Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bhliadhain atá Chughainn

Title
An Bhliadhain atá Chughainn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Fóghmhair 3, 1904



AN BHLIADHAIN ATÁ
CHUGHAINN



Seadh, tá an tOireachtas tharainn.
Tá deireadh go fóillín le bruid is le
greithileán is le hullmhughadh. Tá
feiseanna móra Chonnacht agus Mhumhan
i leath-taoibh. Sin críoch mar adéarfá
ar shaothar na bliadhna againn. Agus
cia déarfaidh ná fuilimíd tagaithe go
maith chun cinn tar éis na bliadhna. Do
chuireamar Scoil Mhúinteóireacht ar
bun i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gcóir
Chúige Mumhan. Tá gach éin-deallramh
air gur gairid go bhfeicfar scoil eile
ar bun i gCúige Chonnacht. Fuairea-
mair cead oideachais dhá theangan ins
na scoileanna náisiúnta i n-indeóin a
ndíchill ón mBórd. Do bhí an bhliadhain
seo ghaibh tharainn linn ar gach cuma.
Do dheineamair obair is tá iarsmaí na
hoibre le feiscint go soiléir indiu.



Anois ó tá beagán suaimhnis againn
b'éidir nár bhfearra dhúinn rud a dhéan-
faimís ná tamall a chaitheamh ag
féachaint romhainn is ag smaoineamh cad
é an taobh dhen cheist gur mó go bhfuil
gábhadh le n-a shaothrughadh i rith na
bliadhna atá chughainn. Ní féidir ean-
taobh di a dhearmhad; tá gábhadh le
saothar, le dian-tsaothar, ar gach
puinnte, acht n-a dhiaidh-san, má chuiri-
míd puinnte nó a dó romhainn i gcóir
na bliadhna agus claoidhe leó-san go
duthrachtach, ní baoghal ná go mbéidh céim
eile ar aghaidh tugaithe againn bliadhain
an dtaca so arís. Cad iad na rudaí is
mó go bhfuil gábhadh le n-a ndéanamh?



Ná bímís ár mealladh féin & a rádh
go bhfuiltar ag tosnughadh ar an
nGaedhilg a labhairt arís ins na ceann-
tair atá leath-Ghaedhealach. Níl'tar.
Ná bíodh aon dalla-phúicín orainn n-a
thaobh soin de. Tá an sean-nós ar
siubhal go buachach fós n-a measc, na
daoine fásta agus an Ghaedhilg ar
áilneacht aca ag labhairt drabhfhuigheal
droch-Bhéarla leis an aos óg. Pé mí-
fhortún atá ar na sean-daoine úd ní
chuirfadh madraidhe Sheáin is Dáith iad
ag labhairt Gaedhilge le n-a gcloinn is
le clann a gcloinne. Níor mhór
féachaint chuige seo.



Agus níl oiread agus badh cheart
dá dhéanamh ins na scoileanna leis.
Ní'l na máighistrí ábalta ar an ngnó
a dhéanamh n-a cheart, nidh nach tógtha
ortha. Ní bhfuaireadar an tabhairt
suas chuige. Acht tá cleith-ailpín an
Oideachais dá theangan i láimh an
Chonnradh anois & féacham cad é an
bhearna a leagfaid trí shluaighte námhad
na Gaedhilge i rith na bliadhna. Ní fuláir
fhiachaibh a chur ar an mBórd an tOidea-
chas dhá theangan a chur ar bun i ndáiríribh
ins na ceanntair Gaedhealacha. Ní
fuláir fhiachaibh a chur ortha máighistrí
a sholáthar a bheidh abálta ar oideachas
dhá theangan a thabhairt uatha. Tá sé
riachtanach orainn colláistí na máighis-
trí a mhúscailt de phreib agus a innsint
dóibh go neamh-thláthmhar is go neamh-
spleadhach cad é seo go bhfuil Éire ag
braith air uatha. Sin obair bhliadhna
dhúinn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services