Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deagh-Shompla
Title
Deagh-Shompla
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Deagh-Shompla</title><author><name type="main">Ní fios</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1904_11_19_06</note> <note type="L">06</note> <note type="B">1904</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1904_11_19_06</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Ní fios</author><title>Deagh-Shompla</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1904</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>An Claidheamh Soluis</span> <lb n="2"/><span>Áth-Cliath, Samhain 19, 1904</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>Deagh-Shompla.</span></p> <lb n="5"/> <lb n="6"/><p><span>Tá muinntir Chonnartha na Gaedhilge</span> <lb n="7"/><span>ag déanamh stuidéir ar a ndícheall ar</span> <lb n="8"/><span>Stair na hÉireann. Is maith an rud</span> <lb n="9"/><span>é sin, mar is í an Stair an eochair</span> <lb n="10"/><span>d'osclóchaidh doras seomra séad an</span> <lb n="11"/><span>tír-ghrádha. Ní féidir go mbeidh cion</span> <lb n="12"/><span>againn ar dhuine gan aithne a bheith</span> <lb n="13"/><span>againn ar dtúis air. Ar léigheamh</span> <lb n="14"/><span>staire ár dtíre dhúthchais dúinn,</span> <lb n="15"/><span>táimíd ag cur aithne uirthi, & as an</span> <lb n="16"/><span>aithne seo tiocfaidh a grádh chughainn</span> <lb n="17"/><span>gan mearathal. An tír bhocht ná fuil</span> <lb n="18"/><span>cion ná meas ag a daoinibh uirthi, tá</span> <lb n="19"/><span>sí caillte. Tá an donas uirthi & ní</span> <lb n="20"/><span>seasóchaidh sí i bhfad. Ar mhaith linne</span> <lb n="21"/><span>go n-imtheochadh a leithéid seo de chrích</span> <lb n="22"/><span>ar ár dtír féin? Féachamis chuige</span> <lb n="23"/><span>go gcuirfear aithne uirthi.</span></p> <lb n="24"/> <lb n="25"/><p><span>Is iomdha rud ar mhaithe linn is</span> <lb n="26"/><span>féidir d'fhoghluim a Stair na hÉireann.</span> <lb n="27"/><span>Tá aon mhúineadh amháin i n-easnamh</span> <lb n="28"/><span>orainn tar gach nídh eile. Sé an</span> <lb n="29"/><span>múineadh é sin ná an dúil mhalluighthe</span> <lb n="30"/><span>i dtroid eatortha féin atá ceangailte</span> <lb n="31"/><span>riamh do Chlannaibh Gaedheal a</span> <lb n="32"/><span>laigheadughadh. Is minic do chaill an</span> <lb n="33"/><span>dúil chéadna so Éire dhúinn. Bhí a</span> <lb n="34"/><span>fhios go maith ag an eachtrannach é sin.</span> <lb n="35"/><span>“Dá gcuiridís na Gaedhil seo le</span> <lb n="36"/><span>chéile,” adeireadh sé leis féin, “ní</span> <lb n="37"/><span>bheadh éan-bhreith againn ar an láimh</span> <lb n="38"/><span>uachtair d'fhágháil ortha; cuirimís i</span> <lb n="39"/><span>gcoinnibh a chéile iad, & nuair a bheidh</span> <lb n="40"/><span>siad rithte chun anbhfainne, annsoin</span> <lb n="41"/><span>gheobhaimíd-ne an chaothamhlacht ortha, &</span> <lb n="42"/><span>cuirfeam fé chuibhreach is fé ghlás go</span> <lb n="43"/><span>mear iad.” Dheineadar amhlaidh.</span> <lb n="44"/><span>Bhídís i gcomhnaidhe ag déanamh an</span> <lb n="45"/><span>uisce fé thalamh & ghá dhéanamh go</span> <lb n="46"/><span>haicillidhe leis. Do shleamhnuigh & do</span> <lb n="47"/><span>thuit na Gaedhil diaidh ar ndiaidh. Do</span> <lb n="48"/><span>shleamhnuigheadar & do thuiteadar mar</span> <lb n="49"/><span>níor chuireadar le chéile. D'fhuathuigh-</span> <lb n="50"/><span>dís a chéile i bhfad níos mó 'ná mar</span> <lb n="51"/><span>d'fhuathuigheadh éin-treibh aca an fear</span> <lb n="52"/><span>anall, an té bhí ag déanamh na mios-</span> <lb n="53"/><span>caire go léir.</span></p> <lb n="54"/> <lb n="55"/><p><span>Acht, a cháirde, tá an téarma so na</span> <lb n="56"/><span>hanbhfainne is na daorbhruide dhínn le</span> <lb n="57"/><span>congnamh Dé. D'fhuiling Éire a chion.</span> <lb n="58"/><span>B'fhéidir go raibh sé tuillte aici is</span> <lb n="59"/><span>b'fhéidir fós ná raibh. Ag Dia amháin,</span> <lb n="60"/><span>moladh go deo Leis, atá a fhios. Tá</span> <lb n="61"/><span>ré nua tagaithe. Tá Éire Óg ag fás.</span> <lb n="62"/><span>Is mór is fada leo go mbeidh éadach</span> <lb n="63"/><span>a naoidheantachta díobh aca is éideadh</span> <lb n="64"/><span>daoine fásta umpa. Cuirimís i</span> <lb n="65"/><span>dtuiscint dóibh go cruinn, cionnus</span> <lb n="66"/><span>obair a dhéanamh ar son a dtíre</span> <lb n="67"/><span>dúthchais, cad é an dream gur chóir</span> <lb n="68"/><span>dhúinn claoidhe leo & cad é an dream</span> <lb n="69"/><span>go bhfuil d'fhiachaibh orainn iad a</span> <lb n="70"/><span>sheachaint.</span></p> <lb n="71"/> <lb n="72"/><p><span>Muna gcuirfeam féin le chéile na</span> <lb n="73"/><span>bímís ag cuimhneamh ar go mbeadh na</span> <lb n="74"/><span>daoine a thiocfaidh 'nár ndiaidh pioc</span> <lb n="75"/><span>níos fearr. Ní bheidh. Acht cuirimís-</span> <lb n="76"/><span>ne an deagh-shompla, os a gcomhair,</span> <lb n="77"/><span>i bhfocal & i ngníomh, & leanfaidh siad-</span> <lb n="78"/><span>san é. Féadfam malairt tuairime</span> <lb n="79"/><span>a bheith againn, acht i n-ainm Dé, ná</span> <lb n="80"/><span>cuireadh soin ó chéile sinn i n-éan-rud</span> <lb n="81"/><span>a raghadh chun leasa ár dtíre.</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services