Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deagh-Shompla

Title
Deagh-Shompla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 19, 1904



Deagh-Shompla.



Tá muinntir Chonnartha na Gaedhilge
ag déanamh stuidéir ar a ndícheall ar
Stair na hÉireann. Is maith an rud
é sin, mar is í an Stair an eochair
d'osclóchaidh doras seomra séad an
tír-ghrádha. Ní féidir go mbeidh cion
againn ar dhuine gan aithne a bheith
againn ar dtúis air. Ar léigheamh
staire ár dtíre dhúthchais dúinn,
táimíd ag cur aithne uirthi, & as an
aithne seo tiocfaidh a grádh chughainn
gan mearathal. An tír bhocht ná fuil
cion ná meas ag a daoinibh uirthi, tá
sí caillte. Tá an donas uirthi & ní
seasóchaidh sí i bhfad. Ar mhaith linne
go n-imtheochadh a leithéid seo de chrích
ar ár dtír féin? Féachamis chuige
go gcuirfear aithne uirthi.



Is iomdha rud ar mhaithe linn is
féidir d'fhoghluim a Stair na hÉireann.
Tá aon mhúineadh amháin i n-easnamh
orainn tar gach nídh eile. Sé an
múineadh é sin ná an dúil mhalluighthe
i dtroid eatortha féin atá ceangailte
riamh do Chlannaibh Gaedheal a
laigheadughadh. Is minic do chaill an
dúil chéadna so Éire dhúinn. Bhí a
fhios go maith ag an eachtrannach é sin.
“Dá gcuiridís na Gaedhil seo le
chéile,” adeireadh sé leis féin, “ní
bheadh éan-bhreith againn ar an láimh
uachtair d'fhágháil ortha; cuirimís i
gcoinnibh a chéile iad, & nuair a bheidh
siad rithte chun anbhfainne, annsoin
gheobhaimíd-ne an chaothamhlacht ortha, &
cuirfeam fé chuibhreach is fé ghlás go
mear iad.” Dheineadar amhlaidh.
Bhídís i gcomhnaidhe ag déanamh an
uisce fé thalamh & ghá dhéanamh go
haicillidhe leis. Do shleamhnuigh & do
thuit na Gaedhil diaidh ar ndiaidh. Do
shleamhnuigheadar & do thuiteadar mar
níor chuireadar le chéile. D'fhuathuigh-
dís a chéile i bhfad níos mó 'ná mar
d'fhuathuigheadh éin-treibh aca an fear
anall, an té bhí ag déanamh na mios-
caire go léir.



Acht, a cháirde, tá an téarma so na
hanbhfainne is na daorbhruide dhínn le
congnamh Dé. D'fhuiling Éire a chion.
B'fhéidir go raibh sé tuillte aici is
b'fhéidir fós ná raibh. Ag Dia amháin,
moladh go deo Leis, atá a fhios. Tá
ré nua tagaithe. Tá Éire Óg ag fás.
Is mór is fada leo go mbeidh éadach
a naoidheantachta díobh aca is éideadh
daoine fásta umpa. Cuirimís i
dtuiscint dóibh go cruinn, cionnus
obair a dhéanamh ar son a dtíre
dúthchais, cad é an dream gur chóir
dhúinn claoidhe leo & cad é an dream
go bhfuil d'fhiachaibh orainn iad a
sheachaint.



Muna gcuirfeam féin le chéile na
bímís ag cuimhneamh ar go mbeadh na
daoine a thiocfaidh 'nár ndiaidh pioc
níos fearr. Ní bheidh. Acht cuirimís-
ne an deagh-shompla, os a gcomhair,
i bhfocal & i ngníomh, & leanfaidh siad-
san é. Féadfam malairt tuairime
a bheith againn, acht i n-ainm Dé, ná
cuireadh soin ó chéile sinn i n-éan-rud
a raghadh chun leasa ár dtíre.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services