Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Chéad Choláiste Gaedhealach
Title
An Chéad Choláiste Gaedhealach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meadhon Fóghmhair 10, 1904 An Chéad Choláiste Gaedhealach. Féadfar a rádh feasta ar éan-chuma go bhfuil coláiste amháin againn ar a laighead atá Gaedhealach amuigh 's amach. Sin é Coláiste Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Do chuireadar críoch le gnó na bliadhna so ann an tseachtmhain seo ghaibh tharainn. Bhí an scoil ar siubhal ar feadh dhá mhí agus i gcaitheamh na haimsire seo bhí, do réir mar air- ighmíd, suas le deichneabhar is trí fichid ag foghluim ann. Is maith an toradh é sin ar obair aon dá mhí amháin. Acht n-a dhiaidh-san is uile, ní raibh ann acht tosnughadh. Is gearr a raghaidh an méid sin múinteóirí ar an mbearnain a líonadh. Tá gábhadh le múinteóirí Gaedhealacha i ngach cúinne dhen tír agus beidh an scéal n-a fruise- fraise againn riamh is coidhche go mbeidh oiread díobh “i bhfuirm 's i bhfaobhar” againn is do líonfaidh an bhearna. Do chuir Fearghus agus a chuideachta cloch mhaith bhuinn síos i mbliadhna. Tiomáinidís leó ag cur cloch den tsaghas chéadna síos, agus ní baoghal don bhearnain. An bhliadhain seo chughainn cuiridís dhá chloich ar chloich na bliadhna so, fé mar a dhéanfadh deagh-shaor. Tá an chéad bharra istigh againn. A léightheóir an bhfeacaís riamh giota de réidhe shléibhe á shaothrughadh? Obair dhian chruaidh is éadh é. Tá mórán tsaothair is beagán tairbhe i ndán don té thriaileann é. Acht tar éis an chéad bharra a bhaint de, má thugtar ceart dó, is gearr a bhíonn ag dul i bhfeabhas. Sin é dálta an chéad choláiste seo na nGaedheal. B'éigin tosnughadh ar réidhe shléibhe na Gaedhealtacht. B'éigin oibriughadh go dian agus go fadálach. Agus is é rud is mó chuireann iongnadh orainne a fheabhas is atá an chéad bharra. Seadh tá an chéad choláiste Gaedh- ealach ar bun, buidheachas le Dia. Gaedhil do chuimhnigh air. Gaedhil a chuir ar bun é. Gaedhil a chothuigh é. Teanga na nGaedheal a bhí á múineadh is á labhairt ann. Ní beag soin. Badh chóir go mbeimís buidheach dhen gcomhaltas a ghaibh do láimh é stiúrughadh. Agus is dual dúinn a bheith buidheach dhe sna daoinibh gur thuit urmhór de dhuadh na hoibre ortha, an tAthair Ó Murthuile, Dochtúir Ó Dálaigh, Fearghus, Conán, Tadhg Ó Scannail agus an chuid eile aca. Tá Éire buidheach dhíobh. Ní dócha go n-iarrfaidís duais ní ba mhó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services