Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)

Title
Éire - Fígheachán Rígheachta (ar leanamhaint)
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Éire



Léigheachta do léigh Conán Maol
do
Ghaedhealaibh Lonndain, 1903-4.



AN SEISEADH CEANN



FÍGHEACHÁN RÍGHEACHTA
(ar leanamhaint)



Innistear go raibh mustar éigin idir Mhéadbh &
Aileall, a fear pósta, cois na teineadh ag ríogh-shuidhe
Chruachna, & gur mhaoidhimh sise go raibh sí níos saidhbhre
'ná a fear, mar ba léi a cuid spré fá mar ba leis
gach mmaoi eile a cuid shaidhbhris féin i ndiaidh pósta
dhi. Is mór an ceann suas do'n tSean-Ghaedheal go
raibh na mná chomh neamh-spleadhach & chomh sgurtha soin,
mar bhí mná eile an domhain fá chuing 'gá bhfearaibh an
aimsir sin. Acht bhí mná na Éireann ó na ciantaibh
chomh-ionann le n-a bhfearaibh i gcéim & i saoirseacht, &
muna mbeadh go raibh sé sin do réir dlighe, ní bheadh
Méadhbh, siúd is gur bha bhainrioghain féin í, ag áireamh
a cuid maoine & 'gá cur i gcomórtas le maoin a fir.
Acht d'éis an chomhairimh go léir, na seoide luachmhara, na
bioráin is na deilgne óir, na falluingí síoda is olna


L. 5


il-dathacha, na troscáin tighe, na cuacha is an cuirn
airgid, na heallaighe idir ba is capaill is caoirigh,
d'áiridheadh fá dheireadh go raibh aon tarbh amháin ag
Aileall, an “Fionn-Bheannach” do glaodhtaoi air,
ná raibh a chosmhaileacht ag Méidhbh. “Tá aon tarbh
amháin i nÉirinn do sháróchadh an Fhionn-Bheannach,”
ars' an bhean mhórdhálach, & d'iarr sí ar iasacht ar
Dháire, taoiseach Chuailgne i gCúige Uladh, an tarbh
donn do bhí aige. Cloisimíd, dar linn-ne, i scéaltaibh
na Tána an Donn Cuailgne úd ag búithrigh is ag
géimrigh nuair do thóg Méadhbh & a sluaighte leo é i
n-aindeoin Dháire, már cé nar eitigh Dáire í ar dtúis
innseadh dó go ndubhairt a teachtairí fá n-a nguth gur
mhaise dhó gan Méadhbh d'eiteach mar go mbéarfadh
sise léi an tarbh pé olc maith le Dáire é, & dá
dheascaibh sin thiomáin an taoiseach go déaghair as a
cheanntar na teachtairí sin nár chuir srian le n-a nguth.
Buaileann Chonchubar mac Neasa a sciath & bailigheann
sé curaidh na Craoibhe Ruaidhe, an dream laoch ba
thréine i nÉirinn, gidh go raibh curaidh tréana i
gConnachta chomh maith fá Chéad mac Mágaigh & na
Clanna Déaghtha, muinntir an ghaisgidhigh Chonraoi
mac Dáire i gCúige Mumhan, & na Laighnigh fá Mhéas-
cáire chomh calma le haon aca.



Na scamaill sa spéir & an mhúrabhán do bhí ag
bailiughadh is ag dorchughadh le fada os cionn
Chonchubhair mac Neasa i nEamhain Macha, do bhris sé
'na splanncachaibh fá dheireadh, & cloisimís glór na
gclaidheamh is ceol na sleagh ar sciathaibh ar feadh
seacht mbliadhan go raibh furmhór na dtaoiseach
is na bhfear gcalma marbh. Tá Cúchulainn ann
imeasc na Craoibhe Ruaidhe, an fear beag duairc dorcha
go raibh a neart go léir, dar liom-sa, i lúthachaibh a bhall
is a chroidhe, is nár hoileadh riamh i measc na nGaedheal
laoch do gheobhadh air; tá Conall Céarnach ann, an
fear fionn mór-ghéagach leathan-ghuailneach go líonfadh
mar deirthí a cheann buidhe-chrothanach sciathóg nó
cis; tá Conchubhar mac Neasa féin ann, fear cruaidh
caol-árd dathamhail ruadh; tá Laoghaire Buadhach ann,
taiceach is garg, is Ceilteachar ná tabharfadh, fá mar
dubhairt a namhaid an Bhainríoghain Méadhbh, a chúl ar
fhearaibh Éireann go léir, iad-san ar aon thaobh
amháin & eisean 'na aonar ar an taobh eile. Acht bhí
fir nÉireann 'na choinnibh & i gcoinnibh Chonchubhair, ar
feadh bliadhna go háirithe, mar i gcionn tamaill
d'éirigh an chuid ba mhó de na Muimhneachaibh is cuid
mhaith de na Laighnibh as an ngnó, mar ní raibh cúis
gearáin aca i gcoinnibh na Craoibhe Ruaidhe, acht
amháin gur áitimh Méadhbh ortha cabhrughadh léi féin.



Agus bhí cabhair aici leis nách raibh coinne aici leis,
míle fear de'n Chraoibh Ruaidh féin fá stiúrughadh an
chath-mhíleadh Fearghus mac Ríogh d'fhág Ulaidh mar
gheall ar fheall Chonchubhair.



Rugadh leanbh inghine ann gur fháistinigh na draoithe
go ndoirtfidhe tuilthí fola 'na thaobh dá bhfágfaidhe 'na
beathaidh í, acht mar sin féin, i n-ionad an leinbh do
chur chun báis fá mar do ceapadh, thóg Conchubhar
chuige féin an leanbh soin, chuir sé ar leith-shlíghidh í dá
múineadh & dá hoileadh i ngleann aoibhinn uaigneach le
haghaidh í phósadh nuair do bheadh sí 'na hannir. Déirdre
a hainm & d'fhás sí 'na mnaoi ba bhreaghdha dá bhfeachaidh
súil riamh. Dá chuthailighe do chongaibh Conchubhar í
fuair sí radharc ar thaoiseach óg de'n Chraoibh Ruaidh
dár bh'ainm Naoise, & d'éaluigh sí leis go hAlbain.



Thug Conchubhar maitheamhnas dóibh i gceann tamaill,
chuir sé Fearghus mac Ríogh mar uarradh ag triall
ortha, & d'fhilleadar. Níor bha le toil na mná é acht
ní chreidfeadh a fear ná go raibh coimirce Fhearguis
cumhachtach a dhóthain le hiad do chosaint ar gach guais,
mar ní raibh fear le n-a linn ba ghlaine méin 'na an
Feargus úd.



Conán Maol.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services