Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scolaidheacht Cheart

Title
Scolaidheacht Cheart
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Deireadh Fóghmhair 01, 1904



Scolaidheacht Cheart



San obair mhóir atá le déanamh
againn annso i nÉirinn is beag rud
is fearr a chuidigheann linn 'ná an
t-aos óg a thabhairt suas san tslighe
chóir. Níor cheart dúinn a dhearmhad
choidhche gur féidir linne ár gclann a
thabhairt suas ar aon chuma is maith
linn féin. Is linn féin iad & féad-
aimíd ár rogha rud a dhéanamh leo.
Fágtar fúinn féin iad. Tá cead
againn iad a chur ar scoil nó iad a
thógaint gan léigheann gan fhoghluim.
Acht níor mhian le Gaedhealaibh riamh a
gclann a thógaint gan léigheann. Bhí
breis mheasa aca ar an léigheann chun
beart de'n tsórt soin a dhéanamh. Is
dual do Ghaedhealaibh an léigheann a
shanntughadh; ná raibh “Oileán na
Naomh is na nOllamh” mar ainm ar
Bhanba uair?



Acht tá léigheann & léigheann ann.
Bhí saghas léighinn ag an ngarsún do
chaith chughainne spál a Shakespeare
an lá fé dheireadh. Ní fuláir nó
léigheanta seadh an té léigheann na
“Dreadfuls” so pingne a chímíd
go flúirseach i mbailtíbh is i gcathrach-
aibh na nÉireann. Bheadh sé ar Éire
ag an ngarsún céadna luach ualaigh
choirce a dhéanamh suas. Is minic a
casadh orainn féin garsúin a chuirfeadh
síos go cruinn duit ar shléibhtíbh na
nIndiach is nach gcualaidh trácht riamh ar
Shliabh Mis ná ar Shliabh Ruadh. Is
baoghlach go bhfuil rian an léighinn beag-
thairbhe seo ar na daoinibh atá suas i
nÉirinn indiu. Is beag ortha Éire, &
is mór is fada leo go mbíd fásta a
ndóthain chun bailiughadh leo féin aisti
is chun dul fé dhéin na nIndiach nó
tíortha mí-nádurtha dhá samhail.



Is baoghlach linne gur orainn féin
is cóir urmhór de mhilleán na nídhthe seo
a chur. Ní thugaimíd aire do'n earradh
a gheibhid an t-aos óg ar scoil.
Deintear dearmhad ar Éirinn ann.
Deintear faillighe i Stair na tíre &
i n-éachtaibh na ndaoine idir laochraibh
is eile a tháinig romhainn. Muna
bhfuighidh an t-aos óg scolaidheacht
cheart, scolaidheacht náisiúnta, is
suarach is fiú dhúinn bheith ag casadh
le hÉire a chur ar a bonnaibh arís.
Cuirtear treo ar an tslait faid a
bhíonn sí óg is fásfaidh sí amhlaidh, &
“an tslat a chruadhann le haois is
deacair í shníomh 'na gad.”



Táthar ag obair ar an slighe cheart
i mBaile an Róistigh, i gCorcaigh. Do
cuireadh craobh de Chonnradh na Gaedh-
ilge ar bun i measc na mac léighinn
ann an tseachtmhain seo ghaibh tharainn.
Do thógadar ainm oireamhnach ar an
gcraoibh leis: craobh Mhíchíl Uí Chléirigh.
Do cuireadh i dtuiscint do na macaibh
léighinn cad é an gníomh a dhein Mícheál
Ó Cléirigh an “Bráthair bocht d'Órd
San Phroinséis.” Tá mórán déanta
ar son na Gaedhilge cheana féin i
gColáiste na gCapaichíneach, acht táid
á chur rómpa breis a dhéanamh i gcaith-
eamh na bliadhna so chughainn. Ní
baoghal dóibh an fhaid a bheidh an tAthair
Augustín ar an stiúir aca. Tá na
coláistí Gaedhealacha ag dul i dtreise
is i líonmhaireacht, is i méid leis.
Cabhróchaidh Gaedhil leis an ndream a
chabhruigheann leo. Dia libh, a Choláistí
na nGaedheal!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services