Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scolaidheacht Cheart
Title
Scolaidheacht Cheart
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 01, 1904 Scolaidheacht Cheart San obair mhóir atá le déanamh againn annso i nÉirinn is beag rud is fearr a chuidigheann linn 'ná an t-aos óg a thabhairt suas san tslighe chóir. Níor cheart dúinn a dhearmhad choidhche gur féidir linne ár gclann a thabhairt suas ar aon chuma is maith linn féin. Is linn féin iad & féad- aimíd ár rogha rud a dhéanamh leo. Fágtar fúinn féin iad. Tá cead againn iad a chur ar scoil nó iad a thógaint gan léigheann gan fhoghluim. Acht níor mhian le Gaedhealaibh riamh a gclann a thógaint gan léigheann. Bhí breis mheasa aca ar an léigheann chun beart de'n tsórt soin a dhéanamh. Is dual do Ghaedhealaibh an léigheann a shanntughadh; ná raibh “Oileán na Naomh is na nOllamh” mar ainm ar Bhanba uair? Acht tá léigheann & léigheann ann. Bhí saghas léighinn ag an ngarsún do chaith chughainne spál a Shakespeare an lá fé dheireadh. Ní fuláir nó léigheanta seadh an té léigheann na “Dreadfuls” so pingne a chímíd go flúirseach i mbailtíbh is i gcathrach- aibh na nÉireann. Bheadh sé ar Éire ag an ngarsún céadna luach ualaigh choirce a dhéanamh suas. Is minic a casadh orainn féin garsúin a chuirfeadh síos go cruinn duit ar shléibhtíbh na nIndiach is nach gcualaidh trácht riamh ar Shliabh Mis ná ar Shliabh Ruadh. Is baoghlach go bhfuil rian an léighinn beag- thairbhe seo ar na daoinibh atá suas i nÉirinn indiu. Is beag ortha Éire, & is mór is fada leo go mbíd fásta a ndóthain chun bailiughadh leo féin aisti is chun dul fé dhéin na nIndiach nó tíortha mí-nádurtha dhá samhail. Is baoghlach linne gur orainn féin is cóir urmhór de mhilleán na nídhthe seo a chur. Ní thugaimíd aire do'n earradh a gheibhid an t-aos óg ar scoil. Deintear dearmhad ar Éirinn ann. Deintear faillighe i Stair na tíre & i n-éachtaibh na ndaoine idir laochraibh is eile a tháinig romhainn. Muna bhfuighidh an t-aos óg scolaidheacht cheart, scolaidheacht náisiúnta, is suarach is fiú dhúinn bheith ag casadh le hÉire a chur ar a bonnaibh arís. Cuirtear treo ar an tslait faid a bhíonn sí óg is fásfaidh sí amhlaidh, & “an tslat a chruadhann le haois is deacair í shníomh 'na gad.” Táthar ag obair ar an slighe cheart i mBaile an Róistigh, i gCorcaigh. Do cuireadh craobh de Chonnradh na Gaedh- ilge ar bun i measc na mac léighinn ann an tseachtmhain seo ghaibh tharainn. Do thógadar ainm oireamhnach ar an gcraoibh leis: craobh Mhíchíl Uí Chléirigh. Do cuireadh i dtuiscint do na macaibh léighinn cad é an gníomh a dhein Mícheál Ó Cléirigh an “Bráthair bocht d'Órd San Phroinséis.” Tá mórán déanta ar son na Gaedhilge cheana féin i gColáiste na gCapaichíneach, acht táid á chur rómpa breis a dhéanamh i gcaith- eamh na bliadhna so chughainn. Ní baoghal dóibh an fhaid a bheidh an tAthair Augustín ar an stiúir aca. Tá na coláistí Gaedhealacha ag dul i dtreise is i líonmhaireacht, is i méid leis. Cabhróchaidh Gaedhil leis an ndream a chabhruigheann leo. Dia libh, a Choláistí na nGaedheal!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services