An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meadhon Fóghmhair 10, 1904
An Chéad Choláiste
Gaedhealach.
Féadfar a rádh feasta ar éan-chuma
go bhfuil coláiste amháin againn ar a
laighead atá Gaedhealach amuigh 's
amach.  Sin é Coláiste Bhéal Átha an
Ghaorthaidh.  Do chuireadar críoch le
gnó na bliadhna so ann an tseachtmhain
seo ghaibh tharainn.  Bhí an scoil ar
siubhal ar feadh dhá mhí agus i gcaitheamh
na haimsire seo bhí, do réir mar air-
ighmíd, suas le deichneabhar is trí
fichid ag foghluim ann.  Is maith an
toradh é sin ar obair aon dá mhí
amháin.
Acht n-a dhiaidh-san is uile, ní raibh
ann acht tosnughadh.  Is gearr a
raghaidh an méid sin múinteóirí ar an
mbearnain a líonadh.  Tá gábhadh le
múinteóirí Gaedhealacha i ngach cúinne
dhen tír agus beidh an scéal n-a fruise-
fraise againn riamh is coidhche go
mbeidh oiread díobh “i bhfuirm 's i
bhfaobhar” againn is do líonfaidh an
bhearna.  Do chuir Fearghus agus a
chuideachta cloch mhaith bhuinn síos i
mbliadhna.  Tiomáinidís leó ag cur
cloch den tsaghas chéadna síos, agus ní
baoghal don bhearnain.  An bhliadhain
seo chughainn cuiridís dhá chloich ar chloich
na bliadhna so, fé mar a dhéanfadh
deagh-shaor.
Tá an chéad bharra istigh againn.  A
léightheóir an bhfeacaís riamh giota de
réidhe shléibhe á shaothrughadh?  Obair
dhian chruaidh is éadh é.  Tá mórán
tsaothair is beagán tairbhe i ndán don
té thriaileann é.  Acht tar éis an chéad
bharra a bhaint de, má thugtar ceart
dó, is gearr a bhíonn ag dul i bhfeabhas.
Sin é dálta an chéad choláiste seo na
nGaedheal.  B'éigin tosnughadh ar
réidhe shléibhe na Gaedhealtacht.  B'éigin
oibriughadh go dian agus go fadálach.
Agus is é rud is mó chuireann iongnadh
orainne a fheabhas is atá an chéad
bharra.
Seadh tá an chéad choláiste Gaedh-
ealach ar bun, buidheachas le Dia.
Gaedhil do chuimhnigh air.  Gaedhil a
chuir ar bun é.  Gaedhil a chothuigh
é.  Teanga na nGaedheal a bhí
á múineadh is á labhairt ann.  Ní beag
soin.  Badh chóir go mbeimís buidheach
dhen gcomhaltas a ghaibh do láimh é
stiúrughadh.  Agus is dual dúinn a
bheith buidheach dhe sna daoinibh gur thuit
urmhór de dhuadh na hoibre ortha, an
tAthair Ó Murthuile, Dochtúir Ó
Dálaigh, Fearghus, Conán, Tadhg Ó
Scannail agus an chuid eile aca.  Tá
Éire buidheach dhíobh.  Ní dócha go
n-iarrfaidís duais ní ba mhó.