Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deagh-Shompla
Title
Deagh-Shompla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 19, 1904 Deagh-Shompla. Tá muinntir Chonnartha na Gaedhilge ag déanamh stuidéir ar a ndícheall ar Stair na hÉireann. Is maith an rud é sin, mar is í an Stair an eochair d'osclóchaidh doras seomra séad an tír-ghrádha. Ní féidir go mbeidh cion againn ar dhuine gan aithne a bheith againn ar dtúis air. Ar léigheamh staire ár dtíre dhúthchais dúinn, táimíd ag cur aithne uirthi, & as an aithne seo tiocfaidh a grádh chughainn gan mearathal. An tír bhocht ná fuil cion ná meas ag a daoinibh uirthi, tá sí caillte. Tá an donas uirthi & ní seasóchaidh sí i bhfad. Ar mhaith linne go n-imtheochadh a leithéid seo de chrích ar ár dtír féin? Féachamis chuige go gcuirfear aithne uirthi. Is iomdha rud ar mhaithe linn is féidir d'fhoghluim a Stair na hÉireann. Tá aon mhúineadh amháin i n-easnamh orainn tar gach nídh eile. Sé an múineadh é sin ná an dúil mhalluighthe i dtroid eatortha féin atá ceangailte riamh do Chlannaibh Gaedheal a laigheadughadh. Is minic do chaill an dúil chéadna so Éire dhúinn. Bhí a fhios go maith ag an eachtrannach é sin. “Dá gcuiridís na Gaedhil seo le chéile,” adeireadh sé leis féin, “ní bheadh éan-bhreith againn ar an láimh uachtair d'fhágháil ortha; cuirimís i gcoinnibh a chéile iad, & nuair a bheidh siad rithte chun anbhfainne, annsoin gheobhaimíd-ne an chaothamhlacht ortha, & cuirfeam fé chuibhreach is fé ghlás go mear iad.” Dheineadar amhlaidh. Bhídís i gcomhnaidhe ag déanamh an uisce fé thalamh & ghá dhéanamh go haicillidhe leis. Do shleamhnuigh & do thuit na Gaedhil diaidh ar ndiaidh. Do shleamhnuigheadar & do thuiteadar mar níor chuireadar le chéile. D'fhuathuigh- dís a chéile i bhfad níos mó 'ná mar d'fhuathuigheadh éin-treibh aca an fear anall, an té bhí ag déanamh na mios- caire go léir. Acht, a cháirde, tá an téarma so na hanbhfainne is na daorbhruide dhínn le congnamh Dé. D'fhuiling Éire a chion. B'fhéidir go raibh sé tuillte aici is b'fhéidir fós ná raibh. Ag Dia amháin, moladh go deo Leis, atá a fhios. Tá ré nua tagaithe. Tá Éire Óg ag fás. Is mór is fada leo go mbeidh éadach a naoidheantachta díobh aca is éideadh daoine fásta umpa. Cuirimís i dtuiscint dóibh go cruinn, cionnus obair a dhéanamh ar son a dtíre dúthchais, cad é an dream gur chóir dhúinn claoidhe leo & cad é an dream go bhfuil d'fhiachaibh orainn iad a sheachaint. Muna gcuirfeam féin le chéile na bímís ag cuimhneamh ar go mbeadh na daoine a thiocfaidh 'nár ndiaidh pioc níos fearr. Ní bheidh. Acht cuirimís- ne an deagh-shompla, os a gcomhair, i bhfocal & i ngníomh, & leanfaidh siad- san é. Féadfam malairt tuairime a bheith againn, acht i n-ainm Dé, ná cuireadh soin ó chéile sinn i n-éan-rud a raghadh chun leasa ár dtíre.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services