Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)
Title
Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire Léigheachta do léigh Conán Maol do Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4. AN SEISEADH CEANN FÍGHEACHÁN RÍGHEACHTA (ar leanamhaint) Innistear go raibh mustar éigin idir Mhéadbh & Aileall, a fear pósta, cois na teineadh ag ríogh-shuidhe Chruachna, & gur mhaoidhimh sise go raibh sí níos saidhbhre 'ná a fear, mar ba léi a cuid spré fá mar ba leis gach mmaoi eile a cuid shaidhbhris féin i ndiaidh pósta dhi. Is mór an ceann suas do'n tSean-Ghaedheal go raibh na mná chomh neamh-spleadhach & chomh sgurtha soin, mar bhí mná eile an domhain fá chuing 'gá bhfearaibh an aimsir sin. Acht bhí mná na Éireann ó na ciantaibh chomh-ionann le n-a bhfearaibh i gcéim & i saoirseacht, & muna mbeadh go raibh sé sin do réir dlighe, ní bheadh Méadhbh, siúd is gur bha bhainrioghain féin í, ag áireamh a cuid maoine & 'gá cur i gcomórtas le maoin a fir. Acht d'éis an chomhairimh go léir, na seoide luachmhara, na bioráin is na deilgne óir, na falluingí síoda is olna
il-dathacha, na troscáin tighe, na cuacha is an cuirn airgid, na heallaighe idir ba is capaill is caoirigh, d'áiridheadh fá dheireadh go raibh aon tarbh amháin ag Aileall, an “Fionn-Bheannach” do glaodhtaoi air, ná raibh a chosmhaileacht ag Méidhbh. “Tá aon tarbh amháin i nÉirinn do sháróchadh an Fhionn-Bheannach,” ars' an bhean mhórdhálach, & d'iarr sí ar iasacht ar Dháire, taoiseach Chuailgne i gCúige Uladh, an tarbh donn do bhí aige. Cloisimíd, dar linn-ne, i scéaltaibh na Tána an Donn Cuailgne úd ag búithrigh is ag géimrigh nuair do thóg Méadhbh & a sluaighte leo é i n-aindeoin Dháire, már cé nar eitigh Dáire í ar dtúis innseadh dó go ndubhairt a teachtairí fá n-a nguth gur mhaise dhó gan Méadhbh d'eiteach mar go mbéarfadh sise léi an tarbh pé olc maith le Dáire é, & dá dheascaibh sin thiomáin an taoiseach go déaghair as a cheanntar na teachtairí sin nár chuir srian le n-a nguth. Buaileann Chonchubar mac Neasa a sciath & bailigheann sé curaidh na Craoibhe Ruaidhe, an dream laoch ba thréine i nÉirinn, gidh go raibh curaidh tréana i gConnachta chomh maith fá Chéad mac Mágaigh & na Clanna Déaghtha, muinntir an ghaisgidhigh Chonraoi mac Dáire i gCúige Mumhan, & na Laighnigh fá Mhéas- cáire chomh calma le haon aca. Na scamaill sa spéir & an mhúrabhán do bhí ag bailiughadh is ag dorchughadh le fada os cionn Chonchubhair mac Neasa i nEamhain Macha, do bhris sé 'na splanncachaibh fá dheireadh, & cloisimís glór na gclaidheamh is ceol na sleagh ar sciathaibh ar feadh seacht mbliadhan go raibh furmhór na dtaoiseach is na bhfear gcalma marbh. Tá Cúchulainn ann imeasc na Craoibhe Ruaidhe, an fear beag duairc dorcha go raibh a neart go léir, dar liom-sa, i lúthachaibh a bhall is a chroidhe, is nár hoileadh riamh i measc na nGaedheal laoch do gheobhadh air; tá Conall Céarnach ann, an fear fionn mór-ghéagach leathan-ghuailneach go líonfadh mar deirthí a cheann buidhe-chrothanach sciathóg nó cis; tá Conchubhar mac Neasa féin ann, fear cruaidh caol-árd dathamhail ruadh; tá Laoghaire Buadhach ann, taiceach is garg, is Ceilteachar ná tabharfadh, fá mar dubhairt a namhaid an Bhainríoghain Méadhbh, a chúl ar fhearaibh Éireann go léir, iad-san ar aon thaobh amháin & eisean 'na aonar ar an taobh eile. Acht bhí fir nÉireann 'na choinnibh & i gcoinnibh Chonchubhair, ar feadh bliadhna go háirithe, mar i gcionn tamaill d'éirigh an chuid ba mhó de na Muimhneachaibh is cuid mhaith de na Laighnibh as an ngnó, mar ní raibh cúis gearáin aca i gcoinnibh na Craoibhe Ruaidhe, acht amháin gur áitimh Méadhbh ortha cabhrughadh léi féin. Agus bhí cabhair aici leis nách raibh coinne aici leis, míle fear de'n Chraoibh Ruaidh féin fá stiúrughadh an chath-mhíleadh Fearghus mac Ríogh d'fhág Ulaidh mar gheall ar fheall Chonchubhair. Rugadh leanbh inghine ann gur fháistinigh na draoithe go ndoirtfidhe tuilthí fola 'na thaobh dá bhfágfaidhe 'na beathaidh í, acht mar sin féin, i n-ionad an leinbh do chur chun báis fá mar do ceapadh, thóg Conchubhar chuige féin an leanbh soin, chuir sé ar leith-shlíghidh í dá múineadh & dá hoileadh i ngleann aoibhinn uaigneach le haghaidh í phósadh nuair do bheadh sí 'na hannir. Déirdre a hainm & d'fhás sí 'na mnaoi ba bhreaghdha dá bhfeachaidh súil riamh. Dá chuthailighe do chongaibh Conchubhar í fuair sí radharc ar thaoiseach óg de'n Chraoibh Ruaidh dár bh'ainm Naoise, & d'éaluigh sí leis go hAlbain. Thug Conchubhar maitheamhnas dóibh i gceann tamaill, chuir sé Fearghus mac Ríogh mar uarradh ag triall ortha, & d'fhilleadar. Níor bha le toil na mná é acht ní chreidfeadh a fear ná go raibh coimirce Fhearguis cumhachtach a dhóthain le hiad do chosaint ar gach guais, mar ní raibh fear le n-a linn ba ghlaine méin 'na an Feargus úd. Conán Maol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services