh. Is cosmhail an lúigh uaigneach úd do ghabhaim anuas chughainn as na ciantaibh le feaduigheal gaoithe ist oidhche thré chuasaibh dubha cois fairrge. Seo cuid de: Fada an lá gan clann Uisnigh. Nír tuirseach bheith 'na gcuallacht, Mic ríogh le ndiltaigh deoraidhe Trí leomhain chnuic na huamha. Do chuaidh mo radharc uaimse Ag faicsin uaighe Naoise, Gerr go bfuigfe mé m'anam Ní mhaireann mo lucht caointe. Ó's trímse do fealladh ortha Bíadsa d'á dhruing go tuirseach As truagh nách raibh mé i dtalmhain Sul do mharbhadh meic Uisneach. Truagh mo thurus le Fergus Dom' chealgadh don chraebh ruaidh Le briathra bláithe binne Do mealladh sinne an aen-uair. As mé Deirdre gan aeibhnes Is mé a ndeireadh mo bhetha A bheith 'na ndiaigh ós miste Ní bhiadh mise go fada. Is cruaidh do theasduigh an trúir laoch úd ó Chonchubhar Rí Uladh 'na dhiaidh súd mar laguigh Cogadh na Tána cumhacht Eamhna Macha chomh mór soin nách raibh sé riamh ó shoin mar do bhí sé roimh an gcogadh, agus bhí Éire go léir lag agus scriosta go ceann i bhfad. Dá dtagadh na Rómhánaigh an uair sin nuair do bhí na cúigí ar céasaibh a chéile, fá mar do tháinig na Normánaigh 'na dhiaidh súd, níor b'fhéidir cosc do chur leo. Níor lean an scéal i bhfad nuair do bhailigh Rí na Teamhrach a chumhacht chuige. Ceapaim gur bh'é saothar an Áird-Ríogh chum na Teamhrach do dhéanamh neamh- spléadhach fá ndeara éirghe amach na dTuathach agus a gcur na n-uaisle chum báis go hobann, mar bhí na Tuathaigh sin créachta ó chogadh agus tuirseach de. Bhí na cúigí scriosta 'gá chéile agus na taoisigh lag. Do réir mar a thuigim an scéal do mhachtnuigh an tÁird-Rí gur bh'é sin an t-am dó le réim na Teamhrach do chur chum cinn agus ó'n lá do shuidh Tuathal Teachtmhar ar a chathaoir ríoghamhail bhí an Teamhair ag borradh. Bhí sí leis i n-ann smacht do chur ar na cúigíbh dá dtuillidís é. Bhí ceann feasta ar an dtír. Ba gheall le cogadh na mbarún i Sasana cogadh na Tána i nÉirinn. Bhí barúin Shasana ag raobadh a chéile ar feadh dá fichead bliadhan gur mharbhuigheadar a chéile. Thug an méid sin cead a gcinn go ríghthíbh Shasana mar nach raibh na barúin ann chum cur isteach ortha. Thógh ríghthe láidre mar na Túdir fútha féin riaghlughadh na tíre agus d'fhás cumhacht Shasana as an méid sin. Ba chosmhail é díreach le n-ar thuit amach i nÉirinn. Mhairbh taoisigh na Tána a chéile agus fuair an tÁird-Rí dá dheascaibh sin cead a chinn agus d'árduigh sé réim na Teamhrach, agus bhí aon fhuadar amháin fúithí ar feadh cheithre chéad bliadhan 'na dhiaidh súd gur cuireadh mallacht Naoimh Ruadháin uirthi — bhí sí ar tí Impireacht mhór Ghaedhealach do chur ar bun. Do b'shin é, an fáth go raibh an Teamhair ag gabháil dos na Rómhánachaibh i mBreatain ó'n lá do chuireadar fá smacht an tír sin gur ghlanadar a bhaile aisti chum cathair na Róimhe, lár a nImpireachta, do chosnamh. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services