An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meadhon Fóghmhair 10, 1904
An Chéad Choláiste
Gaedhealach.
Féadfar a rádh feasta ar éan-chuma
go bhfuil coláiste amháin againn ar a
laighead atá Gaedhealach amuigh 's
amach. Sin é Coláiste Bhéal Átha an
Ghaorthaidh. Do chuireadar críoch le
gnó na bliadhna so ann an tseachtmhain
seo ghaibh tharainn. Bhí an scoil ar
siubhal ar feadh dhá mhí agus i gcaitheamh
na haimsire seo bhí, do réir mar air-
ighmíd, suas le deichneabhar is trí
fichid ag foghluim ann. Is maith an
toradh é sin ar obair aon dá mhí
amháin.
Acht n-a dhiaidh-san is uile, ní raibh
ann acht tosnughadh. Is gearr a
raghaidh an méid sin múinteóirí ar an
mbearnain a líonadh. Tá gábhadh le
múinteóirí Gaedhealacha i ngach cúinne
dhen tír agus beidh an scéal n-a fruise-
fraise againn riamh is coidhche go
mbeidh oiread díobh “i bhfuirm 's i
bhfaobhar” againn is do líonfaidh an
bhearna. Do chuir Fearghus agus a
chuideachta cloch mhaith bhuinn síos i
mbliadhna. Tiomáinidís leó ag cur
cloch den tsaghas chéadna síos, agus ní
baoghal don bhearnain. An bhliadhain
seo chughainn cuiridís dhá chloich ar chloich
na bliadhna so, fé mar a dhéanfadh
deagh-shaor.
Tá an chéad bharra istigh againn. A
léightheóir an bhfeacaís riamh giota de
réidhe shléibhe á shaothrughadh? Obair
dhian chruaidh is éadh é. Tá mórán
tsaothair is beagán tairbhe i ndán don
té thriaileann é. Acht tar éis an chéad
bharra a bhaint de, má thugtar ceart
dó, is gearr a bhíonn ag dul i bhfeabhas.
Sin é dálta an chéad choláiste seo na
nGaedheal. B'éigin tosnughadh ar
réidhe shléibhe na Gaedhealtacht. B'éigin
oibriughadh go dian agus go fadálach.
Agus is é rud is mó chuireann iongnadh
orainne a fheabhas is atá an chéad
bharra.
Seadh tá an chéad choláiste Gaedh-
ealach ar bun, buidheachas le Dia.
Gaedhil do chuimhnigh air. Gaedhil a
chuir ar bun é. Gaedhil a chothuigh
é. Teanga na nGaedheal a bhí
á múineadh is á labhairt ann. Ní beag
soin. Badh chóir go mbeimís buidheach
dhen gcomhaltas a ghaibh do láimh é
stiúrughadh. Agus is dual dúinn a
bheith buidheach dhe sna daoinibh gur thuit
urmhór de dhuadh na hoibre ortha, an
tAthair Ó Murthuile, Dochtúir Ó
Dálaigh, Fearghus, Conán, Tadhg Ó
Scannail agus an chuid eile aca. Tá
Éire buidheach dhíobh. Ní dócha go
n-iarrfaidís duais ní ba mhó.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11