Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bhliadhain atá Chughainn
Title
An Bhliadhain atá Chughainn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Fóghmhair 3, 1904 AN BHLIADHAIN ATÁ CHUGHAINN Seadh, tá an tOireachtas tharainn. Tá deireadh go fóillín le bruid is le greithileán is le hullmhughadh. Tá feiseanna móra Chonnacht agus Mhumhan i leath-taoibh. Sin críoch mar adéarfá ar shaothar na bliadhna againn. Agus cia déarfaidh ná fuilimíd tagaithe go maith chun cinn tar éis na bliadhna. Do chuireamar Scoil Mhúinteóireacht ar bun i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gcóir Chúige Mumhan. Tá gach éin-deallramh air gur gairid go bhfeicfar scoil eile ar bun i gCúige Chonnacht. Fuairea- mair cead oideachais dhá theangan ins na scoileanna náisiúnta i n-indeóin a ndíchill ón mBórd. Do bhí an bhliadhain seo ghaibh tharainn linn ar gach cuma. Do dheineamair obair is tá iarsmaí na hoibre le feiscint go soiléir indiu. Anois ó tá beagán suaimhnis againn b'éidir nár bhfearra dhúinn rud a dhéan- faimís ná tamall a chaitheamh ag féachaint romhainn is ag smaoineamh cad é an taobh dhen cheist gur mó go bhfuil gábhadh le n-a shaothrughadh i rith na bliadhna atá chughainn. Ní féidir ean- taobh di a dhearmhad; tá gábhadh le saothar, le dian-tsaothar, ar gach puinnte, acht n-a dhiaidh-san, má chuiri- míd puinnte nó a dó romhainn i gcóir na bliadhna agus claoidhe leó-san go duthrachtach, ní baoghal ná go mbéidh céim eile ar aghaidh tugaithe againn bliadhain an dtaca so arís. Cad iad na rudaí is mó go bhfuil gábhadh le n-a ndéanamh? Ná bímís ár mealladh féin & a rádh go bhfuiltar ag tosnughadh ar an nGaedhilg a labhairt arís ins na ceann- tair atá leath-Ghaedhealach. Níl'tar. Ná bíodh aon dalla-phúicín orainn n-a thaobh soin de. Tá an sean-nós ar siubhal go buachach fós n-a measc, na daoine fásta agus an Ghaedhilg ar áilneacht aca ag labhairt drabhfhuigheal droch-Bhéarla leis an aos óg. Pé mí- fhortún atá ar na sean-daoine úd ní chuirfadh madraidhe Sheáin is Dáith iad ag labhairt Gaedhilge le n-a gcloinn is le clann a gcloinne. Níor mhór féachaint chuige seo. Agus níl oiread agus badh cheart dá dhéanamh ins na scoileanna leis. Ní'l na máighistrí ábalta ar an ngnó a dhéanamh n-a cheart, nidh nach tógtha ortha. Ní bhfuaireadar an tabhairt suas chuige. Acht tá cleith-ailpín an Oideachais dá theangan i láimh an Chonnradh anois & féacham cad é an bhearna a leagfaid trí shluaighte námhad na Gaedhilge i rith na bliadhna. Ní fuláir fhiachaibh a chur ar an mBórd an tOidea- chas dhá theangan a chur ar bun i ndáiríribh ins na ceanntair Gaedhealacha. Ní fuláir fhiachaibh a chur ortha máighistrí a sholáthar a bheidh abálta ar oideachas dhá theangan a thabhairt uatha. Tá sé riachtanach orainn colláistí na máighis- trí a mhúscailt de phreib agus a innsint dóibh go neamh-thláthmhar is go neamh- spleadhach cad é seo go bhfuil Éire ag braith air uatha. Sin obair bhliadhna dhúinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services