Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)

Title
Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1905
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN SEISEADH CEANN



FÍGHEACHÁN RÍGHEACHTA
(ar leanamhaint)



Tugadh cuireadh ar an mbóthar d'Fheargus chum
féasta. Do ghoill sé air an cuireadh do ghlacadh,
acht bhí sé fá gheasaibh gan cuireadh chum féasta
d'eiteach agus bhí sé riachtanach air Déirdre agus a fear agus a
gcomhluadar do scaoileadh roimis go hEamhain Macha
mar ná raibh aon droch-ionntaibh aige as Chonchubhar.
Mar sin féin, ní túisce do shroicheadar Eamhain, ná
gur ghabh éad Chonchubhar agus scaoil sé dream tóghtha de'n
Chraoibh Ruaidh fá Naoise agus a bheirt dearbhráthair agus
beirt mhac Fhearguis do bhí 'na gcuideachta. Do throid
na leomhain i gcuibhreach go calma, bhaineadar na cinn
de mhórán de'n Chraoibh Ruaidh, acht marbhuigheadh an


L. 5


triúr deirbhráthair agus mac le Feargus. Ba mhór an
ceann fé agus an tubaiste do Chonchubhar Rí Uladh an chóir
sin, mar tháinig Feargus go cúthach agus chrom sé féin agus
an méid de'n Chraoibh Ruaidh do lean a bhrat, ar
Chonchubhar agus bhí buadhairt is caoi i nEamhain Maca 'na
ndiaidh. Bhí gol ban ar feadh na seacht mbliadhan do
fearadh cogadh na Tána agus caointe go leor acht ní fhuil
caoineadh dhíobh go léir is dubhrónaighe 'ná briseadh
croidhe Dheirdre os cionn cuirp chréachta a fir. Is
iomdha baintreabhach eile do chaoin a fear leis an
uair úd agus ó shoin chomh maith, acht mar sin féin ní
chuimhnighthear ar a mbrón chomh soiléir le nuail-dhubhadh
Dheirdre i ndiaidh clainne Uisnigh. Is cosmhail an lúigh
uaigneach úd do ghabhaim anuas chughainn as na ciantaibh
le feaduigheal gaoithe ist oidhche thré chuasaibh dubha
cois fairrge. Seo cuid de:



Fada an lá gan clann Uisnigh.
Nír tuirseach bheith 'na gcuallacht,
Mic ríogh le ndiltaigh deoraidhe
Trí leomhain chnuic na huamha.



Do chuaidh mo radharc uaimse
Ag faicsin uaighe Naoise,
Gerr go bfuigfe mé m'anam
Ní mhaireann mo lucht caointe.



Ó's trímse do fealladh ortha
Bíadsa d'á dhruing go tuirseach
As truagh nách raibh mé i dtalmhain
Sul do mharbhadh meic Uisneach.



Truagh mo thurus le Fergus
Dom' chealgadh don chraebh ruaidh
Le briathra bláithe binne
Do mealladh sinne an aen-uair.



As mé Deirdre gan aeibhnes
Is mé a ndeireadh mo bhetha
A bheith 'na ndiaigh ós miste
Ní bhiadh mise go fada.



Is cruaidh do theasduigh an trúir laoch úd ó Chonchubhar
Rí Uladh 'na dhiaidh súd mar laguigh Cogadh na Tána
cumhacht Eamhna Macha chomh mór soin nách raibh sé riamh ó
shoin mar do bhí sé roimh an gcogadh, agus bhí Éire go léir
lag agus scriosta go ceann i bhfad. Dá dtagadh na
Rómhánaigh an uair sin nuair do bhí na cúigí ar céasaibh
a chéile, fá mar do tháinig na Normánaigh 'na dhiaidh
súd, níor b'fhéidir cosc do chur leo.



Níor lean an scéal i bhfad nuair do bhailigh Rí na
Teamhrach a chumhacht chuige. Ceapaim gur bh'é saothar
an Áird-Ríogh chum na Teamhrach do dhéanamh neamh-
spléadhach fá ndeara éirghe amach na dTuathach agus a gcur
na n-uaisle chum báis go hobann, mar bhí na Tuathaigh
sin créachta ó chogadh agus tuirseach de. Bhí na cúigí
scriosta 'gá chéile agus na taoisigh lag.



Do réir mar a thuigim an scéal do mhachtnuigh an
tÁird-Rí gur bh'é sin an t-am dó le réim na Teamhrach
do chur chum cinn agus ó'n lá do shuidh Tuathal Teachtmhar
ar a chathaoir ríoghamhail bhí an Teamhair ag borradh.
Bhí sí leis i n-ann smacht do chur ar na cúigíbh dá
dtuillidís é. Bhí ceann feasta ar an dtír. Ba gheall
le cogadh na mbarún i Sasana cogadh na Tána i nÉirinn.



Bhí barúin Shasana ag raobadh a chéile ar feadh dá
fichead bliadhan gur mharbhuigheadar a chéile. Thug an
méid sin cead a gcinn go ríghthíbh Shasana mar nach
raibh na barúin ann chum cur isteach ortha. Thógh
ríghthe láidre mar na Túdir fútha féin riaghlughadh na
tíre agus d'fhás cumhacht Shasana as an méid sin. Ba
chosmhail é díreach le n-ar thuit amach i nÉirinn. Mhairbh
taoisigh na Tána a chéile agus fuair an tÁird-Rí dá
dheascaibh sin cead a chinn agus d'árduigh sé réim na
Teamhrach, agus bhí aon fhuadar amháin fúithí ar feadh cheithre
chéad bliadhan 'na dhiaidh súd gur cuireadh mallacht
Naoimh Ruadháin uirthi — bhí sí ar tí Impireacht mhór
Ghaedhealach do chur ar bun.



Do b'shin é, an fáth go raibh an Teamhair ag gabháil
dos na Rómhánachaibh i mBreatain ó'n lá do chuireadar
fá smacht an tír sin gur ghlanadar a bhaile aisti chum
cathair na Róimhe, lár a nImpireachta, do chosnamh.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services